Na scoileanna dara leibhéal ‘is fearr’ sa Ghaeltacht

Tá tábla sraithe de na scoileanna sa Ghaeltacht is mó a chuireann scoláirí ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ar fáil anois

04/06/2014. Leaving Cert exams begin. Leaving cert students at Marian College, Ballsbridge, Dublin, sit their English paper 1 this morning as the exams get under way. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá léargas ar na hiar-bhunscoileanna ‘is fearr’ atá lonnaithe sa Ghaeltacht curtha le chéile ag Tuairisc.ie ó thaighde náisiúnta a rinne an nuachtán The Sunday Times.

Coláiste Íde, coláiste cónaithe do chailíní sa Daingean i gContae Chiarraí, atá ar bharr an liosta. 130 dalta atá ag freastal ar an gcoláiste agus chuaigh 83.7% de dhaltaí ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí príomhinstitiúidí tríú leibhéal na tíre, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig na hollscoileanna amháin a húsaideadh leis an ord fiúntais a shocrú.

Bhí idir ardú agus ísliú le sonrú ar an liosta i measc na scoileanna Gaeltachta. Thit scoileanna áirithe síos chomh fada le 59 áit ón mbliain seo caite ach ba mhó i bhfad an fás ar scoileanna eile.

Is í Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara an scoil Ghaeltachta is mó fás ón mbliain seo caite. Ní raibh an scoil ar liosta na bliana seo caite den cheithre chéad scoil ‘is fearr’ ach léim sé go dtí 168 ar an liosta náisiúnta agus 9 ar liosta na scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Dúirt príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha, le Tuairisc.ie go raibh na céatadáin de scoláirí a bhí ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal ag feabhsú i gcónaí.

“Ní rud mór linne na táblaí sin. Is dóigh go mbíonn daoine ag breathnú orthu; tá ag éirí go maith linn agus is maith an rud é go bhfuil sé sin á léiriú sna táblaí” a dúirt sé.

Tháinig méadú suntasach freisin ar líon na ndaltaí a chuaigh ar aghaidh chuig an tríú leibhéal as Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Léim siad ó 247 go dtí 134 ar an liosta náisiúnta. Sin ardú 113 áit. Dúirt príomhoide na scoile, Noel Ó Gallchóir, ar a lá deireanach i mbun an chúraim sin gur chuir an scéala “lúcháir mhór” air.

Scoileanna lonnaithe sa Ghaeltacht

Screen Shot 2015-08-31 at 19.22.43

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná meánlíon na ndaltaí ón scoil a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2012-13, 2013-14 agus 2014-15.

Áirítear leis sin daltaí a cláraigh le ceann acu seo: na seacht n-ollscoil i bPoblacht na hÉireann; na coláistí oiliúna sa Phoblacht; an RSCI nó an NCAD; cúrsa lánaimseartha fochéime in institiúidí tríú leibhéal i dTuaisceart Éireann; nó aon choláiste tríú leibhéal eile atá á mhaoiniú ag an Stát. Fágadh cúrsaí príobháideacha ar lár.

Ní gá gurb ionann scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus scoil atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge sa tábla seo. Is í an t-iriseoir Kate Butler a bhailigh na staitisticí ar fad don Sunday Times.

Beidh tuairisc ar an fiche Gaelcholáiste ‘is fearr’ sa Stát á fhoilsiú ar Tuairisc.ie amárach.

Fág freagra ar 'Na scoileanna dara leibhéal ‘is fearr’ sa Ghaeltacht'