Na pleananna déanta agus cead ag cách aisling iomána a bheith acu

Tá cosc curtha ag CLG ar cluichí dúshláin rud a chiallaíonn go mbeidh an-tábhacht ag baint leis na cluichí sraithe agus contaetha ag fáil faoi réir do na cluichí móra craoibhe

Na pleananna déanta agus cead ag cách aisling iomána a bheith acu

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhuel, tá plean againn anois agus an tarraingt déanta do shraith agus do chraobh na bliana seo.

Níl sé ach tamall beag de bhlianta ó dhéantaí an tarraingt do na craobhacha cúige roimh Nollaig sa tslí is go mbíteá ábalta ullmhú don namhaid a bhí romhat sé mhí roimh an gcluiche craoibhe.

Agus, dar ndóigh, i ndiaidh an chluiche sin bhí an chraobh críochnaithe don fhoireann a chaill. Bhí sé go hainnis mar chóras i mo thuairimse. Mar sin féin, tá daoine ann a déarfadh gur fíorchomórtas craoibhe a bhí ann – seans amháin.

Córas an-mhaith a bhí againn roimh theacht Covid, sin más áil linn na craobhacha cúige a choimeád.  Ach n’fheadar an fiú fáil réidh leis na comórtais chúige sin ar mhaithe le forbairt na hiomána agus comórtas craoibhe oscailte a bheith againn amhail Champions League an tsacair.

I mbliana táimid ag dul le comórtas ina mbeidh an dara seans ann.

Cuireadh tús le traenáil (go hoifigiúil dleathach) ar an Luan agus tosnóidh na cluichí sraithe ar an 8 Bealtaine. Sa phríomhroinn beidh dhá grúpa de shé chontae againn, rud a fhágann go mbeidh cúig chluiche ag gach foireann roimh thús na craoibhe. Beidh buaiteoirí A agus B ainmnithe mar chomhbhuaiteoirí na sraithe ach má imríonn siad i gcoinne a chéile sa chraobh bronnfar gradam na sraithe ar an bhfoireann a bhuafaidh an cluiche sin. Chomh maith leis sin tá sé i gceist cluiche dícháilithe Roinn 1 a imirt roimh cheann de chluichí leathcheannais ma hÉireann i mí Lúnasa. I Roinn a 2 agus Roinn a 3 ní bheidh aon chluiche ceannais. Gheobhaidh na foirne ar barr ardú céime agus déanfar dícháiliú ar na foirne ag bun na dtáblaí.

Tá cosc curtha ag CLG ar cluichí dúshláin a imirt, rud a chiallaíonn go mbeidh an-tábhacht ag baint leis na cluichí sraithe agus contaetha ag fáil faoi réir do na cluichí móra craoibhe a bheidh ag tosnú an deireadh seachtaine 26-27 Meitheamh.

Tá cluiche ceannais na hÉireann le himirt deireadh seachtaine an 21-22 Lúnasa agus cuirfear tús leis na comórtais chlub ar an gcéad deireadh seachtaine de Mheán Fhómhair.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

I gcúige Mumhan ní bheidh aon chluiche bog ann. Is deacair aon fhoireann eile a roghnú ach Luimneach atá sa tóir ar a dtríú craobh na Mumhan as a chéile. Beidh Corcaigh mar fhreasúra acu sa chéad chluiche agus roinnt saineolaithe ag tuar cheana féin gur dúshlán a bheidh ann do Luimneach i bhfianaise na gcluichí a bhí eatarthu in 2018 agus 2019. Comhscór a bhí acu i gcraobh na Mumhan an bhliain sin agus bhí an t-ádh dearg le Luimneach nuair a bhuaileadar le chéile arís i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bhí an lá le Luimneach tar éis am breise 3-32 in aghaidh 2-31. In 2019 bhí an bua ag Corcaigh sa chluiche grúpa ach bhuaigh Luimneach craobh na Mumhan.

Sula mbuailfidh siad le chéile arís sa chraobh tá cluichí sraithe le himirt agus seans ag lucht bainistíochta na bhfoirne teacht ar an bhfoireann is fearr acu agus iad a ullmhú don chraobh.

I gcúige Laighean Gaillimh an rogha.

Dúramar an rud céanna anuraidh ach ní raibh aon bheann ag Brian Cody nó imreoirí Cill Chainnigh ar ár dtuairimí. Ach oiread le Cúige Mumhan beidh cúrsaí níos soiléire i ndiaidh na gcluichí sraithe.

Socrú eile atá déanta ná go n-imreofar cluiche ceannais Chorn Joe McDonagh roimh chluiche ceannais Chúige Laighean.
Agus sin é. Tá na pleananna déanta.

Tá smacht á fháil ar an Covid-19 faoi láthair agus tá dáileadh na vacsaíní ag bailiú nirt (an tseachtain seo pé scéal é), an bhfuil seans ann go mbeidh cead ag roinnt leantóirí freastal ar chluichí roimh theacht an fhómhair?

Aisling bhréige, b’fhéidir. Neosfaidh an aimsir is dócha agus nach bhfuil cead ag cách aisling a bheith acu an t-am seo bliana.

Fág freagra ar 'Na pleananna déanta agus cead ag cách aisling iomána a bheith acu'