Na ‘páistí’ ina máistrí lá na báistí i bPáirc Uí Chaoimh

Cumann Naomh Fionnbarra a bhí ag ceiliúradh i gCorcaigh an tseachtain seo caite agus beidh a thuilleadh foirne ag ceiliúradh an deireadh seachtaine seo

Na ‘páistí’ ina máistrí lá na báistí i bPáirc Uí Chaoimh

Bhí sé ina dhíle an Domhnach seo caite agus cluiche ceannais iomána an chontae ar siúl. Ach níor stop an drochaimsir foireann Naomh Fionnbarra ó ardtaispeántas iomána a thabhairt chun corn Sheán Óg Murphy a bhuachan agus a thabhairt leo abhaile go Tóchar den chéad uair ó 1993. Ba iad na hógánaigh a bhí ina réalta agus ba dhóigh leat gurb iadsan na seanfhondúirí lán taithí agus iad i gcoinne fhoireann na Carraige Duibhe nach raibh maith go leor ar an lá. Lasadh na soilse sa staid roimh a trí a chlog, rud a thaispeáin chomh dorcha is a bhí an lá gruama.

Ar an ócáid seo d’oir lá na báistí do na ‘páistí’ a bhí ag caitheamh an gorm agus na t-ór. D’imir siad ar fheabhas – Ethan Twomey, Ben O‘Connor, Ben Cunningham, Brian Hayes, Jack Cahalane agus William Buckley (an duine is sine acu agus gan é ach 21). Déarfá go raibh taithí na mblianta acu an tslí a chinntigh siad go bhfágfaidís a lorg ar an imirt. Bhí sé ina oíche go maidin ach bhí ar chuid mhaith de na himreoirí stad a chur leis an gceiliúradh go luath sa tseachtain mar go bhfuil seans acu ar chorn eile a bhuachan i gceann seachtaine nuair a bheidh cosaint á déanamh acu ar an gcraobh peile a bhuadar anuraidh .

San ardchathair amárach tá club eile ar thóir an dá chraobh a thabhairt leo freisin. Is i bPáirc Parnell a bheidh an t-aicsean agus na foirne céanna ag dul chun páirce agus a d’imir seachtain ó shin i gcraobh peile an chontae. Cúilín amháin a bhí idir na foirne an tráthnóna sin agus an farasbarr is lú ag Crócaigh Cill Mochuda in aghaidh na bhFianna. Bhí lámh amháin ag captaen na Fianna ar an gCorn Go Ahead agus an cluiche ag druidim chun deiridh. Chuir cúl Dónal Burke, sa 50ú nóiméad naoi gcúilín chun tosaigh iad ach ghéill siad trí chúl déanach sa cluiche agus chuaigh sé go dtí am breise. Lean Cill Mochuda orthu ag feabhsú agus chríochnaigh siad seacht gcúilín chun tosaigh.

Mar sin an féidir leis na Fianna díoltas a bhaint amach nó an éireoidh le Cill Mochuda an dá corn a bhuachan don dara bliain as a chéile? Beidh an t-aicsean á thaispeáint beo ar TG4.

I gcontae an Chláir tá fir Éire Óg Bhaile na hInse ar thóir an dá chorn freisin agus iad ag imirt inniu i gcoinne Bhaile Uí Aodha. Tá an taithí agus Tony Kelly ag Baile Uí Aodha ach tá Shane O’Donnell agus móiminteam ag foireann an bhaile. Ní bheidh mórán eatarthu, déarfainn.

I Staid Semple amárach imreofar cluiche ceannais sinsir contae eile agus beidh seaimpíní nua againn i dTiobraid Árann. Buadh ar sheaimpíní 2021 Luachma-Caisleán Laighnigh tamall ó shin agus Coill an Daingin, seaimpíní 2020 agus tánaistí 2016 agus 2019, ag dul chun catha i gcoinne chumann Chill Ruáin Mhic Dhonnchadhaí nár bhuaigh an corn seo ó 1985, bliain a dtugadar leo gach comórtas ina dhiaidh sin chomh maith chun craobh na hÉireann a bhuachan. Faraor tá gorta ansin ó shin agus de réir na saineolaithe beidh sé deacair deireadh a chur leis amárach. Beidh seans agat an cluiche seo a fheiceáil ar TG4 freisin.

Fág freagra ar 'Na ‘páistí’ ina máistrí lá na báistí i bPáirc Uí Chaoimh'