Na socruithe déanta do chluiche leathcheannais na hÉireann iománaithe Mhícheál Breathnach

Tabharfaidh seaimpíní Chonnacht, Mícheál Breathnach as Conamara, aghaidh ar Fhánaithe an Ruiséalaigh as Corcaigh i gcluiche leathcheannais i gCraobh Shóisir Iomána na hÉireann i Luimneach ag tús mhí Eanáir

Na socruithe déanta do chluiche leathcheannais na hÉireann iománaithe Mhícheál Breathnach

Breandán Ó Conghaile (Mícheál Breathnach) ag imirt i gcluiche ceannais Chonnacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh iománaithe na mBreathnach as Conamara ag triall ar Luimneach sa bhliain nua agus na socruithe déanta do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann i gcraobhacha na gclubanna.

Tabharfaidh seaimpíní Chonnacht, Mícheál Breathnach as Conamara, aghaidh ar Fhánaithe an Ruiséalaigh as Corcaigh i gcluiche leathcheannais i gCraobh Shóisir Iomána na hÉireann ag tús mhí Eanáir.

Imreofar an cluiche sin ag 1.30pm i gCill Mocheallóg Dé Domhnaigh, an 5 Eanáir.

Tá na Breathnaigh ag imirt sa bhabhta seo den chéad uair. Bhuaigh an cumann Gaeltachta Craobh Chonnacht mí na Samhna nuair a fuair siad an ceann is fearr ar sheaimpíní Shligigh, Naomh Eoin, sa chluiche ceannais, 1-12 in aghaidh 0-8.

Bhain Fánaithe an Ruiséalaigh áit amach i mbabhta leathcheannais na hÉireann nuair a bhuaigh siad Craobh na Mumhan an deireadh seachtaine seo caite. Fuair siad an bua ar Naomh Muire as Port Láirge, 2-13 in aghaidh 0-11.

Imreofar an cluiche eile sna babhtaí leathcheannais idir seaimpíní Laighean, Seamróga Chonachaidh as Cill Chainnigh, agus seaimpíní Uladh, Eoghan Rua as Doire, an lá roimh chluiche Mícheál Breathnach, Dé Sathairn an 4 Eanáir, in Inis Caoin i gcontae Mhuineacháin.

Coicís ina dhiaidh sin a imreofar cluiche ceannais Chraobh Shóisir Iomána na hÉireann, an 18 Eanáir.

Fág freagra ar 'Na socruithe déanta do chluiche leathcheannais na hÉireann iománaithe Mhícheál Breathnach'