Na seirbhísí tarrthála tagtha i gcabhair ar dhuine fásta agus ar thriúr páistí amach ó chósta Ghaoth Dobhair

Cé go raibh an aimsir réasúnta maith ag an am, bhí an fharraige ag éirí suaite agus bhí imní go mbuailfí an ceathrar in éadan na gcreagacha

Na seirbhísí tarrthála tagtha i gcabhair ar dhuine fásta agus ar thriúr páistí amach ó chósta Ghaoth Dobhair

Tháinig lucht na seirbhísí tarrthála i gcabhair tráthnóna ar dhuine fásta agus ar thriúr páistí a bhí i dtrioblóid amach ó chósta Ghaoth Dobhair i nDún na nGall tráthnóna inniu, Dé Sathairn.

Fuair an Garda Cósta glaoch ón bpobal ag a 4 a chlog, le rá go raibh ceathrar tonnmharcaithe á séideadh ar shiúl le farraige láidir i dtreo na gcreagacha.

Tharla an eachtra seo idir Inis Oirthir, atá leathmhíle i bhfarraige, agus an mhórthír in aice leis an Ghlasaigh i nGaoth Dobhair.

Tháinig báid tharrthála Oileán Árainn Mhór agus Loch Súilí in Inis Eoghain ar an láthair. In éineacht leo bhí foireann an Gharda Cósta as stáisiún an Bhunbhig agus ingearán an Gharda Cósta.

Cé go raibh an aimsir réasúnta maith ag an am, bhí an fharraige ag éirí suaite agus bhí imní go mbuailfí an ceathrar in éadan na gcreagacha.

Tógadh an ceathrar ar téad as an uisce isteach san ingearán agus tugadh as sin go dtí an mhórthír iad, áit a bhfuil bail mhaith orthu.