Na socruithe fógartha do chluiche mór na Gaeltachta in aghaidh an Mhaí

Cuireadh an cluiche leathcheannais i gcraobh Idirmheánach Peile na hÉireann ar athló inné agus Páirc Uí Mhórdha fágtha ina greallach ag drochaimsir

Na socruithe fógartha do chluiche mór na Gaeltachta in aghaidh an Mhaí

Is i Staid Semple Dé Sathairn seo chugainn a imreoidh An Ghaeltacht a gcluiche leathcheannais i gcraobh Idirmheánach Peile na hÉireann.

Bhí an Ghaeltacht agus seaimpíní Thír Eoghain, An Maigh, in ainm is aghaidh a thabhairt ar a chéile i bPort Laoise inné ach cuireadh an cluiche ar ceal agus Páirc Uí Mhórdha fágtha ina greallach ag drochaimsir.

Is ag 2.00i.n. a chuirfear tús leis an gcluiche i nDurlas.

Rinne Comhairle Laighean cinneadh go ndéanfaí scrúdú páirce ar Pháirc Uí Mhórdha maidin inné féachaint an mbeadh an dromchla in ann ag dhá chluiche, cluiche na Gaeltachta agus cluiche ceannais Choirn Uí Bhroin idir An Mhí agus An Iarmhí agus thit an oiread sin báistí thar oíche nárbh fhéidir ceachtar den dá chluiche a imirt.

D’fhan imreoirí agus foireann bainistíochta na Gaeltachta in óstán i Luimneach oíche Dé Sathairn agus fuair siad an scéal thart ar a 9.00r.n. inné nach mbeadh an cluiche ar siúl.

Cuireadh a lán cluichí ar ceal ar fud na tíre Dé Domhnaigh de bharr na drochaimsire, an cluiche leathcheannais eile sa Chraobh idirmheánach Peile idir Micheál Mac Laithimh (Ros Comáin) agus Coill an Iarainn (Loch Garman) ina measc.

Agus tús á chur leis na comórtais sraithe idirchontae an deireadh seachtaine seo chugainn, tá cluiche ceannais Choirn Uí Bhroin curtha ar an méar fhada, ach beidh peileadóirí agus lucht leanúna na Gaeltachta agus an Mhaí ag triall ar Dhurlas Dé Sathairn.

Tá an cluiche ceannais sa chomórtas idirmheánach le bheith ar siúl seachtain ón Satharn, an 3 Feabhra, i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'Na socruithe fógartha do chluiche mór na Gaeltachta in aghaidh an Mhaí'