Na scéalta Gaeilge is mó agus is conspóidí ó 2015 (6-1)

Cérbh iad na scéalta is mó a tharraing aird agus conspóid i 2015?

6. Na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an Arramara Teoranta ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um shaoráil Faisnéise, tugadh le fios do Bhord an Údaráis go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú” maidir le díol Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada. De réir na gcáipéisí coinneofar na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana. Bhí na socruithe faoin margadh chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird ar 1 Márta 2013 a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe. Léirigh miontuairiscí ó chruinniú eile go ndearna trí chomhlacht eile tairiscintí le Arramara Teoranta a cheannach sa tréimhse ceithre mhí i ndiaidh don bhord cinneadh a dhéanamh an comhlacht feamainne a dhíol le Acadian Seaplants i Márta 2013. Cuireadh in iúl do bhord an Údaráis i mí Iúil 2013 go raibh litir faighte ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Phríomhfheidhmeannach Fiontraíocht Éireann ag léiriú imní faoin díolachán.

Colaiste-Eoin

5. Coláiste Eoin

Chuir pobal an Bhéarla an spéis chéanna is a chuir pobal na Gaeilge sa scéal a bhain le Coláiste Eoin agus an cheardlann ar an maistíneacht homafóbach. Tuairiscíodh go forleathan, agus go míchruinn, gur cuireadh an cheardlann a bhí le reáchtáil sa scoil ar ceal “toisc go rabhthas buartha nach raibh cothrom na féinne á thabhairt do chaon taobh den cheist”.

Tuairiscíodh freisin go raibh sé i gceist ag daltaí Choláiste Eoin agóid a dhéanamh taobh amuigh den scoil ach níor tharla sé riamh. Bhuail daltaí na scoile a mbosa, áfach, ag deireadh thionóil na maidine sa scoil an lá i ndiaidh don scéal a bheith scaipthe ar na meáin Bhéarla, nuair a mhínigh príomhoide na scoile, Finín Máirtín, an scéal dóibh.

Ba í fírinne an scéil í nár cuireadh an cheardlann ar athló mar gheall ar chumarsáid scríofa ó roinnt tuismitheoirí a léirigh a n-imní faoin gceardlann. Tugadh cuireadh do lucht eagraithe na ceardlainne í a reáchtáil le linn na bliana acadúla seo caite.

Bhí príomhoide agus daltaí na scoile an-churtha amach faoin scéal ar fad. Bhí na daltaí buartha gur cuireadh a scoil in iúl ar na meáin agus ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas mar áit a bhí “trí chéile, ina raibh daltaí míshona ann agus leatrom á dhéanamh ar dhaoine”, agus an príomhoide míshásta gur thug an grúpa a bhí leis an gceardlann a thabhairt, ShoutOut, le tuiscint ar a suíomh idirlín agus do na meáin go raibh an cheardlann curtha ar ceal, nuair is curtha ar athló a bhí sí.

Dúirt Máirtín gur cuireadh an cheardlann ar athló toisc gur “ródhéanach” a chuaigh an scéal amach chuig tuismitheoirí go raibh a leithéid beartaithe agus mar gur chuir “seisear nó seachtar” tuismitheoirí a n-imní faoi chuairt ShoutOut in iúl don scoil.

Dúirt eagarthóir Tuairisc.ie Seán Tadhg Ó Gairbhí gur “éagóir” a bhí déanta ar Choláiste Eoin in alt a scríobh sé ar an ábhar le linn na conspóide.

4. Ráiteas eisithe ag iar-aire Gaeltachta faoi líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis

D’eisigh an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey ráiteas faoi líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis atá curtha i leith iar-aire rialtais inar shéan sé go tréan agus go diongbháilte go raibh aon bhaint aige lena leithéid d’iompar. Dúirt sé go raibh sé i dteideal na dea-cháile ach go mbeadh sé ag seasamh ar leataobh óna ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil agus ó na cúraimí poiblí eile atá air, ina measc Cathaoirleacht Bhord Ghlór na nGael. Dúirt sé nach raibh a fhios aige an leis féin a bhain na líomhaintí a tháinig chun solais i dtuairisc nuachta chonspóideach ar an Irish Independent agus gur dá dheoin féin agus le ‘croí trom’ a bhí an ráiteas á thabhairt aige. Thug sé le fios gur tuigeadh dó go raibh a ainm á lua leis na líomhaintí agus go raibh sé “trína chéile” nuair a ghlaoigh iriseoirí air faoin scéal. Bhí “imní” chomh maith air, a dúirt sé, faoi ráitis a luadh leis na Gardaí i dtuairiscí sna meáin. Tuairiscíodh san Irish Independent Dé Céadaoin go raibh an Garda Síochána ag fiosrú líomhaintí a rinne bean mar gheall ar iar-aire rialtais.

