Ná tabhair Diarmuid agus Gráinne ar phríomhcharachtair d’úrscéil…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: céard iad na gnéithe arbh fhiú do scríbhneoir cuimhneamh orthu agus ainm á roghnú aige do charachtar ficseanúil?

Ná tabhair Diarmuid agus Gráinne ar phríomhcharachtair d’úrscéil…

Nomen est omen.

An drámadóir grinn ón tSean-Róimh, Plautus, a dúirt agus ba aige a bhí an ceart.

Fiú mura dteastaíonn ó scríbhneoir tréith phearsantachta éigin a thuar le hainm carachtair fhicseanúil, is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an léitheoir ar a mhíle dícheall teacht ar bhrí cheilte éigin.

Ar an gcúis sin, b’fhiú do scríbhneoir a mhachnamh a dhéanamh i gceart sula mbaistfidh sé ainm ar charachtar ar bith – mioncharachtair san áireamh.

Seo iad na rudaí ba chóir a chur san áireamh agus ainm á roghnú do charachtar ficseanúil, dar liom:

  1. Má bhíonn carachtar bunaithe ar dhuine san fhíorshaol, ná bíodh a (h)ainm cosúil le hainm an duine sin ar aon bhealach. (Ná smaoinigh, fiú amháin, ar Ghaelú a dhéanamh ar ainm Béarla, nó an bealach eile timpeall.)
  2. Ba cheart go n-oirfeadh an t-ainm d’aois agus do chúlra an charachtair. (An dtabharfadh lánúin hipíthe ‘Josepha’ nó ‘Maurice’ ar a gclann?)
  3. Bíodh an t-ainm neamhchoitianta go leor le go bhfanfaidh sé in aigne an léitheora, ach ná bíodh sé chomh neamhchoitianta sin go meallfaidh sé aird an léitheora ón scéal. (Fan áit éigin sa raon idir ‘Laoise’ agus ‘Lasairfhíona’ agus beidh tú togha.)
  4. Bí cúramach le hainmneacha a luaitear le carachtair fhicseanúla iomráiteacha, carachtair mhiotaseolaíochta san áireamh. (Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an scríbhneoir as Sasana a bhaist ‘Diarmuid’ agus ‘Gráinne’ ar phríomhcharachtair a húrscéil gan aon bhaint a bheith ag an bplota le Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.)
  5. Ainm ón iasacht? Seachain steiréitíopaí! (Ná tabhair ‘Jan’ ar Ollannach fir toisc gurb é sin an chéad ainm a rithfeadh leat.)
  6. Ainm ón iasacht? Bíodh an léitheoir in ann é a rá ina aigne féin! (B’aoibhinn liom féin ‘Xexéo’ a bhaisteadh ar charachtar san úrscéal atá idir lámha agam agus atá lonnaithe sa Bhrasaíl, ach nílim ag iarraidh tuisle a bhaint as teanga léitheoirí nach mbeadh rialacha foghraíochta na Portaingéilise ar a dtoil acu.)
  7. Conspóideach, seans, ach tharla gur mhol foilsitheoir Gaeilge dom féin ainm carachtair a athrú ar an gcúis seo: ar mhaithe le sothuigtheacht an téacs do léitheoirí nach mbeadh an teanga go hiomlán ar a dtoil acu, seachain ainmneacha Gaeilge a bhfuil leaganacha neamhrialta acu sa tuiseal gairmeach agus sa tuiseal ginideach, leithéidí ‘Fiach’ agus ‘Cian’ (nó leithéidí ‘Fhéich’ agus ‘Chéin’ ba chóir dom a rá ar ndóigh, agus voilàan ‘fhadhb’.)

Ach ag deireadh an lae, ba chóir go n-oirfeadh an t-ainm don charachtar féin. Cuir ceist air nó uirthi i d’aigne: an maith leat an t-ainm a bhaist mé ort? (Is ea, tá tú á léamh sin i gceart.) Más ‘ní maith’ an freagra a gheobhaidh tú, ná cloígh leis an ainm sin agus fan i do thost tamall. Gach seans go mbeidh moladh i bhfad níos fearr ag an gcarachtar féin in am trátha (nuair a bheidh tú díreach tar éis suí ar an leithreas nó ag bailiú na bpáistí ón scoil – sin é an chaoi a n-oibríonn na rudaí seo.)

Fág freagra ar 'Ná tabhair Diarmuid agus Gráinne ar phríomhcharachtair d’úrscéil…'