Argóintí an Rialtais i gcoinne rialú Choimisiún an AE maidir le Apple foilsithe

Deirtear i gcáipéis atá foilsithe ag an Roinn Airgeadais go bhfuil iarracht déanta ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh 'athscríobh' a dhéanamh ar dhlí na hÉireann maidir le cáin chorparáideach

Argóintí an Rialtais i gcoinne rialú Choimisiún an AE maidir le Apple foilsithe

Tá príomhargóintí achomharc an Rialtais i gcoinne rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh maidir le bille cánach Apple foilsithe ag an Roinn Airgeadais.

Tá iarratas go gcuirfí rialú an Choimisiúin ar ceal curtha ag an Rialtas faoi bhráid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

Rialaigh Coimisiún an Aontais Eorpaigh i mí Lúnasa go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht chánach. Chinn an Rialtas achomharc  a dhéanamh maidir leis an rialú gur tugadh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.

Sa cháipéis a d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais inniu, deirtear go bhfuil an Coimisiún “mícheart” ina n-áiteamh gur thug na Coimisinéirí Ioncaim suas íocaíochtaí cánach a bhí ag dul dóibh ó Apple Sales International agus Apple Operations Europe. Bhain áiteamh sin an Choimisiúin le dhá mhargadh a rinne na Coimisinéirí Ioncaim le Apple, in 1991 agus 2007.

I gcáipéis na Roinne Airgeadais, deirtear gur chlóigh na Coimisinéirí Ioncaim leis an dlí sa dá chás agus gur cloíodh chomh maith leis na gnáthrialacháin maidir le cúrsaí cánach san Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Deirtear chomh maith gur chuir rialú an Choimisiúin na fíricí maidir le gnó Apple in Éirinn as a riocht.

Maítear gur i Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhéanann Apple Sales International agus Apple Operations Europe “na cinntí tábhachtacha ar fad” agus dá bharr sin nach mbaineann an brabús a dhéantar de thoradh na gcinntí sin le brainsí ASI agus AOE in Éirinn. Ní bhaineann ceadúnais maoine intleachtúla Apple lena a ghnó in Éirinn ach an oiread, a mhaítear.

Deirtear i gcáipéis na Roinne Airgeadais go bhfuil iarracht déanta ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh “athscríobh” a dhéanamh ar dhlí na hÉireann maidir le cáin chorparáideach agus gur sárú an rialú ar an bhflaitheas cánach atá ag gach ballstát den Aontas Eorpach.

Maíonn an Rialtas go bhfuil míthuiscint ar an gCoimisiún maidir le dlí cánach na hÉireann agus nach bhfuil aon mhíniú soiléir tugtha acu ar a n-áiteamh gur tugadh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach do Apple.

Deirtear go bhfuil an Coimisiún “thar a dhlínse” agus é “ag cur isteach” ar cheannasacht na hÉireann i gcúrsaí cánach.

“The Commission has no competence, under State aid rules, unilaterally to substitute its own view of the geographic scope and extent of the Member State’s tax jurisdiction for those of the Member State itself,” a deirtear sa cháipéis atá eisithe ag an Roinn Airgeadais.

Cáintear an Coimisiún chomh maith as gan míniú soiléir a thabhairt i dtaobh a rialaithe.

“The Commission has manifestly breached its duty to provide a clear and unequivocal statement of reasons in its Decision, in relying simultaneously on grossly divergent factual scenarios, in contradicting itself as to the source of the rule that Ireland is said to have breached, and in suggesting that Ireland granted aid in relation to profits taxable in other jurisdictions.”

 

Fág freagra ar 'Argóintí an Rialtais i gcoinne rialú Choimisiún an AE maidir le Apple foilsithe'