Na socruithe déanta do chluiche ceannais peile mhná Leitir Móir

Ní bheidh cead isteach ach ag lucht féachana 100 duine go dtí an cluiche ach déanfar beoshruthú ar an gcoimhlint idir Naomh Anna agus Mionlach-An Sceachánach

Na socruithe déanta do chluiche ceannais peile mhná Leitir Móir

Tá na socruithe do chluiche mór Naomh Anna, Leitir Móir ar an deireadh seachtaine fógartha ag Cumann Pheil na mBan i nGailliimh.

Imreofar cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí idir Naomh Anna agus Mionlach-An Sceachánach Dé Sathairn beag seo, an 26 Meán Fómhair, ag 4.30i.n. in Uachtar Ard.

Ní bheidh cead isteach ag an gcluiche ach 100 duine mar lucht féachana ach tá sé i gceist beoshruthú a dhéanamh ar an gcluiche ar leathanach Facebook LGFA na Gaillimhe.

Beidh deis ag foireann ban Naomh Anna ar an Satharn áit a bhaint amach sa Chraobh Shinsir tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Thuaim-An Cartún sa bhabhta leathcheannais Dé Sathairn seo caite.

Bua aon phointe amháin a bhí ag Naomh Anna, 1-8 in aghaidh 1-7, agus ba í an t-imreoir idirchontae Sarah Ní Loingsigh a fuair an scór cinniúnach ó chic saor leis an mbuille deireanach sa chluiche.

Níl ach dhá bhliain ann ó bhí mná Leitir Móir ag imirt sa Chraobh Shóisir agus in 2018 a d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Na socruithe déanta do chluiche ceannais peile mhná Leitir Móir'