Na Muimhnigh ar thóir díoltais agus coirn

Tabharfaidh na Cúige Mumhan agus Cúige Uladh aghaidh ar chéile anocht agus beidh Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean á fhéachaint le chéile amárach i mBabhta 2 de Chorn an Bhogha Ceatha

Na Muimhnigh ar thóir díoltais agus coirn

Ó tharla gur theip ar Chúige Uladh agus ar Chúige Laighean áit i gcluichí ceannais Chorn an Dúshláin agus Chorn na gCuradh a chinntiú an deireadh seachtaine seo caite is ar Chorn an Bhogha Ceatha amháin a bheas aird na gcúigí le linn an chúpla seachtain ghearr atá fágtha sa séasúr seo.

Cluichí idir foirne sa tír chéanna a bheas á n-imirt i mBabhta 2 den chomórtas nua seo, rud a fhágann go mbeidh na cúigí in iomaíocht lena chéile arís an deireadh seachtaine seo.

Anocht cuirfidh na Muimhnigh fáilte go Luimneach roimh na hUltaigh, foireann a chaill an deireadh seachtaine seo caite i gcluiche leathcheannais Chorn an Dúshláin. 

Níos tábhachtaí b’fhéidir, chaill siad sa mbaile coicís ó shin i gcoinne na gConnachtach i mBabhta 1 den chomórtas seo. Fágann sin brú damanta ar na cuairteoirí agus iad ag iarraidh iad féin a choinneáil san áireamh sa gcomórtas mar má chailleann siad an dara cluiche seans go mbeidh a rás sa gcomórtas seo rite, go háirithe agus iad as baile i gcoinne Chúige Laighean i mBabhta 3 faoi cheann seachtaine.

Malairt scéil atá ag na Muimhnigh, dream a raibh bua gan pointe bónais acu ar Chúige Laighean i mBabhta 1. Is cinnte go mbeidh siadsan ag iarraidh leas a bhaint as buntáiste an bhaile chun dul níos airde ar thábla an chomórtais. Is fiú a mheabhrú go raibh an lámh in uachtar (15-10) ag na hUltaigh nuair a chas na foirne seo ar a chéile sa bPro 14 mí Eanáir seo caite, ach is i mBéal Feirste a imríodh an cluiche sin. Is cinnte go mbeidh na Muimhnigh ar thóir díoltais agus iad freisin ag féachaint le greim a fháil ar a gcéad chorn le fada an lá.

Ar an mBóthar Beag a bheas na Connachtaigh agus na Laighnigh ag tabhairt faoina chéile tráthnóna amárach agus foireann an bhaile ag iarradh tógáil ar an mbua iontach ceithre úd a bhí acu as baile i mBabhta 1 i gcoinne na nUltach. Ní hamháin go mbeidh an bua sin mar spreagadh iontach ag foireann Andy Friend, ach is cinnte go gcuirfidh an bua (35-24) a bhí ag Cúige Chonnacht ar Chúige Laighean san RDS mí Eanáir seo caite go mór lena muinín.  Níl Leo Cullen ag seoladh a chéad rogha imreoirí go Gaillimh, cinneadh a thugann tuilleadh dóchais do na Connachtaigh! 

Cé gur deacair toradh a thuar, is cinnte go mbeidh rugbaí ar ardchaighdeán le feiceáil againn, mar, ach an oiread le Cúigí Mumhan agus Uladh, seans go mbeidh rás Chúige Laighean rite sa gcomórtas seo má chailleann siad arís agus beidh na Connachtaigh ag ardú ar an tábla má thugann siadsan an lá leo.

Fág freagra ar 'Na Muimhnigh ar thóir díoltais agus coirn'