Na Sasanaigh róláidir agus iad sa mbaile

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an bua ag Sasana agus ag an bhFrainc an deireadh seachtaine seo

Na Sasanaigh róláidir agus iad sa mbaile

George Ford. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tá cluiche fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann in aghaidh na hIodáile curtha ar athlá mar gheall ar an ngalar Covid-19, ach, aisteach go leor, tá an dá chluiche eile sa gcomórtas á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Fágann sin go mbeidh an Bhreatain Bheag ag taisteal go Twickenham himirt le himirt i gcoinne na Sasanach. Má bhíonn an bua ag foireann an bhaile, toradh atá á thuar ag go leor, is acu freisin a bheas an Choróin Triarach. Is fiú smaoineamh nár bhuaigh foireann na Breataine Bige ach cluiche amháin sa gcomórtas go dtí seo. Sa mbaile a bhí na Breatnaigh sa gcluiche sin i gcoinne na hIodáile, foireann atá ar íochtar thábla an chomórtais faoi láthair. Chaill na Breatnaigh agus iad sa mbaile i gcoinne na bhFrancach agus is as baile a bhí siad nuair a bhí bua deich bpointe ag Éirinn orthu. Is deacair dá bhrí a shamhlú go mbeidh an bua acu inniu.

Mar sin féin, d’éirigh leis na Breatnaigh babhtaí leathcheannais an Choirn Dhomhanda a bhaint amach agus más féidir leo filleadh ar an stíl imeartha sin arís beidh seans éigin acu. Ach i mo thuairimse, ní mór an seans é. Tá na Sasanaigh róláidir agus iad sa mbaile.

Amárach, Dé Domhnaigh, a bheas foireann ógánach na Fraince ag imirt i Murrayfield. Bhí bua maith (17-0) ag Albain agus iad as baile i gcoinne na hIodáile i mBabhta 3 ach is dúshlán de chineál eile a bheidh le sárú acu amárach. Tá na Francaigh ag taisteal go Dún Éideann agus iad lán de mhuinín agus de dhóchas. Is iad an t-aon fhoireann amháin nár chaill cluiche ar bith fós. Má imríonn siad mar a rinne siad i mBabhta 3 agus iad as baile i gcoinne na mBreatnach is deacair a shamhlú nach mbeidh an lá leo.

Tá mise ag tuar bua d’fhoirne Shasana agus na Fraince an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Na Sasanaigh róláidir agus iad sa mbaile'