eircode

3. Conspóid Eircode

Ní le bliain anuas a tosaíodh an obair ar Eircode, córas nua na gcód poist a thug an Roinn Cumarsáide isteach in 2015. Ba sa bhliain 2008 a thosaigh Conradh na Gaeilge ag plé leis an Roinn maidir le cúrsaí Gaeilge. D’oibrigh an Conradh go dlúth leis an Roinn, le Geodirectory (a chuir an bunachar ar a bunaíodh Eircode le chéile), Capita (a fuair an conradh chun an córas a fhorbairt) agus grúpaí eile.

Bhíothas buartha nuair a fógraíodh ar dtús go mbeadh cóid phoist le tabhairt isteach go bhfágfaí an Ghaeilge ar an trá fholamh agus go mbunófaí an córas ar logainmneacha Béarlaithe na tíre, nó go ligfí logainmneacha dúchais i ndearmad mar a tharla sna sé chontae. Deimhníodh ansin nach ar logainmneacha a bheadh an córas bunaithe ach go mba córas ‘neodrach’ a bheadh ann agus a cód uathúil féin ag gach uile sheoladh sa tír. Mar sin féin, nuair a seoladh an córas i mí Iúil, chonacthas go raibh D luaite le seoltaí uile Bhaile Átha Cliath.

Ní raibh ansin ach tús fhadhbanna na nGael le Eircode. Seachtain sular seoladh an córas nua, d’eisigh an Conradh ráiteas go raibh suas le 50,000 logainm Gaeilge ‘mícheart nó in easnamh’ ar an mbunachar. Dúirt an Conradh, bunaithe ar an bplean a chuir grúpa oibre le chéile mí an Mhárta, go gcosnódh sé €200,000 le caoi a chur ar an gcóras, ach gur “beag an méid” é sin i gcomhthéacs an bhuiséid €27m a bhí ag an togra. D’admhaigh an Roinn go raibh an córas lochtach ach dhiúltaigh maoiniú a chur ar fáil chun an fhadhb a réiteach.

Músclaíodh fearg na nGael arís seachtain i ndiaidh an tseolta nuair a tháinig sé chun solais go raibh Eircode ag cur Béarla ar, ní hamháin bailte Gaeltachta, ach ar shloinnte Gaeilge sna litreacha ina raibh na cóid nua phoist á ndáileadh.

Thaispeáin an t-amhránaí clúiteach as Corca Dhuibhne, Muireann Nic Amhlaoibh, pictiúr den chlúdach litreach a fuair sí ó Eircode ar a raibh leagan Béarla dá sloinne. Dúirt Nic Amhlaoibh nár úsáid sí an leagan sin dá sloinne riamh. ‘Cé hiad na daoine seo? English names on our #eircode address. We NEVER use the anglicised version!,” a dúirt Nic Amhlaoibh. Tharla an rud céanna ar fud na tíre do dhaoine a raibh ainmneacha Gaeilge in úsáid acu ar feadh a saoil.

Nuair a d’fhiosraigh Tuairisc.ie an scéal leis an Roinn agus le Capita, dúradh linn gur le An Post a bhain an scéal. Dúirt urlabhraí ó Eircode gur bunachar An Post a úsáideadh i gcás seoltaí atá cosúil lena chéile ach nach bhfuil aon teacht ag Eircode ar an mbunachar sin.

