Na Poblachtánaigh ag gáire leo féin agus iad ag faire na nDaonlathach dá n-alpadh féin

Tá sé ag eirí soiléir gurb é a pháirtí féin an freasúra is mó atá ag Joe Biden maidir lena chuid mianta a bhaint amach

Na Poblachtánaigh ag gáire leo féin agus iad ag faire na nDaonlathach dá n-alpadh féin

Is gearr go mbeidh Joe Biden bliain tofa mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Nuair a toghadh é taca an ama seo anuraidh bhí a chuid taithí ar phróiseas reachtúil i Washington áirithe ar cheann de na buanna is mó a bheadh aige i riaradh na tíre. Chuir sé féin chun cinn an obair a bhí uaidh a dhéanamh in atógáil na tíre. Bliain dár gcionn, tá ceacht dá fhoghlaim acu sa Teach Bán agus tá sé ag eirí soiléir anois gurb é a pháirtí féin an freasúra is mó atá ag Biden maidir lena chuid mianta a bhaint amach.

D’éirigh leis an gcomhdháil i Meiriceá an tseachtain seo loic ar fhiacha na tíre a chur siad go dtí mí na Nollag. Tugann sin sé seachtaine dóibh le réiteach a dhéanamh faoin reachtaíocht atá ós a gcomhair le míonna anois. Tá dhá ghné leis an reachtaíocht – an chuid sin a bhaineann le hatógáil na Stát Aontaithe idir bóithre, droichid agus infreastruchtúr eile. ‘Build Back Better’ an teideal atá ag Biden agus a fhoireann ar an obair atá le déanamh.

Tá na mílte post geallta mar chuid den atógáil chomh maith le feabhas ar dhúshraith fisiciúil na Stát Aontaithe. Níl an eite chlé sa bpáirtí Daonlathach – na ‘progressives’ mar a thugtar orthu –  sásta a mbeannacht a thabhairt don phíosa reachtaíochta riachtanach seo mura nglactar leis an athchóiriú ar pholasaithe sóisialta an pháirtí atá á éileamh acu. Ina measc sin tá Bernie Sanders, Alexandria Ocasia-Cortez agus a lucht tacaíochta a bhfuil éilimh uaillmhianacha acu.

Ar chuid de na nithe atá molta sa reachtaíocht tá réamhscolaíocht do chách, fóirdheontais do chúram páistí agus aosaigh, clár béilí scoile, saoire tinnis íoctha, leathnú ar Medicare, Obamacare agus Medicaid, infheistíocht ollmhór i gcúrsaí comhshaoil agus geilleagar inbhuanaithe, tithíocht inacmhainne, táillí saor in aisce i gcoláistí pobail agus clár inimirce níos leithne do theaghlaigh inimirce. Bunaithe ar an liosta sin níl amhras ar bith ach go bhufil go leor de mholtaí Biden inmholta.

Go deimhin, bheadh go leor san Eoraip déarfadh gur ábhar iontais é nach bhfui tús curtha cheana le cuid de na scéimeanna atá a mholadh, scéimeanna go luíonn sé le réasún go mbeidís le fáil in aon tír fhadradharcach. Tá plean Biden dá chur i gcosúlacht i Meiriceá  eis an blpean a chuir Franklin D Rooosevelt i bhfeidhm sa gcéad seo caite.

Mar is iondúil le moltaí radacacha  reachtaíochta tá an pholaitíocht ag teacht salach ar an dul chun cinn. Tá cúrsaí polaitiúla sna Stát Aontaithe thar a bheith corrach mar tá an chomhdháil deighilte 50/50. Agus gan aon mhóramh ag na Daonlathaigh d’fhág an imní mhór atá ann go gcuirfeadh cuid den pháirtí in aghaidh na moltaí gur cuireadh vóta a bhí beartaithe don mhí seo caite ar athlá.

Níl aon chinnteacht go seasfaidh leithéid Joe Manchin ná Kirsten Sinema lena bpáirtí féin mar go gcreideann siad  go bhfuil an t-airgead atá á lua leis an bplean thar a bheith ard. D’fhéadfadh Sanders agus Ocasio-Cortez vótáil in aghaidh an phlean freisin mura gcuirtear a gcuid moltaí san áireamh. Idir an dá linn tá na Poblachtánaigh ag gáire leo féin agus ag faire na nDaonltach dá n-alpadh féin bliain ón am go mbeidh toghchán lár téarma ann agus deis seilbh a ghlacadh ar thithe na comhdhála.

Fág freagra ar 'Na Poblachtánaigh ag gáire leo féin agus iad ag faire na nDaonlathach dá n-alpadh féin'