‘Ná téigh thar an Spidéal gan smaoineamh ar phost ansin’ – teachtaireacht do mhuintir Chonamara

Deir Barry Comerford atá ina Phríomhfheidhmeannach ar cheann de na comhlachtaí is mó a thugann fostaíocht i nGaeltacht Chonamara nach mbíonn ciall i gcónaí leis an sodar i dtreo na n-ollscoileanna

‘Ná téigh thar an Spidéal gan smaoineamh ar phost ansin’ –  teachtaireacht do mhuintir Chonamara

Barry Comerford. Pictiúr: Youtube

“Cuimhnigí ar na buntáistí a bheadh ag baint le printíseachtaí ceirde seachas a bheith dírithe an iomarca ar na coláistí”.

Sin an moladh do thuismitheoirí agus daltaí Chonamara a bhí ag Barry Comerford, atá ina Phríomhfheidhmeannach ar cheann de na comhlachtaí is mó a thugann fostaíocht i nGaeltacht Chonamara, Cambus-Freudenberg sa Spidéal. Tá sé i gceist go mbeidh 170 duine ag obair sa chomhlacht sin faoi dheireadh na bliana seo. Teastaíonn 40 le cois ann anois mar go bhfuil méadú ar an nglaoch atá ar tháirgí an chomhlachta ar fud an domhain.

Déanann Cambus-Freudenberg earraí atá ina mbunábhar d’fheadáin (stents) a úsáidtear mar thaca leis an gcroí agus orgáin eile sa gcolainn. Tugann na táirgí as ionad an chomhlachta i mBaile an tSagairt sa Spidéal saol agus sláinte do dhaoine ar fud na cruinne.

Tá Barry Comerford ag súil go gcuirfidh tuilleadh daoine as Conamara suim sna postanna i Cambus-Freudenberg. “As an ceantar thart air 20% den fhoireann faoi láthair,” a deir Barry Comerford. “D’fháilteoinn roimh thuilleadh.”

Thug Údarás na Gaeltachta tacaíocht don fhorbairt is deireanaí atá fógartha ag comhlacht Cambus-Freudenberg agus tá Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh ag súil go dtiocfaidh tuilleadh daoine as an gceantar mórthimpeall ag obair ann.

“Tá súil agam go gcuirfidh daoine as Conamara suim sna postanna nua seo i Cambus-Freudenberg,” a deir Ó hÉanaigh. “Níl an Spidéal achar an-mhór ó áit ar bith i nGaeltacht Chonamara agus bheinn ag súil go dtapódh daoine an deis fostaíochta atá sa gcomhlacht seo. Sílim go bhfuil deiseanna anseo do dhaoine as Cois Fharraige, Ceantar na nOileán, Ros Muc agus Iorras Aithneach.”

Leagann Micheál Ó hÉanaigh béim ar na cláracha oiliúna agus ar na scileanna atá sa gcomhlacht. “Tugtar deis do dhaoine tuilleadh staidéir a dhéanamh agus a dhul ar aghaidh agus caighdeán ard scileanna a fháil,” a deir Ó hÉanaigh.

Tugann Cambus-Fredenburg oiliúint theicniúil i dtionscal na n-earraí leighis a fhágann go mbeidh an té a bhfuil suim aige ann in ann ardcháilíochtaí a bhaint a mbeidh glacadh leo go hidirnáisiúnta sa tionscal. Tugtar deis d’fhostaithe sa gcomhlacht a dhul thrí chóras printíseachta agus saortar ón obair iad le freastal ar thréimhsí oiliúna. Chomh maith leis sin tugtar am saor ón obair do dhaoine – gan laghdú ar a bpá – i gcásanna áirithe le dhul i mbun staidéar ollscoile i ngnéithe de riaradh an chomhlachta. “Íocann muid as sin,” a deir Barry Comerford.

Tá Barry Comerford ina chathaoirleach ar Chóras Oiliúna Innealtóireachta Thionscal na nEarraí Leighis agus tá luí láidir aige leis an teoiric ar a dtugtar an “KOLB System”. I mbeagán focal is ionann sin agus ceangal láidir idir an oiliúint agus praiticiúlacht na hoibre.

Le trí bliana déag anuas tá ceangal déanta ag Cambus le bunscoileanna agus le meánscoileanna as Bearna siar go Cois Fharraige. Téann daoine atá ag obair sa tionscal chuig na scoileanna agus tugann siad cúrsaí eolais i dtaca leis na múinteoirí.

An bhfuil mórán daoine óga áitiúla tagtha ag obair leo ina dhiaidh sin uilig.

“Tá roinnt tagtha ach bhí súil againn go mbeadh sé níos fearr,” a deir Barry Comerford.

Creideann Comerford nach bhfuil an branda a cuireadh ar obair mhonarchan i gConamara san aimsir a caitheadh ag cuidiú leis an scéal. Ach, níl ansin ach eireaball beag d’ábhar atá i bhfad níos forleithne, dar leis.

Mar fhiontraí, mar fhostóir agus mar shaineolaí ar chúrsaí oiliúna, creideann Barry Comerford go dteastaíonn athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí oideachais agus oibre. “Tá an iomarca daoine óga ag dul i dtreo cúrsaí ollscolaíochta,” a deir sé, “mar tá sé sa bhfaisean anois.” Ceapann sé gur mó sásamh agus gur mó tairbhe a bhainfeadh cuid mhaith daoine as an saol oibre dá gcloífidís leis na mianta nádúrtha atá acu. “Tá daoine ann a bhfuil scil acu lena gcuid lámha; is breá an rud é. Tá daoine ann ar fearr leo obair fhisiciúil agus a bhíonn lánsásta le lá oibre ar an gcaoi sin. Sin é an saol dóibhsean – saol breá.”

