‘Ná spárálaigí an t-adhmad, a bhuachaillí’ – laochra iomána Chonamara

Rinneadh ceiliúradh san oíche Dé hAoine seo caite ar ghaiscí Chumann Iomána an Spidéil a bhuaigh Craobhacha Iarthar na Gaillimhe trí bliana as a chéile, 1968-1970,

‘Ná spárálaigí an t-adhmad, a bhuachaillí’ – laochra iomána Chonamara

Iarimreoirí an Spidéil agus iarimreoir na Gaillimhe John Connolly ag an oíche cheiliúrtha sa Droighneán Donn Dé hAoine seo caite. Pic: Seán Ó Mainnín

Nuair a bhreathnaím amach sa bhfuinneog is faide ó thuaidh sa teach ina bhfuil mé i mo chónaí tá feiceáil bhreá agam ar an ngiodán talún as ar fáisceadh athbheochan na hiomána i bparóiste an Spidéil beagán os cionn trí scór go leith bliain ó shin. Bhí an cluiche láidir sa gceantar ag tús an chéid seo caite, ach fearacht go leor áiteacha eile sa tír d’fhág an imirce gur thit cumann na háite as a chéile i dtús na 1930idí.

As an méid atá ráite agam, ní milleán duit a cheapadh go bhfuil amharc as mo theach ar cheann den bheagán garraí i gCois Fharraige atá leibhéalta agus gur beag cloch atá ann. Sin nó go bhfuil mé le hais an chriathraigh, áit ar imríodh peil agus iomáint go leor i gConamara ar phaistí portaigh a bhí chomh draenáilte agus go raibh fás féir orthu.

Bheadh dul amú ort sa dá chás.

Stráice de bhóthar tarra an radharc atá romham nuair a bhíonn mé i mo sheasamh ag airdeall amach agus mo chupáinín tae i mo lámh agam – an príomhbhealach siar as Cathair na Gaillimhe go Ceann Gólaim.

An R336 atá baiste inniu air, ‘Bóthar an Rí’ a bhí againne mar ghasúir air agus is minic a chloisim ‘an bóthar mór’ nó an ‘príomhbhóthar’ luaite lena leithéid sa lá atá inniu ann – ní baileach gur aithris ar an mBéarla uilig é sin déarfainn, ach aitheantas go bhfuil sé tagtha sa saol go bhfuil tarra agus tithe go leor anois ar áiteacha nach raibh iontu ach bóithríní agus cosáin sa tseanaimsir.

Cé nach bhfuil an giodán bóthair atá i gceist agam ach tuairim is sé mhéadar ar a leithead tá sé chomh díreach le slat ghunna ón am a mbaileoidh tú an casadh ag ceann thoir Dhumhach Mhór an Spidéil go dtiocfaidh tú chomh fada le Coláiste Chonnacht.

Ar an ngiota de atá idir bun Bhóithrín Bhaile an Domhnalláin agus Siopa Standúin a thagadh na hiománaithe le chéile maidin Dé Domhnaigh agus mise i m’óige.

Anois díreach, chomhair mé 30 gluaisteán ag dul an bealach céanna in imeacht aon nóiméad amháin – péire nó mar sin acu a théadh an bóthar agus na hiománaithe ag cleachtadh fadó tráthnónta Domhnaigh idir 2pm agus 4pm, a dúirt comharsa liom le gairid agus bhí sé in ann a inseacht cé mba leis an péire sin.

Ba as Baile Liam, Baile an Domhnalláin, Baile an tSagairt, An Sídheán Rua, an Coilleach, Baile an tSléibhe agus an Pháirc na báireoirí a bhíodh ag cleachtadh na tráthnónta sin ar an bpíosa bóthair s’againne.

Níos faide siar ag Crosbhóthar na Céibhe nó Ceann Bhóthar Bhoth Chuanna, bhíodh buíon eile as Sráidbhaile an Spidéil agus as ceann thiar an pharóiste i mbun imeartha agus ba as cluiche dúshláin a imríodh idir an dá dhream Lá Coille 1951 a tháinig athbhunú Chumann Iománaíochta an Spidéil.

Thug an t-athbhunú sin deis iomána ní amháin do bháireoirí an pharóiste ach freisin dóibh siúd arbh as ceantair eile iad nach raibh aon fhoireann iománaíochta iontu. B’in an fáth nuair a rinneadh ceiliúradh san oíche Dé hAoine seo caite ar ghaiscí Chumann Iomána an Spidéil a bhuaigh Craobhacha Iarthar na Gaillimhe trí bliana as a chéile, 1968-1970, go raibh cúpla duine as ceantar na nOileán, an Cheathrú Rua agus as Paróiste an Chnoic orthu siúd ar tugadh onóir dóibh.

Cluiche ceannais Iarthar na Gaillimhe 1958 inar sháraigh iománaithe an Spidéil foireann as Rathún i nDroichead an Chláirín an cluiche iomána is faide siar i mo chloigeann. B’in freisin an chéad chraobh riamh a bhuaigh siad agus tá cuimhne ghléineach agam ar chuid mhaith den ócáid, ógánach ocht mbliana d’aois ag cuimhneamh an dtiocfadh an lá go deo nuair a bheadh sé chomh láidir, fearúil, misniúil le Coisdealbhaigh Bhaile an Domhnalláin, muintir Neachtain Bhaile an tSagairt a chuir díon ar theach a athar, nó Mikeen ‘Tex’ Ó Droighneáin a thugadh an postas agus nuachtáin an lae chuig an scoil.

Bliain roimhe bhí Tex ar an gcéad duine as Cumann an Spidéil a chaith geansaí na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh – i gCluiche Ceannais Sóisearach na hÉireann in aghaidh Luimnigh, cluiche inar buadh ar Ghaillimh agus an chuid ba mhó den mhilleán le leagan ar chlubanna a bhí in árach a chéile seachas a bheith ar mhaithe lena gcontae.

Ba é an Droighneánach ár ‘gCú Chulainn’, an oiread sin de chluiche na fuinseoige ina cholainn agus nach raibh aon stró air na déaga de mhílte d’aistear a dhéanamh chomh fada le Rathún ar a rothar chun imirt dóibh siúd nuair nach raibh aon fhoireann ina cheantar dúchais.

Ba iontach an rud é gaiscí Tex, Mhaidhcín Phat Ó Coistealbha. Chiarán Mac an tSaoir agus a gcomrádaithe a thabhairt chun cuimhne Dé hAoine seo caite, ní áirím a bheith i gcomhluadar mo chomhaoiseanna féin agus iad siúd a bhí níos óige agus iad páirteach i 1968-’70.

Ach na cathaoireacha agus na boird a leagan thuas ar an gcuntar sa Droighneán Donn an oíche faoi dheireadh agus cúpla camán agus sliotar a roinnt amach, is beagnach ndéarfainn go ndéanfaí athchruthú ar ‘Bháireoireacht Bhóthar an Rí’.

Bhí Tex ann, buíochas le Dia. Ní raibh ann ach nár dhúirt sé ‘Ná spárálaigí an t-adhmad, a bhuachaillí.’

Dá ndéarfadh ní móide go bhfágfaí fuinneog ar an áit!

Fág freagra ar '‘Ná spárálaigí an t-adhmad, a bhuachaillí’ – laochra iomána Chonamara'