Na tosaithe a fhaigheann an moladh de ghnáth, ach aithnítear i gcónaí tábhacht na leathchúlaithe san iomáint

Ó John Keane na nDéise go dtí Diarmaid Byrnes, Declan Hannon agus Kyle Hayes Luimnigh, bhí na leathchúlaithe lárnach i gcónaí i mbuanna a bhfoirne

Na tosaithe a fhaigheann an moladh de ghnáth, ach aithnítear i gcónaí tábhacht na leathchúlaithe san iomáint

Ní bhíonn deireadh riamh leis an díospóireacht agus na hargóintí faoi shárfhoirne na hiomána. Bíonn foireann na bliana á roghnú againn gach séasúr ach caint ann i gcónaí freisin ar an bhfoireann is fearr le deich mbliana anuas, foireann na ré nó foireann an chéid fiú.

Is minic freisin díospóireacht faoi na línte difriúla ar pháirc na himeartha. De ghnáth, dírítear den chuid is mó ar na tosaithe agus iad á moladh ach, sin ráite, aithnítear i gcónaí tábhacht na líne leathchúil. Bhí an-tábhacht i gcónaí ag baint leis an té a raibh geansaí uimhir a sé á chaitheamh aige agus fiú agus rudaí athraithe chomh mór sin in iomáint na linne seo, tá an-tábhacht ag baint leis an ngeansaí agus an líne sin go fóill.

Nuair a bhí mise i mo bhuachaill óg, chualathas trácht ar Ring, ar Mackey agus ar Rackard. Sular tháinig an teilifís chugainn, bhí na hainmneacha sin againn cé nach bhfaca muid aon duine díobh i mbarr a réime. Taobh amuigh de na fathaigh sin, áfach, is ainmneacha na leathchúlaithe láir a bhíodh á gcloisint againn, leithéidí Martin Óg Morrissey agus John Keane Phort Láirge, Tony Wall, Pat Stakelum agus Mick Roche Thiobraid Árann agus Vincent Twomey Chorcaí.

Ansin agus mé ag freastal ar cluichí bhíodh an-mheas agam ar Ger agus Pat Henderson Chill Chainnigh. Bhí laochra eile ann ar nós Ciarán Carey Luimnigh, Ken McGrath na nDéise, Seán Stack an Chláir, Tom agus Jim Cashman Chorcaí agus Liam Dunne Loch Garman a sheas go minic sa bhearna bhaoil dá gcontae chomh maith.

Ar na foirne a bhuaigh na duaiseanna móra, bhíodh línte leathchúil acu i gcónaí a sheas amach agus a bhí ábalta do na hócáidí ba mhó.

Bhí líne leathchúil iontach ar fhoireann bhuacach Luimnigh i 1973, – Phil Bennis, Eamonn Cregan agus Seán Foley.

Nuair a bhí an Ghaillimh i barr a réime déanach sna hochtóidí, a leithéid de líne leathchúil a bhí acu le Pete Finnerty, Tony Keady agus Gerry McInerney. Ansin nuair a tháinig Uíbh Fhailí chun tosaigh roinnt blianta ina dhiaidh sin, bhí líne leathchúil thar a bheith ábalta agus cumasach acu le Brian Whelahan, Martin Rigney agus Kevin Martin. D’imríodar le chéile i dtrí cinn de chluichí ceannais na hÉireann agus bhí an bua acu faoi dhó, i 1994 agus 1998.

Dar ndóigh, ar fhoireann bhuacach an Chláir sna nóchaidí bhí sár-imreoirí acu sa líne chéanna, Liam Doyle, Seánie McMahon agus Anthony Daly. Ansin ag tosach na mílaoise nuair a bhí Corcaigh ag imirt agus ag buachan craobhacha na hÉireann, bhí an-líne leathchúil acu le John Gardiner, Ronan Curran agus Seán Óg Ó hAilpín. Is beag uair sna blianta idir 2003-2006 nár sheas an líne sin an fód i gcoinne pé freasúra a bhí ina gcoinne.

I ré órga Chill Chainnigh idir 2006-2010 bhí scoth na n-imreoirí sa líne leathchúil acu, Tommy Walsh, Brian Hogan agus JJ Delaney. Dar ndóigh is dócha go bhfaigheadh Walsh agus Delaney áit ar shárfhoireann in aon ré.

Faoi láthair, seasann Diarmaid Byrnes, Declan Hannon agus Kyle Hayes amach mar aonad thar a bheith ábalta ar fhoireann den scoth Luimnigh.

Níl aon dabht ach go bhfuil cuid mhaith imreoirí fágtha amach agam agus níl aon dabht ach an oiread nach n-aontóidh chuile dhuine le cuid de mo roghanna ach mo roghanna féin atá iontu agus seasaim leo.

Fág freagra ar 'Na tosaithe a fhaigheann an moladh de ghnáth, ach aithnítear i gcónaí tábhacht na leathchúlaithe san iomáint'

  • jpmorley0@gmail.com

    Fearaibh arda láidre scafánta miotalacha a bhíonn ag teastáilt don líne leathchúil sin go háirithe, mo thuairim. Féach leathchúlaithe Luimnigh, cuir i gcás:
    6’4″, 6’4″ & 6’6″. D’fhéadfadh gach duine acu sin bungaló a phéinteáil GAN dréimire. Agus ‘sé an dáltha céanna ag gach imreoir eile acu é! Seans go mbeadh bosca nó stól beag éigint ag teastáilt ó dhuine nó beirt i gcomhair binn an tí, áfach!!