Luann Comerford staitistic a deir sé a ’speánann nach bhfuil an sodar i dtreo na n-ollscoileanna ciallmhar, go minic. “Teipeann, nó fágann 30% de na mic léinn a théann leis an innealtóireacht sna coláistí sa tír seo an staidéar sin tar éis bliana.”

As Cillín Chaoimhín i gcontae Chill Mhantáin é Barry Comerford. Oifigeach Airm a bhí ann i dtosach sular chuir sé lámh i gcúrsaí gnó. In 2006 a thosaigh sé féin agus John Farraghar an comhlacht Cambus. Rinne siad ceangal le Freudenburg, comhlacht mór Gearmánach in 2013. Díoladh leath na scaireanna leosan. “D’oibrigh an socrú thar cionn,” a deir Comerford. “Bhí muid in ann na dreamanna uilig – Údarás na Gaeltachta ina measc – a íoc ar ais go maith agus go tairbheach.”

Fiontraí é Comerford ach deir sé nár fhoghlaim sé an bealach saoil sin. “Creidim nach féidir leat fiontraíocht a mhúineadh do dhuine. Sílim gur rud éigin é atá ag brúchtaíl taobh istigh sa duine a bhfuil féith na fiontraíochta ag baint leis nó léi.”

Anois, beidh dhá scór post eile ar fáil sa Spidéal de bharr fiontraíocht Barry Comerford.

Admhaíonn sé go mbeidh sé sách deacair na daoine a fháil ach go n-éireoidh leis ar deireadh. “Tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh fostaithe aniar as Conamara,” a deir sé.

Fág freagra ar '‘Ná téigh thar an Spidéal gan smaoineamh ar phost ansin’ – teachtaireacht do mhuintir Chonamara'

  • Seán Mac Bhriain

    Cuireann sé cantal orm nuair a bhíonn na ‘fiontraithe móra’ seo ag rá le daoine gan a dhul ar ollscoil. Ní insíonn siad riamh cé mhéad uair a chlis orthu féin ná cén t-airgead a chaill siad. Ní insíonn siad cén chaoi ar éirigh leo an ‘break’ a fháil … Ní insíonn siad faoi na céadta agus mílte duine a chaill a dteach (agus a raibh fadhbanna níos measa ná sin acu) mar gheall ar a dhul in amhantar. Le gach ‘fiontraí mór’ a n-éiríonn leo, tá na céadta agus na mílte a thriáil é agus ar theip orthu. Cén dochar do dhuine trí bliana a chaitheamh ar choláiste? Cén fáth gur míbhuntáiste a bheadh ansin? Nó an bhfuiltear ag iarraidh muintir na tuaithe a choinneáil ina dtuataigh?

  • Dónall

    Alt ciallmhar..nì fheileann an 3adh leibhéal chuile dhuine. Deiseanna iontacha printíseacha ann anois & ciall ag an òige na deiseanna sin a thapù. Tá na scileanna sin uainn sna Gaeltachtaí agus coinneoidh siad an òige ina gceantar fèin màs sin is dual dòibh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Aontaím le Barry. I bhfad an iomarca béim ar ollscoileanna. Ní fheileann modhanna teagaisc na n-ollscoileanna do sciar suntasach na ndaltaí a théann ag an tríú leibhéal.

    Tá grádú na scoileanna dara leibhéal bunaithe go hiomlán ar an líon daltaí a eiríonn leo áit a fháil in ollscoil! Céard faoin meas céanna a léiriú do na scoileanna le líon ard daltaí ag fáil printíseachtaí. Ba mhaith an rud é níos mó áiseanna a chur ar fáil do na scoileanna le ábhair praicticiúla a mhúineadh.

    An Ardteist mar, cuid den fhadhb: tá curaculaim na gnath Ardteiste ró acadúil agus níl aon mheas ar an Ardteist Fheidhmiúil. Theastódh athbhradáil iomlán a dhéanamh air agus aitheantas a fháil dhó.

    Agus muid ag iarraidh go leor tithe a thógáil le freastal ar an éileamh tithíochta, níl dóthain daoine ar fáil sna ceird éagsúla a theastaíonn ón tionscail tógála. Cén fáth? Tá an iomarca daoine óga maithe, nach bhfeileann an acadúlacht dóibh, ag dul isteach sna hollscoileanna in áit dul le printíseachtaí. Cuid mhaith acu, titeann siad amach th’éis cúpla mí.

    Dá ndéanfaí printíseachtaí níos tarraingtí, b’fhéidir go mbeadh níos mó daoine sásta dul sa treo sin.

  • Seán Mag Leannáin

    An-áthas orm é seo a léamh faoi Barry. Rugadh é anseo i gCillín Chaoimhín agus bhí aithne mhaith agam ar a thuismitheoirí Seán agus Nóra agus ar a sheantuismitheoirí chomh maith. Muintir ghnaíúla a bhí iontu ar fad, go ndéana Dia a mhaith orthu. Bheidís an-bhródúil as Barry gur éirigh chomh maith sin leis i gcúrsaí gnó i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag féachaint ar an grianghraf anseo is é pictiúr a athar Seán (nach maireann) é Barry. Treise leat, a Bharry.