Ná scríobh aon rud rúnda ar chárta poist…

Cé nár choinnigh ár gcolúnaí agus a muintir mórán litreacha, coinníodh roinnt mhaith cártaí poist. Tá sórt stair na clainne iontu…

Ná scríobh aon rud rúnda ar chárta poist…

Deireadh mo mháthair linn i gcónaí nár cheart go mbeadh aon rud rúnda ná príobháideach ar chárta poist. Bhíodh sé sin mar shórt cosaint aici, nuair a bheirtí uirthi ag léamh cárta a cuireadh chuig duine eile den teaghlach.

Ar aon chuma, bhí sé ina nós an-láidir sa chlann s’againne litreacha a ‘chur timpeall’. I bhfad   sular ceapadh an ríomhphost, bhí ‘forward mail’ fréamhaithe go láidir sa chlann. Bhíodh sé ina ábhar magaidh againn go bhfuair duine áirithe litir, a scríobh sí féin an chéad lá, tar éis don litir a dhul timpeall na tíre chuig aintíní éagsúla.

Mhaígh uncail liom, gur chuir mo sheanmháthair tús leis an ríomhaire glúine toisc go mbíodh páiste amháin ar a laghad ar a glúine aici, agus í ag scríobh litreacha.

Scríbhneoirí díograiseacha litreacha mar sin a bhí ionainn ar fad. Litir abhaile gach seachtain, ón scoil chónaithe, ón Ollscoil, ó obair shamhraidh, ó shaoire thar lear, ó imircigh.

Nós é a chleacht muid ar feadh i bhfad agus cé nár coinníodh mórán litreacha, coinníodh roinnt mhaith de na cártaí poist. Sórt stair achomair na clainne. Athraíonn an seoladh de réir mar a d’athraigh cúinsí ag baile. Seoladh an tí…seoladh árasáin…seoladh teach altranais.

‘Greetings from Larnaca…flight from Dam only 1 ½ hours. Back tomorrow.’ Agus í ag dul ‘back’, bhí mo dheirfiúr, a fear céile agus na gasúir ar a mbealach ar ais go Damascus. Cé a bheadh ag smaoineamh ar bhliain a chaitheamh sa tSiria anois- fiú amháin in éineacht le fórsaí na Náisiún Aontaithe?

Bhí roinnt mhaith acu i nGaeilge. An cód a bhí ansin? Nó an rabhamar ag seachaint an léitheora neamhcheadaithe, an aintín a gheobhadh iad mar chuid den ‘phost curtha ar aghaidh’?

‘Chonaiceamar Peadar Óg inniu…jab aige ar feadh cúpla seachtmhain ar a laghad.’ Mo mháthair tite siar ar an seanlitriú agus muid beirt i Londain ar feadh cúpla lá. Í ag scríobh abhaile chuig m’athair. Bhí mo dheartháir ag obair i bpub éigin don samhradh agus chasamar air thall.

Ach, céard é seo ar thaobh eile an chárta ach pictiúr den Phrionsa Séarlas agus Diana? Anois, sin cárta a thugann siar mé. Mé féin is mo mháthair ag siúl thart ar chathair Londan a bhí maisithe don Bhainis Ríoga. Gach fuinneog siopa agus ‘altóir’ i lár báire inti – portráid ollmhór den lánúin agus bláthanna mórthimpeall uirthi. Cosúil le siopaí Bhealach an Doirín le haghaidh Féile Corpus Christi, a dúirt mo mháthair.

Tuilleadh cártaí – an lánúin ríoga arís. Cé a shamhlódh an deireadh a bheadh leis an aisling sin?

‘Is maith an t-anlann an t-ocras.’ Mé féin agus beirt chairde ón scoil ag maireachtáil ar bheagán i bPáras na Fraince ar feadh coicíse. Dhéanadh muid anraith sciobtha ar shorn beag campála, faoi sceach nó crann i bPáirc an Palais Royal. Ach anois is arís ní rabhamar sách sciobtha do ghardaí na páirce.

Lá amháin, ghlac Meiriceánach trua dúinn. Cheannaigh sé burgar agus deoch an duine dúinn. Ar a bhealach abhaile as an Afganastáin a bhí sé. Bhí sean-Volkswagon eastáit aige agus é pacáilte go béal le cótaí ‘Afghan’ le díol ar mhargadh éigin. Sin margadh easpórtála eile atá tite i dtraipisí, déarfainn.

