Na nithe a fhoghlaimíonn tú le linn éigeandála…

Is ag dul abhaile ón ionad siopadóireachta a bhí ár gcolúnaí nuair a tháinig sí ar bhean sínte ar an gcosán

Na nithe a fhoghlaimíonn tú le linn éigeandála…

Bhí mé ag déanamh mo bhealach trí aicearra a bhí gearrtha amach as an gclaí ag an ionad siopadóireachta nuair a chuala mé torann aisteach. I ngeall ar an gclaí, ní raibh amharc agam ar céard ba chúis leis.

Fiú amháin nuair a sheas mé amach ar an gcosán, ní raibh aon ní as bealach. Chuile rud ag dul ar aghaidh mar is gnách – trácht throm, coisithe, scuaine tacsaithe agus lucht siopadóireachta.

Ansin, chonaic mé go raibh duine sínte ar an gcosán nach raibh ag déanamh aon iarracht éirí. Ní ba mise an t-aon duine a rith ina treo. Strainséirí muid ar fad, ach faoi cheann uair an chloig, nó mar sin, bhí aithne an-mhaith againn ar a chéile.

An bhean a rith trasna an bhóthair ach a rinne cinnte de i dtosach go raibh a beirt mhac in ann siúl suas an bóthar leo féin chuig an gclub (Crócaigh Chill Mhochuda, mar a tharla); an mac léinn ollscoile a choinnigh greim ar an mada; na tiománaithe tacsaí a bhí ag iarraidh cuidiú – bhíomar ar fad páirteach sa dráma anois.

Ní raibh aon chúnamh ag teastáil ó Charmel. Bheadh sí iontach dá mbeadh sí in ann suí suas. Agus ar ór ná ar airgead, ná glaodh éinne ar otharcharr. Bheadh sí togha.

Is fada ó d’fhoghlaim mé nár cheart aon aird a thabhairt ar an té a mbíonn timpiste acu, agus nach mian leo cabhair a iarraidh. ‘Beidh mé togha,’ a deir siad uilig.

Shuigh mé féin síos ar an gcosán lena taobh – ionas nach mbeadh gach éinne ag caint léi agus iad cúig troithe agus tuilleadh uaithi. Agus ainneoin an fhainic a chuir Carmel orainn, ghlaoigh mo chomrádaí ar otharcharr. Ní raibh aon eolas ag an tseirbhís faoin achar a thógfadh sé.

Thosaigh mé féin ag smaoineamh ar na scuainí san ospidéal, ar na scéalta uafáis a bhí cloiste againn faoi sheandaoine a bheith tréigthe ar thralaithe agus a leithéid. Chuimhnigh mé gur san ardchathair a bhí muid agus go mb’fhéidir nach dtabharfaí tosaíocht do dhaoine a bhí gaibhte in aois.

Bhí Carmel ag dul i gcleachtadh ar an tarmac.

D’inis sí dúinn gurb é a mada féin ba chionsiocair leis an timpiste. Bhí sise agus an mada ag tuirlingt as carr a cara Gerry nuair a léim sé roimpi agus tharraing an iall, agus Carmel i ngreim inti, go talamh.

Bhí imní uirthi faoin mada. Bhí imní ar an mada bocht freisin. Nach raibh seisean ar a bhealach chuig an ‘groomer’ nuair a tháinig deireadh tobann lena chuid pleananna?

Dúirt Kerry, an mac léinn, go dtabharfadh sí aire dó agus go dtabharfadh sí abhaile é dá mba ghá.

Ghlac an bhean óg a bhí ar a bealach chuig an gclub CLG, smacht ar láthair na timpiste. 

‘Rinne mise cúrsa céad chabhrach,’ arsa sise. Léirigh sí dúinn gurb é an chéad rud a dhéanann tú ar an láthair ná do chuid lámhainní rubair a chur ort. Tógann tú amach iad ón mbosca céad chabhrach a bhíonn leat i gcónaí, ar ndóigh.

Rinne an fear tacsaí iarracht Carmel a mhealladh isteach ina thacsaí páirceáilte. Ní ligfeadh bean na lámhainní rubair dó í a chorraí.

‘Féach – tá mé in ann méarachaí mo chos a bhogadh!’ a dúirt Carmel go gealgháireach ón gcosán.

Bhain bean na lámhainní paicéad cuimilteoirí frithbhaictéir amach as an mbosca draíochta. ‘Tá beirt mhac agam sa chlub CLG – níl seachtain nach mbíonn ‘eachtra’ de shaghas éicint ann. Seo an dara huair a raibh mé ag fanacht ar otharcharr le seachtain anuas,’ dúirt sí go deas, calma.

