Na scéalta is mó léamh ar Tuairisc.ie in 2015

Seo iad an 25 scéal is mó léamh ar Tuairisc.ie ó 1 Eanáir go 31 Nollaig 2015

scealta tuairisc 2015

25. Amú san aistriúchán…

Lorg Tuairisc.ie cúnamh ónár léitheoirí chun teacht ar na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí. Foilsíodh an chéad eagrán ag deireadh mhí Eanáir.

24. ‘Tá mo fhoghraíocht chomh maith le do fhoghraíocht!’

An bhfuil pobal teanga eile ar domhan ina mbeadh meas ar iarrachtaí an fhoghlaimeora thar urlabhra an chainteora dúchais? Dúirt ár gcolúnaí i mí Iúil go bhfaigheann sé‘drochbhlas’ ar a lán den Ghaeilge a chloiseann sé.

23. Chomh ‘tinn le pearóid’ de bheith ag éisteacht le Gaeilge a chodail amuigh ar TG4

‘Tá biaiste na caide agus na hiománaíochta ar TG4 ar tí tosú an athuair, ach tá sé in am don stáisiún Gaeilge cúram ceart a dhéanamh den teanga’, a dúirt léirmheastóir teilifíse agus scannán Tuairisc.ie Breandán M Mac Gearailt i mí Eanáir.

22. Príomhoide Choláiste Eoin ‘an-churtha amach’ ag tuairisc mhíchruinn faoin scoil

Bhí daltaí Choláiste Eoin buartha gur cuireadh a scoil in iúl mar áit a bhí “trí chéile, ina raibh daltaí míshona ann agus leatrom á dhéanamh ar dhaoine”, a dúirt príomhoide na scoile Fínín Máirtín i mí Eanáir agus é ag trácht ar thuairisc ‘mhíchruinn’ a scaipeadh faoi cheardlann faoin mbulaíocht homafóbach sa scoil.

21. 10 mbliana fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht de réir taighde nua

I mí Bhealtaine dúirt údair an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 gurbh ionann feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain agus d’Acht na Gaeltachta agus ‘gan aon cheo a dhéanamh’.

20. Aoife agus Liam na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar pháistí i 2014

Odhrán, Róise, Gráinne agus Caolán a chuaigh sa treis dul sa treis ach ba lú an tóir ar na hainmneacha Sorcha, Orlaith, Ciarán agus Colm de réir figiúirí a d’eisigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha i mí Eanáir.

19. Tús á chur le clár lán-Ghaeilge ar 2fm den chéad uair – agus Ed Sheeran ag casadh i nGaeilge ar albam nua!

I nGaeilge amháin a chuireann Bláthnaid Treacy clár na gcairteacha i láthair ar RTÉ 2fm gach Aoine. Idir an dá linn, tugadh le fios do Tuairisc.ie go bhfuil leagan Gaeilge de cheann dá chuid amhrán taifeadta ag Ed Sheeran d’albam nua a thiocfaidh amach le linn Sheachtain na Gaeilge 2016.

18. Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gConamara ar na scoileanna ‘is mó feabhas’, agus ‘meas’ i Luimneach ar an ngaeloideachas

Bhí scoil Ghaeltachta atá ar liosta na scoileanna ‘is mó feabhas’ ar thábla a d’eisigh The Irish Times ag tús mhí na Nollag a léirigh freisin go raibh ‘ag éirí thar barr’ le Gaelcholáiste Luimnigh.

17. ‘Tá sé mínádúrtha Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí, is cuma cé atá sa gcomhluadar!’

Fuarthas i dtuarascáil i mí Lúnasa go mbíonn drogall ar Ghaeilgeoirí comhrá a thosú i nGaeilge go háirithe i gcomhluadar daoine nach bhfuil sí acu. Labhair muid le scata Gaeilgeoirí aitheanta le teann fiosrachta faoina nósanna teanga féin.

16. ‘Let’s make 2016 the year of Irish’ a deir an tAire Heather Humphreys. Tá 16 moladh againn don Aire agus don aos polaitíochta…

“Let’s make 2016 the year of Irish,” a dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys i mí Feabhra. Bhí 16 moladh ag Tuairisc.ie maidir le conas a d’fhéadfaí déanamh amhlaidh.