Cuimhním ar an samhradh sin ag obair in óstán an Regent Palace. Scata againn ar thraein ón iarthar ag déanamh ar Dhún Laoghaire agus an bád. Thug fear deas cúnamh dúinn leis na málaí móra troma agus d’fhan linn ansin chun muid a stiúradh chomh fada leis an óstán. D’inis sé dúinn ar an mbealach gur cara leis an bPrionsa Séarlas a bhí ann féin. Shiúil seisean, agus ochtar cailíní aimsire ag sleamhnú isteach ina dhiaidh, caol díreach suas ag an deasc fáiltithe agus d’iarr bainisteoir an óstáin, go húdarásach. Ba ghearr gur díbríodh muid amach go dtí ‘Annex’ na n-oibrithe taobh thiar. ‘We’re in the centre of Soho…an arrow (ar an gcárta) marks the spot.’

Samhradh eile ag rothaíocht sa mBreatain Bheag agus saighead bheag eile ag marcáil an spota a bhfuair muid rothair ar cíos ann. Rothair a bhí go mór sa bhfaisean ag an am le rothaí deasa beaga agus gan orthu ach cúpla giar. Níor dhúirt éinne linn go raibh an Bhreatain Bheag lán le cnoic. Cnoic agus tuilleadh cnoc. Bhíomar maraithe amach. Chomh luath agus a d’fhilleamar ar an mbaile cheannaíomar rothair rásaíochta agus thugamar linn iad go Corn na Breataine an bhliain dár gcionn.

Devon agus Corn na Breataine. Lán le cnoic.

Ach ansin fuaireamar amach go bhféadfá na rothair a thabhairt leat ar an traein. Bhí na rothair an-úsáideach ar ardán na traenach, agus ag iompar na málaí ach b’in an méid rothaíochta a rinneamar. Cartaí ó Polperro agus ó Exeter.

‘An bhfuil cumhacht a láimhe ag Peadar Óg feasta? Fáilte roimh litreacha. Cuir cárta poist deas ón Spidéal chugam agus crochfaidh mé san oifig é’. Saighead eile ar an gcárta seo ag marcáil m’oifig i gCearnóg Trafalgar. Ag obair do chomhlacht mór dlíodóirí i Londain, ag déileáil le huachta daoine saibhre sa gcathair. Ach tá mo bhéal dúnta.

‘Dinnéar an chomharchumainn ar an Satharn…an teach ag dul ar aghaidh.’ 

Bhí an teach i nDoire Locháin Thoir agus mise ag obair i gComharchumann Chois Fharraige. Bhí na comharchumainn an-láidir i ngach ceantar Gaeltachta ag an am agus ba í ócáid mhór na bliana an dinnéar agus an damhsa.

Na Seacht dTeampall in Árainn. ‘Ní chreidfeá an dath atá orm…slua mór cuairteoirí ar an oileán…’ Ach, ag féachaint ar an bpostmharc, cuimhním go raibh mé in ainm is a bheith ag staidéar don chéim an samhradh sin. Ní mórán oibre a rinne mé ar Inis Mór.

Agus glúin nua – ‘Táim ar saoire sna hAlpa- ag snowboardáil sna sléibhte.’

 Tá an nós pioctha suas aige go maith agus faighim cárta uaidh gach áit a dtéann sé ar saoire nó ag obair.

Cheannaigh mé dhá stampa inné do laethanta breithe cairde liom. Ach is fearr an seans gur ar ‘Facebook’ a gheobhaidh siad an chuid is mó de na beannachtaí lae breithe.

Cén mhaith a bheith ag caoineadh imeacht na n-oifigí poist nuair nach n-úsáidimid iad? Imeoidh na híocaíochtaí Leasa Shóisialaigh an bealach céanna ar imigh gach sórt íocaíochta eile – an bealach leictreonach, díreach isteach sna cuntais. Ach mura bhfuilimid ag scríobh ag a chéile le peann is páipéar, ní bheidh aon ábhar clamhsáin againn.

Oifig an Phoist? Marcálann saighead an spota.

Fág freagra ar 'Ná scríobh aon rud rúnda ar chárta poist…'

  • Anne

    Tugann sé back me !