Na Muimhnigh ag dul sa bhearna bhaoil arís

Beidh an comórtas Eorpach agus na dúshláin ollmhóra a roinneann leis ar bun arís an deireadh seachtaine seo

Duncan Williams 13/1/2015
Duncan Williams i mbun traenála le Cúige Mumhan inné. ©INPHO/Dan Sheridan

I ngrúpa a haon, beidh na Muimhnigh as baile i Londain agus iad ag tabhairt faoi Saracens i mbabhta a 5 de Chorn na gCuradh. Chas an dá fhoireann seo ar a chéile roimhe seo i mbabhta 2. Is ar Pháirc Thuamhan a d’imir siad an cluiche sin agus ba iad Chúige Mumhan (Mumhan 14 Saracens 3) a rug an bua leo an lá sin.

Cé gur tháinig feabhas mór ar chur chuige na Mumhan ó thús an tséasúir, seachas an cluiche úd a chaill siad i gcoinne Chúige Chonnacht sa bPro 12, tá dúshlán ar leith ag baint le himirt as baile sa gcomórtas seo.

Is cúis dóchais do Chúige Mumhan freisin gur éirigh leis an bhfrapa James Cronin agus an cliathánaí Keith Earls imirt i gcoinne Zebra an Satharn seo caite.  Má chailleann Cúige Mumhan i Londain, beidh deireadh leo sa gcomórtas Eorpach, ach má éiríonn leo, beidh splanc dóchais acu agus iad ag filleadh ar Luimneach i gcoinne Sale faoi cheann seachtaine.

Ní den chéad uair tá Cúige Mumhan beo ar éigean i mórchomórtas na hEorpa agus ní chuirfeá bua dóibh as an áireamh.

San RDS ar an Satharn seo atá Cúige Laighean agus iad ag tabhairt faoi Castres na Fraince, foireann ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil orthu (Cúige Laighean 21 – Castres 16) i mbabhta 2 den chomórtas.

Bhí bua agus réiteach maith ag Cúige Laighean i gcoinne Chaerdydd sa bPro 12 Dé Sathairn seo caite, iad ag fáil pointe bónais ceithre úd, bua a fhágann sa 3ú háit ar thábla an Pro 12 iad. Sa 13ú áit ar thábla Top 14 na Fraince atá Castres agus má chuirtear droch-cháil taistil foirne na Fraince san áireamh, is deacair bua a shamhlú dóibh an Satharn seo.

Níl bealach ar bith gur féidir bua do na hUltaigh a shamhlú an Satharn beag seo ach oiread. Níor éirigh leo ach bua amháin a fháil as an gceithre chluiche a d’imir siad go dtí seo sa gcomórtas. Ach as baile, go deisceart na Fraince atá a dtriall an Satharn seo agus mar bharr ar an mí-adh, is i gcoinne Toulon, curaidh an chomórtais le dhá shéasúr anuas atá siad. Tá Toulon sa 3ú háit ar thábla an top 14 agus thit Cúige Uladh go dtí an 5ú áit sa bPro 12 le gairid. Nuair a chas siad ar a chéile i mBéal Feirste i mbabhta 2, bhí an lá le Toulon (Toulon 23 – Cúige Uladh 13). Tá baol mór ann go mbeidh an bhearna i bhfad níos mó an babhta seo.

Fág freagra ar 'Na Muimhnigh ag dul sa bhearna bhaoil arís'