Na mílte euro bailithe ag Gael a rith fad cheithre mharatón i gceithre lá

Rith Fiachra Mac Suibhne as Léim an Bhradáin i gCill Dara 168km i 96 uair an chloig agus é ag bailiú airgid ar son Chumann Ailse na hÉireann

Na mílte euro bailithe ag Gael a rith fad cheithre mharatón i gceithre lá

Tá os cionn €8,500 tiomsaithe ag Gael do charthanacht tar éis dó fad ceithre mharatón a rith i gceithre lá.

Rith Fiachra Mac Suibhne as Léim an Bhradáin i gCill Dara 168km i 96 uair an chloig agus é ag bailiú airgid ar son Chumann Ailse na hÉireann.

Seachas maratón amháin a rith gach lá, bheartaigh Mac Suibhne an dúshlán a bhriseadh suas agus rith sé 7km gach ceithre uair an chloig i rith an cheithre lá.

D’fhág sin an fear óg ag éirí lá agus oíche chun dul amach ag rith.

“Thosaigh mé ag a deich ar maidin. Bhí orm dul amach ansin ag a dó, ag a sé, ag a deich san oíche, ar a dó agus ar a sé ar maidin,” a mhínigh Mac Suibhne agus é ag labhairt le Tuairisc.ie faoin dúshlán.

Lean sé sin ar aghaidh ar feadh 96 uair an chloig go dtí go raibh 24 rith 7km déanta aige.

Aisteach go leor, deir Mac Suibhne, a bhfuil blianta caite aige ag obair sa samhradh i gColáiste Uí Chadhain sna Mine i gConamara, nach bhfuil aon suim mhór aige sa rith agus nach bhfuil sé aclaí “ar chor ar bith”. Bheartaigh sé tabhairt faoin dúshlán ar an mbealach seo mar nár mheas sé go mbeadh sé in ann maratón iomlán a rith.

Seans gurb é an rud is aistí ar fad, áfach, nach é seo an chéad uair ag Fiachra é féin a chéasadh ar an mbealach sin.

“Tá Meiriceánach ann darbh ainm David Goggins agus bíonn seisean ag déanamh neart dúshláin aisteacha. Tá dúshlán aige darbh ainm an 4x4x48. Ritheann tú ceithre mhíle gach ceithre uair an chloig ar feadh dhá lá.

“Rinne mé é sin cheana agus thaitin sé liom ach cheap mé go raibh beagáinín níos mó fágtha sa tanc agam,” arsa Mac Suibhne.

“Bhí mé ag iarraidh dúshlán a chuirfeadh brú ar m’intinn chomh maith chun mé féin a spreagadh.”

Is léir gur mó suim atá ag Mac Suibhne, a bhfuil céim sa dlí aige, sa dúshlán intinne thar aon rud eile agus é ag iarraidh barr a chumais a bhaint amach.

“An mana a bhí agam, an rud a choinnigh ag imeacht mé ná an teoiric seo faoi ‘na báid a dhó’. Baineann sé leis na Conquistadors agus Cortez. Nuair a d’imigh siad go dtí tír nua, dhóigh siad na báid ionas nach mbeadh siad in ann dul ar ais go dtí an Spáinn agus nach raibh an dara rogha acu ach dul ar aghaidh.”

Deir Mac Suibhne gurb é sin a thug spreagadh dó an dúshlán a chríochnú, go háirithe tar éis dó an oiread sin tacaíochta a fháil ó dhaoine. Ní raibh súil ar bith aige go n-éireodh chomh maith leis an bhfeachtas, ach, agus na mílte euro á mbailiú aige, bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé an dúshlán a chríochnú.

“Bhí an bád dóite. Ní raibh an dara rogha ann!”

Ní hamháin go raibh daoine sásta airgead a thabhairt dó ach spreagadh daoine chun cabhair phraiticiúil a thabhairt dó chomh maith. Tháinig physio chuige chun bindealáin a chur ar a chosa agus thug saineolaí cothúcháin comhairle dó ó thaobh céard ba cheart dó a ithe.

Deir Mac Suibhne go raibh an rud ar fad i bhfad níos deacra ná mar a shíl sé a bheadh. Níor chodail sé ach thart ar dheich n-uair an chloig an ceithre lá agus bhí deora péine leis i dtreo dheireadh na dúshláine.

Agus thart ar 20km le dul aige, bhí Mac Suibhne buartha nach mbeadh sé in ann dul níos faide de bharr na péine ach d’éirigh leis coinneáil ag treabhadh leis.

“Chuir mé strapping thar a bheith teann thart ar mo ghlúine agus chabhraigh sé sin go mór. Chuir sé stop le haon sruth fola, ní raibh mé in ann mo chosa a lúbadh agus bhí mé ag dul thar a bheith mall ach ní raibh an phian chomh dona!”

Faoi dheireadh, d’éirigh le Mac Suibhne a sprioc a bhaint amach.

“Bhí mo thuismitheoirí agus daoine eile ann chun bualadh bos a thabhairt dom. Bhí mé tuirseach traochta, bhí mé i bpian ach bhí mé chomh sásta.

“An faoiseamh a fuair mé, ‘Buíochas le Dia go bhfuil mé saor ón rud seo’.  Bhí 96 uair an chloig caite agam ag smaoineamh air seo agus níor cheap mé go gcríochnódh sé go deo”.

“Bhí sé ar nós an Ardteist nó rud éigin a chríochnú!”

Bhí os cionn €7,000 bailithe aige faoin am sin agus tá curtha leis sin ó shin. Deir Mac Suibhne go bhfuil sé thar a bheith buíoch do chuile dhuine atá tar éis cabhrú leis.

“Tá sé dochreidte. Dúshlán beag dom féin a bhí ann ar dtús. Dá mba rud é go raibh mé in ann €1,000 a bhailiú, ar a mhéad, bheinn sásta!”

– Is féidir feachtas bailiúcháin Fhiachra Mhic Suibhne a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Na mílte euro bailithe ag Gael a rith fad cheithre mharatón i gceithre lá'