Na milliúin euro curtha ar ais as Conamara go Baile Átha Cliath

Tá €6.5 milliún a bhí le caitheamh ar phlean forbartha bhóthar an N59 i gConamara le dhá  bhliain anuas curtha ar ais arís sa Státchiste

Na milliúin euro curtha ar ais as Conamara go Baile Átha Cliath

Tá an scéala go bhfuil €6.5 milliún a bhí le caitheamh ar phlean forbartha bhóthar an N59 i gConamara le dhá  bhliain anuas curtha ar ais arís sa Státchiste ag cothú tuilleadh conspóide. 

Níorbh fhéidir an t-airgead a chaitheamh mar go bhfuil cosc ar an obair ar an mbóthair de bharr cúinsí timpeallachta.

Ba dheacair a chreidiúint go dtarlódh a leithéid de rud nuair a troideadh feachtas fadálach ar mhaithe le feabhas a chur ar bhóithre Chonamara sna 1980dí agus sna 1990dí.  Chuaigh daoine go príosún an uair sin de bharr a gcuid agóidíochta faoin mbail a bhí ar bhóithre Chonamara.  Bhí an t-iarChomhairleoir Contae, Peadar Ó Tuathail as Leitir Móir agus leithéidí Sheosaimh Uí Chaisín as Ros Muc ina measc siúd a chaith tréimhsí sna cillíní mar nach n-íocfaidís cáin bhóthair san am. 

Deich mbliana fichead théis na hagóide sin agus tá cás na mbóithre i gConamara níos casta ná riamh.  Ach ’sé an casadh is iontaí ná go bhfuil na milliúin euro a bhí ceaptha don bhóthar is airde céim sa gceantar á seoladh ar ais go Baile Átha Cliath, gan chaitheamh.

Ceadaíodh €4 milliún in 2016 le tús a chur leis an obair forbartha in Uachtar Ard agus é i gceist go leanfaí léi siar i dtreo na Léime. Tús leis an scéim mhór forbartha ar an N59 idir Uachtar Ard agus an Clochán a bheadh ansin.  B’éigean mórán chuile phingin den airgead sin a chur ar ais sa Státchiste mar nach bhféadfaí lámh a leagan ar an obair de bharr cúrsaí timpeallachta.

Ansin in 2016 ceadaíodh €2.5 milliún le haghaidh an stráice idir Uachtar Ard agus an Clochán agus bhí milliún de sin go sonrach le haghaidh na hoibre idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.  Ach, seachas tuairim €100,000,a caitheadh ar obair thaighde agus chomhairleoireachta, b’éigean an t-airgead sin uilig a chur ar ais sa Státchiste freisin.

Tá an mhatamaitic sách simplí – €6.5 milliún tugtha do Chonamara agus €6.5 milliún curtha ar ais arís go Baile Átha Cliath as Conamara.  Pé ar bith caoi a gcuirtear foclaíocht air, is mar sin atá.  Bhí an t-airgead seo uilig ceaptha le haghaidh an bhóthair a dtugtar  “an bóthar is measa in Éirinn” ar go minic.  Mar shampla, is mar seo a labhair Liam Gavin, a bhásaigh Liam Gavin go tobann i dtús mhí na Nollag, suaimhneas síoraí dó, agus é ag caint anuraidh mar cheannasaí ar sheirbhísí bóthair chontae na Gaillimhe:

“The N59 at the moment, particularly  from Oughterard to Clifden, is in very poor condition. The pavement is badly broken up, IT IS UNSAFE, and it needs remediation and realignment.”

An socrú neamhghnách a rinne an Bord Pleanála a chuir an obair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite in aimhréidh.  Thug an Bord cead forbartha agus ghlacadar leis gur theastaigh obair chuimsitheach ar an stráice sin.  Ach cuireadh aguisín sa gceadúnas: ní fhéadfaí an obair a thosú go mbeadh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sásta leis an bplean oibre.  Tá cuid mhaith de thrí bliana imithe thart anois agus gan aon réiteach déanta. Tá caint go bhfuil roinnt feidhmeannach sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar mhalairt tuairimí agus gurb é sin ceann de na cúiseanna is mó nach bhfuiltear tagtha ar shocrú a ligfeadh don obair dul ar aghaidh. 

Beidh toscaireacht ó Fheachtas Gnímh an N59 ag casadh leis an Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross, TD, go gairid anois mar chuid den iarracht leis an obair a chur chun cinn.  Is é an Seanadóir neamhspleách Pádraig Ó Céidigh a shocraigh an cruinniú sin. 

Beidh an Feachtas ag iarraidh a dhul go bun an údair i dtaobh na moille atá ag baint leis an socrú faoin obair chuimsitheach idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.  D’fhéadfadh sé go mbeifí ag iarraidh go gceapfadh an tAire eadránaí leis an gcás agus an chaint a thabhairt chun críche.

Ach, idir an dá linn, tá imní ar údarás na mbóithre náisiúnta, an TII, faoin mbail atá ar an N59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite agus an baol timpistí atá ag baint leis. Tá plean á réiteach anois le dromchla sealadach a chur ar phíosa den bhóthar sin.  ‘Overlay’ an leagan oifigiúil atá ar an obair seo; “scráib tarra agus gainimh” a thug lucht Fheachtas Gnímh an N59 air. 

Dúirt an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív gur mó de chontúirt ná a mhalairt a bheadh san obair shealadach seo.  Mhéadódh sé luas na gcarranna ar bhóthar nach bhfuil “sách díreach ná sách leathan lena aghaidh sin”, a deir sé. Ach pé ar bith téarma é, is fada é ón “remediation and realignment” a gealladh san obair shealadach.

Beidh Feachtas Gnímh an N59 ag iarraidh go dtabharfaí barántas láidir dóibh go gcloífí leis an bplean cuimsitheach don bhóthar seo idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite agus go rachfaí in éadan na hoibre sin chomh luath agus is féidir, beag beann ar aon obair shealadach.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála don iarratas forbartha ar an stráice den N59 idir an Teach Dóite agus an Clochán.  Dúradh ina mbreithiúnas gur thuigeadar gur theastaigh an obair feabhsúcháin ach socraíodh sa deireadh ar vóta 2:1 nach dtabharfaí an ceadúnas mar go raibh an iomarca imní orthu go gcuirfeadh an obair isteach ar Cheantar Speisialta Caomhnaithe. Is léir go mbeidh Feachtas Gnímh an N59 ag iarraidh go ndéanfaí pé aicearra is féidir tríd an gcóras pleanála, socruithe faoi mhír 8 den reachtaíocht Rialtais Áitiúil más féidir, ionas go bhféadfaí dlús a chur le forbairt an stráice sin. Beifear ag iarraidh ar an Aire Ross a lámh féin a chur sa scéal mar Aire Iompair agus Turasóireachta.

Beifear ag iarraidh air freisin dlús a chur leis an bpróiseas le réiteach a fháil ar an scéal ionas nach mbeadh airgead atá ag teastáil go géar i gConamara á sheoladh ar ais go ciste an Stáit.

Idir an dá linn, déanfar plé inniu ar chás an N59 ag cruinniú den Choiste Oireachtais um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

Fág freagra ar 'Na milliúin euro curtha ar ais as Conamara go Baile Átha Cliath'

  • Sarah keyes

    Caithfidh mé a rá go bhfuil Tuairisc an-chlaonta faoin scéal seo. Cothroime? Ní cheapfainn é