An tSualainn v An Ísiltír
Lyon, 8.00pm
Is í foireann na hÍsiltíre rogha na n-údar do chluiche leathcheannais na hoíche anocht idir iad féin agus an tSualainn ach ní chuirfidh sé sin isteach mórán ar na Lochlannaigh.
Bua gan choinne a bhí acu nuair a d’éirigh leis an tSualainn an ceann is fearr a fháil ar Cheanada i mBabhta a 16 agus baineadh siar as go leor daoine nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an nGearmáin sa bhabhta ceathrú ceannais de Chorn an Domhain na mBan ag an deireadh seachtaine.
De réir rangú FIFA, is í foireann na Sualainne an ceann is laige atá fágtha sa chomórtas de réir rangú FIFA, tá siad sa naoú háit, ach is iontach an spreagadh a thabharfaidh na torthaí atá bainte amach acu go dtí seo dóibh.
Is mór an t-údar dóchais an cumas a léirigh Stina Blackstenius sna babhtaí díbeartha go dtí seo. Níor scóráil an tosach sna trí chluiche a d’imir sí i nGrúpa F ach d’aimsigh sí cúl an bhua sa chluiche i gcoinne Cheanada agus ba í a d’aimsigh an cúl cinniúnach i gcoinne na Gearmáine Dé Sathairn seo caite.
Beidh na Sualannaigh ag súil go mbeidh seans acu arís tráthnóna, go háirithe nuair nach raibh na hÍsiltírigh i mbarr a maitheasa go dtí seo sa Fhrainc.
Bhuaigh an Ísiltír craobh na hEorpa cúpla bliain ó shin agus cé go bhfuil gach cluiche sa chomórtas go dtí seo buaite acu, meastar go bhfuil tuilleadh fós iontu.
Thóg sé uair an chloig orthu dul i bhfeidhm ar an gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne na hIodáile ach tháinig an-fheabhas orthu ina dhiaidh sin. Cé nach raibh Vivianne Miedema ag imirt go maith, d’éirigh leis an tosach an chéad chúl sa chluiche a scóráil tar éis 70 nóiméad agus d’aimsigh Stefanie Van der Gragt ceann eile deich nóiméad ina dhiaidh sin.
Tháinig an dá chúl sin ó chiceanna saora a bhuail Sherida Spitse isteach sa chearnóg agus is mó cúl atá cruthaithe ag Spitse ná aon imreoir eile sa chomórtas seo. Tá na hÍsiltírigh fós ag fanacht ar shárchluiche ó Lieke Martens, a roghnaíodh mar an t-imreoir is fearr ar domhan in 2017. Chomh fada agus a bheidh Spitse agus Miedema i mbarr a maitheasa, ba cheart go mbeadh an Ísiltír rómhaith don tSualainn.
Fág freagra ar 'Na Sualannaigh ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an Ísiltír'