Na spéaclaí gréine is fearr agus is faiseanta

Roghnaíonn ár gcomhfhreagraí sé phéire spéaclaí gréine nua a dhéanfaidh an beart mar ‘ráiteas faisin’ agus mar chosaint súl

Na spéaclaí gréine is fearr agus is faiseanta

Tá an samhradh buailte linn agus é in am dul ar thóir péire nua spéaclaí gréine. Tá siad riachtanach in amanna le dallrú na gréine a chosc ach má tá muid macánta linn féin caithfidh muid a admháil gur mar ‘ráiteas faisin’ is mó a shantaíonn muid spéaclaí gréine seachas leis na súile a chosaint.

Níos minice ná a mhalairt is sáite sa ngruaig ar mhullach ár gcinn a bhíonn siad ag go leor againn. Cinnte, is buntáiste mór iad agus duine ag tiomáint faoi sholas láidir na gréine nó i do luí ar thrá shamhraidh ach níl amhras ar bith ach gur maith linn iad thar aon ní eile mar mhaisiúchán ar fheisteas samhraidh. Tá feidhm eile leo freisin a bhíonn tábhachtach anois is arís – na súile a chur i bhfolach ar maidin tar éis oíche dheireanach!

Réalta Hollywood beagnach 100 bliain ó shin a thug stádas faiseanta do spéaclaí gréine ar dtús, iad á gcaitheamh le lucht leanúna a sheachaint nó lena chinntiú nach n-aithneofaí go héasca iad. Ach d’aithin lucht leighis an riachtanas a bhí leo mar chosaint súl dóibh siúd a raibh cónaí orthu ina áiteanna ina raibh aimsir ghrianmhar go rialta.

Tionscal ollmhór idirnáisiúnta anois é dearadh agus táirgeadh spéaclaí gréine. Tá na mílte dearadh difriúil ar fáil ar rogha mhór praghsanna, ó phinginí beaga go dtí na céadta euro. Athraíonn an bhéim agus an stíl go minic agus ní leor na cinn a ceannaíodh blianta ó shin más mian le duine a bheith chun cinn ó thaobh stíle agus faisin de.

Chuaigh mé ag lorg cuid de na leaganacha is nuaí atá ar an margadh faoi láthair agus seo iad na sé cinn a roghnaigh mé.

Spéaclaí gréine scáthánacha atá bunaithe ar stíl ‘So Real’ de chuid Dior ar dhath an airgid ó River Island ar €17.00

Tá lionsaí ciorclacha, atá go mór sa bhfaisean faoi láthair, sna spéaclaí gréine scáthánacha seo ó New Look ar €11.99

Súile an chait a spreag an dearadh ar na cinn dhubha seo a bhfuil dath an airgid ar chaol na sróine ar fáil ar €15.95 ó Mango

Dath bhlaosc na toirtíse atá ar an bpéire seo agus dearadh nuálach orthu ó & Other Stories ar €29

Tugtar ‘High Key’ ar na cinn seo a dhear réalta de chuid YouTube Desi Perkins i gcomhar le Quay Australia agus fáil orthu ar €68.00 ó Topshop

Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129

Fág freagra ar 'Na spéaclaí gréine is fearr agus is faiseanta'

  • Moire

    Sea ach ca’il an ghrian?