Na páirtithe go léir ag súil le buntáiste a bhaint as an éiginnteacht

Agus tús á chur go hoifigiúil inniu le feachtas toghcháin sa Bhreatain, tá saol na polaitíochta thall deighilte, gan trácht ar an bpobal

Na páirtithe go léir ag súil le buntáiste a bhaint as an éiginnteacht

Cuirfear tús go hoifigiúil inniu sa mBreatain le feachtas toghcháin cinniúnach agus stairiúil.

Tá ceist an Bhreatimeachta idir dhá cheann na meá agus súil ag an bpáirtí Caomhach agus a gceannaire go gcuirfear an próiseas i gcrích ar deireadh. Ní hamháin sin ach tá súil ag pobal na Breataine agus na hÉireann, agus go deimhin na hEorpa, go nach rófhada eile a mhairfidh an próiseas céanna.

Tá an toghchán seo cinniúnach freisin ar chúis eile freisin. Tabharfar léargas sa toghchán ar sheasamh na bpáirtithe dáiríre tráth a bhfuil seans mór ann go mbeidh leagan amach nua ar shaol na polaitíochta thall. Níl taithí acu sa Bhreatain ar chomhrialtais ná ar mhórán cumhachta a bheith ag páirtithe eile seachas na Caomhaigh agus Páirtí an Lucht Oibre.

Tá go leor cainte á déanamh ar fad faoi cén páirtí ag a mbeidh móramh ar an 13 Nollaig, cé go raibh an rialtas deireanach ag brath ar chomhaontú muiníne agus soláthair leis an DUP.  Bhí comhrialtas ann roimhe sin idir na Caomhaigh agus na Daonlathaigh Liobrálacha idir 2010-2014, ach tá sé deich mbliana fichead ó bhí aon socrú eile seachas rialtas aonpháirtí sa mBreatain.

Ní hionann an toghchán seo agus aon toghchán leis na cianta, áfach.

Tá na Tóraithe i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna, ach inniu a thosóidh an feachtas i gceart. I litir a sheol Cathaoirleach na dTóraithe James Cleverly chuig vótóirí an tseachtain seo caite, dúirt sé nach raibh aon seans ag an Lucht Oibre ná ag na Daonlathaigh Liobrálacha móramh a fháil agus dá réir gur mithid vóta a thabhairt dó na Caomhaigh chun rialtas láidir a thoghadh. An rud is tábhachtaí do Boris Johnson agus a pháirtí tromlach a fháil a chuirfidh ar a gcumas an comhaontú aistarraingthe atá déanta leis an Eoraip a chur tríd an bParlaimint faoi dheireadh.

Ach céard a tharlóidh sa gcás agus go gcaillfeadh na Caomhaigh cuid de na trí shuíochán déag atá acu in Albain?  Ní raibh ach móramh dhá vóta i dtoghcheantar amháin acu an geábh deireanach. An bhfuil seans go dtiocfaidh na Liobrálaigh gar don 57 suíochán a bhí acu in 2010? An gcruthóidh Jeremy Corbyn arís an babhta seo gur fear maith é chun dul i gcion ar an bpobal le linn feachtais? An éireoidh leis na Caomhaigh suíocháin a thabhairt leo sna ceantair a vótáil ar son an Bhreatimeachta, ceantair thraidisiúnta de chuid an Lucht Oibre?

Iliomad ceist agus gan mórán freagraí go fóill. Tá saol pholaitíocht na Breataine deighilte, gan trácht ar an bpobal. Tá páirtithe ag cur fainic ar an bpobal gurb é an rud deiridh a theastaíonn ná parlaimint eile gan móramh.

Má tá éiginnteacht go leor ann, tá na páirtithe ar fad ag iarraidh teacht i dtír uirthi.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine vótáil go teaicticiúil bunaithe ar a seasamh i leith an Bhreatimeachta.

In ainneoin a deir cuid mhór daoine i bPáirtí an Lucht Oibre, mar shampla, níl aon amhras ar na polaiteoirí ach gur faoi scáth an Bhreatimeachta a rithfear an toghchán seo.

Ceist eile céard atá ar intinn ag an bpobal.

Fág freagra ar 'Na páirtithe go léir ag súil le buntáiste a bhaint as an éiginnteacht'