Mura raibh mé caillte le hómós di agus meas uirthi faoin tráth seo, níorbh thada é sin gur thosaigh sí ag taispeáint a cuid scileanna le fón Nokia, den seandéanamh.

Bhíodh ceann acu agam féin tráth, ach an gceapann sibh go raibh cliú agam cén chaoi ar oibrigh siad anois?

B’fhéidir gur cuid den chúrsa céad chabhrach é sin? Is mó an seans gur ceann acu a bheadh ag duine atá amach sna blianta ná iPhone nó a leithéid.

Rinne muid iarracht teacht ar an bhfear a thug síob do Charmel agus a ghlan leis gan an tubaiste a thabhairt faoi deara. Ach bhí a fhón siúd casta de aige. ‘Ó tá Gerry imithe ag an dochtúir don teanndáileog vacsaíne,’ arsa Carmel. ‘Caithfidh sé gur chas sé de an fón.’

 Scrolláil muid síos an liosta go bhfuair muid uimhir a mic, Seán. Bhí sé ag obair i gCill Mhantáin agus ba é an réiteach a bhí aigesean ar an bhfadhb ná go ngabhfadh sé abhaile chuig teach Charmel. Abhaile? Agus a mháthair sínte ar an gcosán fós?

Tháinig fear óg trasna an bhóthair agus leag pluid uirthi agus tuáille faoina ceann. Bhí sé ar a bhealach chuig an giom.

Rinne an fear tacsaí iarracht eile í a mhealladh isteach sa gcarr. Sheas bean na lámhainní an fód.

Cuireadh glaoch eile ar an tseirbhís otharchairr agus dúradh linn go gcuirfí foireann ‘paraleighis’ chugainn ach go mbeadh sé tamaillín eile. 

Cuireadh fios ar dhochtúir ó chlinic trasna an bhóthair agus tar éis scaithimh tháinig sé chugainn. Mheas sé go mb’fhéidir go mbeadh Carmel in ann suí suas.

Le cúnamh, tharraing sí aníos í féin den tarmac agus bhreathnaigh timpeall uirthi féin. Bhí an mada thar a bheith sásta le cúrsaí anois.

Ba léir go raibh Carmel í féin ag baint an-sásamh as an aird a bhí sí a fháil ó strainséirí.

I ngan fhios dúinn, bhí fear tacsaí eile tar éis glaoch ar an tseirbhís éigeandála. Faoin am go raibh dhá otharcharr agus dhá fhoireann paraleighis leaindeáilte, bhí Carmel ag ceapadh go raibh sí ag staráil i ndráma de chuid Netflix. Seo í, in aois a 81, ar a bealach chuig gruaigeadóir na madraí, agus go tobann bhí sí timpeallaithe ag fir agus mná óga cumasacha, slachtmhara, dóighiúla.

Thosaigh siad ag spochadh aisti agus ag baint greann as an tubaiste. ‘Níl tusa ach ag iarraidh scata fear timpeall ort, sin é an fáth gur ghlaoigh tú ar dhá otharcharr, Carmel,’ a dúirt duine acu.

Rinne sí dearmad ar an titim, rinne sí dearmad ar an mbuille a fuair sí tamall roimhe sin a d’fhág ceann dá lámha i miotóg chosanta, níor chuimhnigh sí ar an ngortú a bhain dá cnámh droma roinnt seachtainí roimhe sin arís. Ach bhí imní uirthi fós faoin mada.

Ar deireadh, leaindeáil Gerry tar éis a chuairt ar an dochtúir. Bhrúigh sé a chairrín isteach idir an dá otharcharr. D’imigh an mada craiceáilte uilig nuair a chonaic sé é. Isteach leis sa gcarr arís agus an chuma air go raibh rún aige fanacht socair an chéad uair eile a mbeadh Carmel á thabhairt amach.

Ghlan muid suas inár ndiaidh. Chuaigh bean na lámhainní ar thóir na leads óga i gCrócaigh Chill Mhochuda, chuaigh Kerry ar aghaidh chuig an ollscoil agus d’fhan na tacsaithe ar thóir gnó ag an ionad siopadóireachta.

Sular imigh muid, rug bean na lámhainní greim ar fhón Charmel. Glaoigh sí ar a huimhir féin. ‘Beidh uimhir Charmel agam anois i mo ‘glaonna caillte’ agus glaofaidh mé uirthi amárach lena chinntiú go bhfuil sí ceart go leor.’ 

Cé a chuimhneodh ar an tseift sin?

Fág freagra ar 'Na nithe a fhoghlaimíonn tú le linn éigeandála…'