Na mná séimh stuama agus na fir ag búiríl leo…

CÚLÉISTEACHT TOGHCHAÍN: Is trua nach dtuigeann iarrthóirí nach maith linn béicíl, ach an fearr linn miotais ná an fhírinne?

Na mná séimh stuama agus na fir ag búiríl leo…

Toghchán Strapmegaphone

Tá na tráchtairí bochta ar fad ag clamhsán faoi leadrán an toghcháin ach is práinní ag an gcuid eile againn ár ngnáthchúraimí fánacha féin ná an ghaotaireacht is dual aimsir thoghcháin.

Tá sé oibrithe amach faoi seo againn gur dóichí ná a mhalairt gur comhrialtas a bheas againn agus gurb in an leithscéal a thabharfar ar na gealltanais a bhrisfear.

Tá mé tinn tuirseach do dhaoine ag béiceach orm agus ní thabharfaidh mé aon vóta d’aon duine a bhí do mo bhodhrú go dímhúinte le coicís ná d’aon duine nach bhfuil sásta a dhíchuimhne a admhachtáil.

Is iomaí bealach le haird a tharraingt ar an vóta – rides nó staiceanna an toghcháin a bhí á marcáil ag Alison Spittle do George Hook, geallta agus an corrlach ar na hiarrthóirí a bhí ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra. Bhí leagan d’amhrán Johnny Cash ag Tim Jackson i dTír Chonaill, bhí Chicken Licken ag Michael Noonan agus méaracha Adams a bhí ag dó na geirbe ag Nash. Ina vanguard agus ní ina mhudguard atá Alex White agus bhí neart plé ar na seantoghcháin. Bhí píosaí ó thoghchán 1948 ag John Bowman agus thabharfá an leabhar gurb iad an geaing seo a bhí ag cur díobh.

Ar Talking Point le Sarah Carey, bhí cuótaí inscne agus mná sa pholaitíocht á bplé go stuama. Chreid a raibh ann an mana ‘you cannot be what you cannot see’ nó an rud a fheiceann an páiste a dhéanann an páiste agus mheasadar dá réir gur den riachtanas mná a bheith i ngach réimse den saol.

Tá 165 bean ina n-iarrthóirí an uair seo cé nach gceapfá sin ar ghlórtha an aeir. Is minic ráite ag Kathleen Lynch gur mhaith léi vótáil do bhean leathmhaith go leor féin sula bhfaighidh sí bás mar go bhfuil sí sách fada ag vótáil d’fhir mheasartha.

Teastaíonn líon áirithe nó tairseach chriticiúil in eagraíocht sula mbeidh aon tionchar agat. Mura mbíonn mórán ban ann is cosúil go nglacann na mná tréithe an tromlaigh orthu féin mar nach féidir leo cultúr na bhfear a bhriseadh.

Sin an fáth go bhfuil na cuótaí tábhachtach mar gurb í an chéim is dúshlánaí – d’ainm a fháil ar an ticéad agus tugann na mná misneach agus tacaíocht dá chéile. B’fhiú ceist a chur ar Kate O’Toole agus Lucinda Creighton.

Is tábhachtaí go mór ag Clare Daly polaitíocht an iarrthóra ná an inscne agus vótálfaidh fir do mhná ach a bheith i do pholaiteoir maith. Agus í ag stocaireacht molann na seanmhná í as seasamh láidir in aghaidh an tseanchórais agus molann mná óga a seasamh ar chúrsaí sóisialta.

D’admhaigh sí ar This Week nach gceapann sí níos mó go bhfuil na freagraí uilig aici! Creideann sí go láidir nár cheart cultacha gnó a bheith mar fheisteas Dála ag fir ná mná mar nach lucht gnó formhór a bhfuil ina dteachtaí agus gur chóir gach gairm nó daoine gan aon ghairm a bheith ar a gcompord sa Dáil.

Go stuama a pléadh cúram leanaí, idir chostas, cháilíocht agus sholáthar ar chlár Colette Fitzpatrick ar an Domhnach, d’ainneoin an tsiléig a dhéanann an stát sa réimse sin.

