Na seirbhísí dóiteáin ar a ndícheall ag iarraidh loscadh sléibhe i gConamara a cheansú

Ag am lóin a thosaigh an tine seo i dTroscaigh Thiar ar chúl Óstán an Twelve i sráidbhaile Bhearna i nGaeltacht na Gaillimhe

Na seirbhísí dóiteáin ar a ndícheall ag iarraidh loscadh sléibhe i gConamara a cheansú

Tá trí aonad ó Sheirbhísí Dóiteáin chathair agus chontae na Gaillimhe ar a ndícheall ag iarraidh loscadh sléibhe i mBearna i gContae na Gaillimhe a cheansú.

Tá an bóthar ó Bhearna ó thuaidh go Maigh Cuilinn dúnta le deis a thabhairt do na seirbhísí éigeandála an tine a chur faoi smacht. Iarrtar ar thiománaithe an ceantar sin a sheachaint go ceann tamaill agus dúradh go bhféadfadh go dtógfadh sé cúpla uair an chloig an tine a mhúchadh ar fad.

Ag am lóin a thosaigh an tine seo i dTroscaigh Thiar ar chúl Óstán an Twelve i sráidbhaile Bhearna. Tá go leor deataigh san aer thart ar na heastát tithíochta sa cheantar sin.

Iarrtar ar mhuintir na háite na doirse agus na fuinneoga a choinneáil dúnta go mbeidh an tine ceansaithe. Tá Gardaí ag an láthair agus daoine á seoladh malairt slí acu. Deir na Gardaí nach bhfuil aon bhaol ann faoi láthair d’aon teach cónaithe agus go bhfuil an lucht éigeandála ag obair go dian ar an tine cé go bhfuil treo na gaoithe ag cur isteach ar an obair. 

An tráthnóna seo, tá ocht n-aonad den Bhriogáid Dóiteáin ag déileáil le tinte in áiteanna éagsúla ar fud an chontae agus is ag géarú atá an t-éileamh ar a gcuid seirbhísí. Ocht n-aonad atá ag an mBriogáid Dóiteáin sa taobh seo: An Cheathrú Rua, Leitir Móir, Glinsce, Carna, Maigh Locha, An Clochán agus Oileáin Árann.

Fág freagra ar 'Na seirbhísí dóiteáin ar a ndícheall ag iarraidh loscadh sléibhe i gConamara a cheansú'