Ná tabhair aon aird ar pholaiteoirí a deir nach dtugann siad aon aird ar phobalbhreitheanna

Is cinnte go mbíonn aird ag polaiteoirí ar phobalbhreitheanna a bhaineann lena bpríomhimní: coinneáil suíocháin Dála. Agus tá an scéal céanna inste i ngach pobalbhreith

7/11/2012 Childrens Referendums Campaigns
Rogha chinniúnach b’fhéidir rompu? Pictiúr: Photocall Ireland

Is léir do mhórán le tamall an t-athrú ar an léargas polaitiúil a fheicfear tar éis an olltoghcháin. Tá an scéal céanna inste i ngach pobalbhreith. Níl seans ar bith ann, de réir na fianaise a chuir gach suirbhé ar fáil dúinn, go mbeidh an comhrialtas reatha i gcumhacht arís.

Ar a shon sin, tá ábhair sóláis, dóchais agus imní fós ag na páirtithe go léir.

Fine Gael

“Athróidh feabhsú eacnamaíochta gach rud, dearcadh na vótóirí orainne san áireamh” – tá comhairle mar seo tugtha do chúlbhinseoirí ag Enda Kenny agus ag airí eile le breis agus bliain.

Mair, a chapaill, agus gheobhair féar, i bhfocail eile, agus ciall leis an gcomhairle, Bhí fianaise a chuir bonn faoin tairngreacht sa méadú cúig phointe a tháinig ar thacaíocht an pháirtí sa phobalbhreith a foilsíodh Déardaoin.*

Ba chóir go neartódh meas an phobail ar an bpáirtí arís de réir mar a neartóidh an geilleagar idir seo agus an toghchán, MÁ sheachnaítear botúin idir an dá linn. Ní beag an ‘má’ é. Ní gá ach cuimhneanmh ar chúrsaí uisce.

Fainic: tá bearna mhór fós idir an meas ar Fhine Gael a léiríodh ceithre bliana ó shin (féach thíos) agus tacaíocht an pháirtí faoi láthair. Mura bhfeabhsóidh cúrsaí go mór, caillfidh an páirtí deich suíochán Dála ar a laghad, agus suas le 25, b’fhéidir.

Olltoghchán 2011: 36.1 faoin gcéad. Anois: 24 faoin gcéad.

An Lucht Oibre

Tá gach cosúlacht ar gach suirbhé go dtabharfaidh vótóirí buille chomh láidir don pháirtí agus a tugadh d’Fhianna Fáil i 2011. Ní mhaithfear na geallúintí nár comhlíonadh, agus ní léir go n-éistfear le cosaint ar ar tharla; mar shampla, go raibh ar an Lucht Oibre margadh a dhéanamh le páirtí níos mó tar éis an olltoghcháin, agus nach féidir gach geallúint a chomhlíonadh i gcomhréiteach dá leithéid.

Cuideoidh feabhsú eacnamaíochta leis an bpáirtí, gan dabht, ach tá mórchailliúint suíochán ag bagairt orthu. Mar is léir ó na figiúirí.

Olltoghchán 2011: 19.4 faoin gcéad. Anois: a seacht faoin gcéad.

Fianna Fáil

Ní bhíonn cuimhne vótóirí cothrom, ná an breithiúnas á thugann siad ar pháirtithe éagsúla. Féach, mar shampla, ar a neamhshuim, ó thaobh tacaíochta de, i ngach ceist a bhaineann le rudaí a rinne daoine móra le rá i Sinn Féin roimhe seo (féach thíos).

Ní hionann in aon chor a ndearcadh gan trua ar Fhianna Fáil. Gan dabht, tá an páirtí lag ó thaobh ionadaíocht Dála de. Ach is é bun agus barr na faidhbe nach bhfuil an pobal toilteanach fós maithiúnas a thabhairt don pháirtí a bhí i gceannas sa tír le linn tubaistí 2008-10.

Beidh breis suíochán ag an bpáirtí mar sin féin tar eis an olltoghcháin, mar gheall ar roghnú cúramach iarrthóirí. Ina dhiaidh sin beidh rogha chinniúnach b’fhéidir rompu: comhrialtas nó comhréiteach dosheachanta de chineál éigin le Fine Gael.

Olltoghchán 2011: 17.4 faoin gcéad. Anois: 17 faoin gcéad.

Sinn Féin

Is léir an dul chin cinn atá déanta ag an bpáirtí ó 2011, agus ba chóir a chinntiú go mbeidh Sinn Féin níos mó ná páirtí ar bith eile ach amháin Fine Gael tar éis an olltoghcháin.

Gan amhras, cuirfear diancheisteanna ar Shinn Féin idir seo agus lá na vótála faoin gcaoi a n-íocfaí as cealú taillí uisce agus cealú cáin ar réadmhaoin. Is é sin, dá mbeidís i gcumhacht. Ní féidir a bheith cinnte fós faoin tionchar a bheas ag a neamhthoil dul i gcomhrialtas ina mbeadh an lámh in uachtar ag Fine Gael nó ag Fianna Fáil ar thacaíocht an pháirtí.

Mar sin féin, deimhníonnn a bhfuinneamh, a ndíograis agus míshásamh forleathan le páirtithe eile go mbeidh cóir ghaoithe leo le linn fheachtas an olltoghcháin.

Olltoghchán 2011: 9.9 faoin gcéad. Anois: 24 faoin gcéad.

* Is i bpobalbreith Ipsos/MRBI a foilsíodh san Irish Times Déardaoin atá na figiúirí go léir atá faoi chaibidil agam.

Roghanna comhrialtais, agus na páirtithe is dóichí a bheas páirteach ann, a phléitear thuas. Fillfidh mé ar thacaíocht na bpáirtithe eile agus na neamhspleách (28 faoin gcéad) amach anseo.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidio a hAon.

 

Fág freagra ar 'Ná tabhair aon aird ar pholaiteoirí a deir nach dtugann siad aon aird ar phobalbhreitheanna'

  • padraig o donnchu

    Focal on tread: ‘Baaaaaaaaaaaaaaaaaaaa’

  • Mise Áine

    @Ní bhíonn cuimhne vótóirí cothrom…neamhshuim, ó thaobh tacaíochta de

    Tá an méid sin tugtha faoi deara agam féin, a Chathail. Beidh le feiceáil…