Spéisiúil go leor sa chás sin, thacódh Lucinda Creighton le creidmheasa cánach. Is beag a deir an bhean sin a n-aontóinn leis ach tá an-mheas agam uirthi as an mbealach a gcuireann sí a polasaithe i láthair agus an chaoi a ndiúltaíonn sí maslaí pearsanta ná seamsáin a úsáid.

Má bhí an comhrá faoi na mná séimh stuama, bhí na fir ag búiríl leo ag Clare Byrne ag caint faoina bpolasaithe airgeadais. Noonan, McGrath, Howlin agus Ó Dochartaigh ag sclamhadh a chéile agus gan an t-acadúlach Stephen Kinsella in ann aon difríocht a fháil idir phleananna triúr acu, nó mar a deir sé – ‘tá a gcuid figiúirí uilig ceart agus iad uilig mícheart’. Idir an síor-rá agus beirt Mhichael, is beag den rath a chuala aon duine ach nach féidir le haon rialtas imeacht ón gcarr uilig mar go mbeidh siad ag faire orainn thall sa Bhruiséil. Comhairle Kinsella – léigh na forógraí, tá siad an-soiléir.

An ghrágaíl chéanna a bhí ar Newstalk ag am lóin ar an Aoine ag Barry Cowen ag plúchadh Simon Coveney faoi chúrsaí uisce, agus quango ar chuile dhara focal aige. Cuirfidh Fianna Fáil deireadh leis an táille uisce go ceann cúig bliana, deiseoidh siad an córas uilig, uilig go léir trí na comhairlí contae agus ansin… Bhí an láithreoir bocht maraithe ag fógairt ar fhear Uíbh Fhailí tarraingt siar ón maidhc ach is léir gur thug an deartháir cúpla ceacht glafaireachta dó sular imigh sé.

Le drochmheas a luaigh Éamon Ó Cuív bean ar This Week – gur ghearr aire pinsean na mban – agus í féin ina bean! Ceacht staire d’Éamon, bhí fir sách fada sa Dáil agus is maith is eol domsa nár chuimhnigh siad ar phinsean na mbaintreacha a thabhairt d’fhir gur tharraing gluaiseacht na mban anuas é agus murach Mary Robinson agus an Eoraip, cár fhág na fir Josie Airey?

Rud amháin faoi Fhianna Fáil, tá an soiscéal de ghlanmheabhair acu – shílfeá gurb iad na briathra ceannann céanna a thagann amach as béal gach iarrthóra. Bhí Lisa Chambers ar Midwest Radio agus mantra Cowen focal ar fhocal aici. Lámha sábháilte an Mháirtínigh an gháir chatha a bhí aici dá deisceabail agus is deas tráthúil mar a d’fhiafraigh an láithreoir di ‘céard atá nua faoina lámha, an bhfuil sé mhéar anois air?’

Beidh coinbhinsean iarthoghcháin ag Fianna Fáil le vótáil faoi chomhrialtas le Sinn Féin más amhlaidh a thiteann an imirt – níl bhur lá tagtha fós, a déarfas bean Mhaigh Eo. Ar an gclár céanna mhol John Perry na hArd-Chúirte a cheannaire go haer agus d’iarr Denis Naughten, iar-FG, ar dhaoine vótáil don fhear deas maol as Ros Comáin ag bun na bileoige! Is trua nach dtuigeann iarrthóirí eile nach maith linn béicíl.

Bhí plé fíorspéisiúil ar chlár na hEolaíochta ar Newstalk, Future Proof, faoin dúchas láidir atá sa duine é féin a chosaint agus an strainséir a sheachaint agus an chaoi a sáraíonn an nádúr sin ár n-intleacht agus muid ag déanamh breithiúnas ar dhuine nó ag vótáil.

Is maith linn nuair a aontaíonn daoine linn féin, bíodh muid ceart nó mícheart, agus b’fhearr linn miotais go mór ná an fhírinne. Plámás deisbhéalach Ronald Reagan agus fírinne lom Walter Mondale léiriú amháin a tugadh agus cá bhfágfadh muid Gruagach Fionn an Dúin Bhig. Dar leis an néareolaí seo, aithníonn páiste nach bhfuil ach 9 nóiméad amuigh as an mbroinn cneámhaire. Ar cheart dúinn na leainíní a chur ag vótáil?

Fág freagra ar 'Na mná séimh stuama agus na fir ag búiríl leo…'