Na mílte euro ar fáil do chumainn CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Cuirfidh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha deontais ar fáil d’fhoirne CLG atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn arís in 2018

Na mílte euro ar fáil do chumainn CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha ag lorg iarratais ó chumainn CLG ar mhaoiniú chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael é Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha. Tá 70 gníomh leagtha amach ag an scéim a chuireann an teanga chun cinn.

Anuraidh a reáchtáladh an scéim den chéad uair agus ghlac beagnach 90 cumann páirt ann. Rinneadh infheistíocht €41,000 sa Ghaeilge ag leibhéal an chlub trí scéim deontais na Fondúireachta in 2017.

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.

“Tá muid fíorshásta leis an tionchar dearfach atá le brath sna clubanna de bharr Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha,” a dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Pobail le Glór na nGael.

“Is cuid lárnach d’achan phobal na clubanna CLG agus tá lúcháir orainne mar cheanneagraíocht an nasc speisialta seo a bheith againn leo agus achan tacaíocht go dtig linn a thabhairt le cuidiú leo dearcadh dearfach a chothú i leith na Gaeilge agus dar ndóigh úsáid an teanga a spreagadh agus a neartú.”

Ghlac cumainn ar fud na tíre páirt sa scéim anuraidh agus bhain siad leas bainte as an maoiniú chun gníomhaíochtaí ar leith a chur i gcrích.

“Is deis iontach é dúinne a bheith páirteach sa bhFondúireacht” a dúirt Brian Mac Uaid ó chumann peile Na Sáirséalaigh i gCill Laobháin i gCo. Mhuineacháin.

“I mbliana bhain muid úsáid as an maoiniú ón mbabhta deontais le cuidiú le daltaí meánscoile atá sa chumann, agus daltaí eile, iad féin a ullmhú don bhéaltriail agus más féidir linn ba mhaith linn cuairt eile a thabhairt ar Ghaoth Dobhair.”

Chuir Seán Ó Gabhann, Oifigeach Gaeilge i CLG Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i nGaillimh, fáilte roimh fhógairt an bhabhta maoinithe is déanaí. “Tá maitheas mór déanta ag an Fhondúireacht don chumann,” a dúirt sé. “Feicim anois go bhfuil daoine a bhfuil fíorbheagán Gaeilge acu ag úsáid téarmaí agus seanfhocail nár úsáid siad riamh roimhe seo. Fiú amháin ar na meáin shóisialta sa chumann, tá níos mó Gaeilge in úsáid.”

“Anuraidh ceadaíodh deontas dúinn le ranganna damhsa ar an sean-nós a eagrú,” a dúirt Síle Uí Ghallchóir, Oifigeach Gaeilge CLG Ghaoth Dobhair, “agus tá maoiniú €400 ceadaithe cheana féin i mbliana le ceardlann scríbhneoireachta sna agallamh beirte a reáchtáil. Seo imeachtaí úra sa chumann nach dtarlódh gan tacaíocht ón Fhondúireacht.”

Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael ag 046 943 0974 nó ar www.glornangael.ie/clg

Fág freagra ar 'Na mílte euro ar fáil do chumainn CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn'

  • maistin

    Abair le Frank Murphy (CLG Corcaigh) é go bhfuil airgead ar fáil don Ghaeilge. B’fhéidir go bhfaigheadh sé duine éigin a bhfuil Gaeilge éigin aige chun na fógraí a thabhairt amach ansin. Seachas an tútaireacht a bhíonn ar siúl faoi láthair.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Is iontacht an rud é go bhfuil cúpla euro ar fáil le haghaidh an Ghaeilge a chur chun cinn ag CLG – tar anuas go dtí Coláiste na Rinne chun saibhreas na Gaeilge a bhlaiseadh agus snas a chur ar do chúpla focal. Tá gach saghas cúrsa ar fáil díóbh. Ba cheart do CLG úrlabharí le Gaeilge (seachain an Béarlachas) blasta chun tuairimí a chur i láthair ag na cluichi uilig. Cuir an scéal amach chuig gach contae agus faigh imreoirí gur mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú chun muinín a thabhairt dóibh i dtaobh agallamh ar an dteilifís.