Na Poblachtánaigh – marbh ag Trump agus marbh gan é

D’fhéadfadh Donald Trump go luath go bhfuil sé ar thóir an ainmniúcháin do 2024

Na Poblachtánaigh – marbh ag Trump agus marbh gan é

Tá tuairimíocht go leor sna Stát Aontaithe an tseachtain seo go mb’fhéidir go bhfógródh Donald Trump go cinnte go bhfuil sé i gceist aige a bheith san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta in 2024. Anocht in Arizona tá Trump le labhairt ag slógadh a bhaineann leis na toghcháin lár téarma, slógadh ag a mbeidh tuairim mhaith le fáil ar an ngreim atá aige fós ar an bpáirtí Poblachtach. 

Tá an tUachtarán ag dul go Arizona lena bheannacht a thabhairt do na hiarrthóirí sa Stát sin sna toghcháin lár téarma. Tá beirt de na hiarrthóirí is mó iomrá a thacaíonn go láidir le dearcadh Trump agus lena sheasamh taobh istigh den pháirtí – Kari Lake atá ag seasamh le haghaidh post an ghobharnóra agus Blake Masters atá san iomaíocht don Seanad. Tá an vótáil tosaithe sa Stát cheana féin ach tá roinnt mhaith nithe le seachtain a mbeidh tionchar acu orthu siúd a bheidh ag freastal ar an slógadh – tá deireadh le héisteachtaí choiste Eanáir 6 ó inné agus tá cur agus cúiteamh go leor faoi ról Trump in imeachtaí an lae agus cuireadh tús an tseachtain seo freisin le triail Steve Bannon a chaith seal mar cheann foirne sa Teach Bán le linn uachtaránacht Trump.

Má chuirtear san áireamh freisin gur thug pobal Georgia droim láimhe le gairid don iarrthóir ab ansa le Trump a bheith ina ghobharnóir ar an Stát sin – David Perdue – beidh aird ag go leor ar an méid a bheidh le rá ag pobal Arizona sna réamhthoghcháin ar an 2 Lúnasa. Mura n-éiríonn leis na hiarrthóirí a bhfuil Trump ag tacú leo sna réamhthoghcháin céard a chiallaíonn sé sin do sheansanna an fhir féin ar ainmniúchán in 2024?

Léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí i Meiriceá go bhfuil an claonadh ag leath na bPoblachtánach gan vótáil do Trump in 2024 ach as na daoine atá luaite mar chéilí comhraic, is aige is mó atá tacaíocht. Níl aon tionchar ag nithe ar nós an fhiosrúcháin faoi Eanáir 6 ar an gcuid is mó den phobal. Luach breosla agus an méid airgid atá ina bpóca atá ag déanamh tinnis dóibh. Séard a chiallaíonn sé sin i bpolaitíocht na Stát Aontaithe go dtacaíonn daoine leis na Poblachtánaigh. Tá sin níos fírinní ná riamh faoi láthair mar gheall ar mhíshástacht an phobail leis an Uachtarán Biden.

Tá imní go bhféadfadh Trump a fhógairt anocht nó ag ceann eile de na slógaí de chuid a ghluaiseachta MAGA sna seachtainí seo romhainn go bhfuil sé ar thóir an ainmniúcháin do 2024. Cén fáth imní? Mar go mbainfeadh sé an bonn ó na toghcháin lár téarma a bhfuil na Poblachtánaigh ag tnúth leo mar dheis le smacht iomlán a fháil in athuair ar thithe na comhdhála. Má éiríonn leis na Poblachtánaigh dul chun cinn a dhéanamh gan ainm Trump a bheith luaite, tabharfaidh sé ardú croí don dream sa bpáirtí a dteastaíonn uathu fáil réidh leis an iarUachtarán. Marbh ag tae agus marbh gan é a deir an seanfhocal – marbh ag Trump agus marbh gan é an scéal i measc na bPoblachtánach in Washington i gcónaí.

Fág freagra ar 'Na Poblachtánaigh – marbh ag Trump agus marbh gan é'

  • Pádraig O'hEipicín

    Trump abu.

  • An Teanga Bheo

    Cosuil le BO JO na Breataine “blondie” eile