Labhair Príomhfheidhmeannach Eircode, Liam Duggan, ar an gclár Liveline ar RTÉ Radio One faoin aistriú a bhí déanta agus a thug le fios gur chreid sé gur cuireadh leaganacha Béarla de shloinnte ar litreacha a seoladh ó Eircode chuig daoine sa nGaeltacht, toisc go bhfaigheann na daoine sin litreacha eile a bhfuil na leaganacha Béarla céanna orthu. Nuair a insíodh dó nach amhlaidh a bhí, dúirt sé go mb’fhéidir go raibh duine éigin eile sa teach a bhain leas as an leagan Béarla dá shloinne agus gur ar an nós sin a bhí an t-eolas sna litreacha ó Eircode bunaithe.

Dúirt An Post féin ar dtús gur fabhtanna teicniúla ba chúis le haistriú na sloinnte agus na dhiaidh sin, thug urlabhraí le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil bunachar náisiúnta ainmneacha ag an eagraíocht, ach gur ‘ó nótaí’ na bhfear áitiúil poist a tháinig na leaganacha Béarla de shloinnte agus d’ainmneacha.

“Tá fadhb againn in Éirinn le seoltaí nach bhfuil sainiúil. Cuir i gcás go mbeadh triúr ina gcónaí i mbaile fearainn amháin agus an t-ainm céanna orthu; bíonn a chuid nótaí féin ag fear an phoist le hidirdhealú a dhéanamh eatarthu.

“Bíonn gearrscríobh aige, agus is iondúil go mbunaítear é sin ar ainmneacha a bhíonn ar litreacha go minic nó b’fhéidir go mbeadh aithne phearsanta ag fear an phoist ar an duine agus go n-úsáidfí é sin agus nóta á dhéanamh aige,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ar deireadh uilig, i mí Dheireadh Fómhair, thug an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le fios go raibh imscrúdú curtha ar bun ag a oifig maidir le ceist na Gaeilge sna cóid phoist agus gur chreid sé go raibh “cás le freagairt” ag an Roinn faoin scéal.

2. An dara siollabas don ‘chainteoir dúchais’ á scrúdú ag an Roinn Oideachais

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, tá plé á dhéanamh ar dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach ó Mheán Fómhair 2017 – ceann acu a bheadh dírithe ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Tuairiscíodh go raibh an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (an NCCA) i mbun scagadh a dhéanamh ar an scéal agus meastar go ndéanfar cinneadh go luath faoin moladh le go mbeifí réidh chun an dá shiollabas nua a thabhairt isteach i Meán Fómhair na bliana 2017.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn go gcuirfeadh an eagraíocht fáilte roimh an moladh i dtaobh an dá shiollabas don Teastas Sóisearach, ach go gcaithfí an rud céanna a dhéanamh i gcás na hArdteiste.

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

1. Plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh

I mí Eanáir tuairscíodh ar an suíomh seo go raibh plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

Ní raibh iniúchadh ar líon na bpost a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach dóibh déanta ach ag dhá roinn, agus dúirt an dá roinn sin gurb é a fuarthas san iniúchadh a rinne siad ná nach bhfuil aon phost acu le ‘riachtanas dátheangach’.

De réir iniúchaidh a rinne Tuairisc.ie i mí an Mheithimh, ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas le hoiread is post amháin den 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana.

Ba í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá i gceannas ar pholasaí an Stáit maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa státseirbhís, is mó  a bhí i mbun earcaíochta anuraidh, ach níor luadh riachtanas Gaeilge le haon cheann de na 342 folúntas sa roinn sin.

I mí na Samhna, dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil an Stát ag dul i muinín cur chuige ‘nach bhfuil sásúil ná éifeachtach’ maidir le seirbhísí i nGaeilge a chinntiú do phobal na teanga. Bhí an Coimisinéir ag tagairt do thuairisc gur ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag roinnt ranna stáit, cleachtas a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin a bhí ar bun ina Roinn féin.

Ba chosúil go raibh a mbeannacht tugtha ag Roinn na Gaeltachta don chur chuige ‘deonach’ seo i leith seirbhísí Gaeilge a sholáthar don phobal.

Sa scéim teanga nua d’aontaigh ag Roinn na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, dúradh go sonrach go gcuirfidh Roinn Howlin lena seirbhísí Gaeilge trí ‘oibrithe deonacha breise a lorg le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil’.

Fág freagra ar 'Na scéalta Gaeilge is mó agus is conspóidí ó 2015 (6-1)'