Na páirtithe go léir imithe sa ghleo d’fheachtas an olltoghcháin

Tá na téamaí ar mhaith leo díriú orthu i bhfeachtas Olltoghchán 2020 leagtha síos ag na páirtithe éagsúla

Na páirtithe go léir imithe sa ghleo d’fheachtas an olltoghcháin

Tá a gcéad chártaí leagtha ar an mbord ag na páirtithe agus iad dulta sa ghleo d’fheachtas olltoghchán 2020.

‘A future to Look Forward to’ an mana toghchánaíochta a d’fhógair Fine Gael i ndiaidh don Taoiseach dáta an olltoghcháin, Dé Sathairn an 8 Feabhra, a fhógairt inniu.

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, go gcuirfeadh mana Fhine Gael “critheagla” ar mhuintir na hÉireann.

‘An Ireland for all’ an mana a bheidh ag Fianna Fáil, an ceann céanna a bhí acu d’olltoghchán 2016.

Maíonn Sinn Féin gurb iad féin an t-aon rogha atá ag vótóirí nach bhfuil Fine Gael ná Fianna Fáil uathu.

Chuaigh an Taoiseach Leo Varadkar chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna mar ar dhein Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn an 32ú Dáil a lánscor.

Ar chúrsaí Breatimeachta agus cúrsaí eacnamaíochta a bheidh feachtas olltoghcháin Fhine Gael bunaithe i bhfianaise ráiteas tosaigh an Taoisigh.

“Níl an Breatimeacht i gcrích go fóill, nílimid ach ag leath ama,” a dúirt an Taoiseach tráthnóna.

Leag sé béim ar ról an rialtais i scéal an Bhreatimeachta go n-uige seo agus ar an margadh a sheachnaíonn teorainn chrua in Éirinn.

Luaigh sé chomh maith athbhunú an fheidhmeannais i Stormont ach dhírigh sé cuid mhór ar an obair atá fós le déanamh, dar leis.

“Is í an chéad chéim eile ná idirbheartaíocht a dhéanamh faoi chomhaontú saorthrádála idir an AE, Éire san áireamh, agus an Ríocht Aontaithe, comhaontú a a thabharfaidh cosaint do ghnóthaí, postanna, pobal na tuaithe agus an géilleagar sa tír seo.

“Tá an cumas a bheidh ionainn gach rud eile is gá a dhéanamh –i gcúrsaí sláinte, tithíochta, aeráide agus leasuithe cánach –ag brath air seo [an comhaontú trádála]. Agus caithfear é a dhéanamh roimh dheireadh na bliana.”

Dúirt an Taoiseach gur deis a bheadh in olltoghchán na míosa seo chugainn rialtas nua a thoghadh roimh an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach, rialtas a mbeadh “mandáid láidir” acu díriú ar na cainteanna iarBhreatimeachta.

Mhaígh an Taoiseach nach raibh cúrsaí eacnamaíochta “chomh láidir riamh” is atá anois, go raibh níos mó daoine ag obair ná a bhí riamh, go raibh ioncaim ag ardú, an bhochtaineacht ag laghdú agus “an t-airgeadas poiblí in ord arís”.

 I ráiteas ina raibh macalla den mhana toghcháin cáiliúil a bhí ag Fianna Fáil in 2002 – ‘A lot done, more to do’ –  dúirt an Taoiseach:

“Tá go leor dul chun cinn déanta againn, ach tuigim nach leor é. Tá mé ag iarraidh go ndéanfaimid go leor eile,” arsa an Taoiseach.

Tá ráite ag Micheál Martin gur ar chúrsaí sláinte, tithíochta agus ar an gcostas maireachtála a dhíreoidh Fianna Fáil. Dúirt sé gur “theip ar Fhine Gael sna cúrsaí sin agus gur léir go bhfuil sé in am rialtas nua a thoghadh.

“Níl rudaí ag obair sa tír seo in go leor réimsí, tá sé chomh simplí leis sin. Caithfear díriú ar na fadhbanna sin i bhfad níos tapúla,” a dúirt sé.

Agus feachtas Shinn Féin á sheoladh aici, dúirt ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald go raibh áthas uirthi go raibh toghchán ar na bacáin mar gur léir le tamall maith go raibh an rialtas “dall ar fad” ar a bhfuil ag tarlú don phobal. Dúirt sí gurb é an tairiscint toghchánaíochta a bheidh ag Sinn Féin ná “seans a thabhairt d’oibrithe agus do theaghlaigh”. Dúirt Mary Lou McDonald nach bhfuil Sinn Féin ag déanamh beag den dúshlán a bhainfidh leis an toghchán agus go bhfuil ceacht foghlamtha ag Sinn Féin ó na toghcháin áitiúla.

Dúirt leascheannaire Chomhaontas Glas Catherine Martin, a mbeidh 39 iarrthóir ag seasamh dóibh, go raibh a páirtí ag súil go gcuimhneodh daoine ar an ngéarchéim aeráide agus iad ag caitheamh a vóta. Dúirt sí go raibh tús curtha le “deich mbliana ‘glas’” agus go raibh an t-athrú aeráide ina thosaíocht ag go leor daoine.

Dúirt Brendan Howlin ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, a mbeidh 31 iarrthóir acu, go raibh an páirtí ullamh le tamall don toghchán agus go raibh sé ag súil go bhféadfaidís cur go mór le líon na dTeachtaí Dála acu agus go raibh réiteach acu ar na fadhbanna i gcúrsaí sláinte agus tithíochta.

Deimhníodh inniu go mbeidh n t-olltoghchán ar siúl ar an Satharn an 8 Feabhra.

Phléigh an Taoiseach Leo Varadkar an scéal lena chomhghleacaithe ag cruinniú rialtais ar maidin agus chuir sé dáta an toghcháin in iúl dóibh.

Tá an toghchán le gairm ag an Taoiseach Leo Varadkar tráth go raibh laghdú tagtha ar líon na dTeachtaí Dála a bhí sásta tacú leis an Rialtas sa Dáil.

Dúirt Varadkar roimhe sin gurb é a theastaigh uaidh ná toghchán i mí na Bealtaine ach ghéill sé ag an deireadh seachtaine go raibh “athrú scéil ann” i bhfianaise a leochailí is a bhí ó thaobh vótaí Dála.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin inné gur thug an Taoiseach le fios dó nach bhféadfadh sé brath ar a Theachtaí Dála féin go léir vótáil don Rialtas.

160 Teachta Dála a bheidh le toghadh i 39 dáilcheantar in olltoghchán 2020.

Tá dháréag Teachtaí Dála ann a bhfuil ráite cheana féin acu nach mbeidh siad ag seasamh sa toghchán, ina measc an t-iarThaoiseach Enda Kenny, iar-uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams agus iarcheannaire Fhine Gael, Michael Noonan.

Fág freagra ar 'Na páirtithe go léir imithe sa ghleo d’fheachtas an olltoghcháin'