15. 15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne thú

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Corca Dhuibhne thú? Bhuel, tugann tú ‘na camáin’ ar an iománaíocht agus…

14. Bád Árannach imithe go tóin poill – an cúigear a bhí ar bord tugtha slán

Amach ó chósta Oileán Leodhais a bhí an Iúda Naofa nuair a thosaigh sí ag dul go tóin poill maidin an 20 Eanáir.

13. 15 comhartha gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath thú

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath thú? Bhuel, síleann tú go dtabharfaidh na Dubanna slán an teanga agus…

12. ‘But you speak English,’ sin an freagra a fuair mé ar mo chéad lá den stailc teanga…’

Scríobh an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, i mí an Mhárta, faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus an stailc teanga a chur sí suas i rith Sheachtain na Gaeilge.

11. ‘Ridiculous go gcaithfí stop a chur le hagallamh ar mhaithe le Nuacht, a deir Ray D’Arcy

Dúirt RTÉ gur ‘frustrachas’ le sceidealú seachas leis an bhfeasachán nuachta féin ba chúis leis an dara ráiteas conspóideach ó D’Arcy faoin nuacht Ghaeilge in imeacht míosa.

10. 15 comhartha gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú? Bhuel, teagascann tú rang Gaeilge san oíche saor in aisce ar son na cúise agus…

9. Cuireann nuacht na Gaeilge isteach ar ‘rithim’ a chláir, a deir Ray D’Arcy

Thug D’Arcy le fios ar an aer, i mí Aibreáin, gur aontaigh sé le héisteoir a bhí den tuairim go gcuireann na feasacháin nuachta – a bhíonn á léamh ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta ón stiúideo i gCasla – isteach ar ‘rithim’ an chláir.

8. 15 comhartha gur duine as Gaeltacht Thír Chonaill thú

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Gaeltacht Thír Chonaill thú? Bhuel, labhrann tú Gaeilge ag 75rpm agus…

7. 15 comhartha gur tráchtaire frith-Ghaeilge thú

Cad iad na comharthaí sóirt gur tráchtaire frith-Ghaeilge thú? Bhuel, tugann tú ‘Irish langugae enthusiasts’ ar chainteoirí Gaeilge agus…

6. 12 cineál Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge…

Cé hiad na cineálacha Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge? Seo 12 cineál mar thús…

5. ‘Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding life in this country…’ – ráiteas Heaney scaipthe ar gach scoil sa Stát

Scaip an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ráiteas leis an bhfile Séamus Heaney faoin nGaeilge ar os cionn 720 scoil i mí na Samhna.

4. Raic sa Dáil nuair a dhiúltaigh an Taoiseach ceist a fhreagairt i mBéarla

D’iarr Mick Wallace ar an Taoiseach, i mí an Mhárta, ceist faoi Uachtarán Mheiriceá agus an chogaíocht ladrann (drone warfare) a fhreagairt i mBéarla. Dhiúltaigh an Taoiseach toisc gurbh é ‘Lá na Gaeilge’ é i dTithe an Oireachtais.

3. 15 comhartha gur duine as Conamara thú

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Conamara tú? Bhuel, bíonn tú go maith ag jiveáil agus…

2. ‘Bualadh bos’ don Phríomhoide in áit ‘agóid’ i gColáiste Eoin

Mhínigh príomhoide na scoile Finín Máirtín, ag tionól na maidine 28 Eanáir i gColáiste Eoin, nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach sa scoil mar a tuairiscíodh go forleathan an lá roimhe.

1.Teidil Ghaeilge curtha ar scannáin phornagrafacha ar YouTube

Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh físeáin ina dtaispeántar gníomhaíochtaí éagsúla gnéis á gcrochadh faoi theidil Ghaeilge ag roinnt cainéal ar YouTube. D’imigh an scéal ó Tuairisc.ie chuig an BBC, an Huffington Post, an Daily Mail agus chomh fada leis an Rúis, an Chóiré agus an Indinéis.