Na meáin shóisialta: ardán don ár

An bhfuil cuid den locht faoi ráig sceimhlitheoireachta na linne seo ar na meáin shóisialta? Measann ár gcolúnaí go bhfuil…

Na meáin shóisialta: ardán don ár

Bhí líonrith i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, Dé Domhnaigh. Bhagair fear a mhaígh go raibh pléascáin ceangailte timpeall ar a chabhail aige foirgneamh mór ollscoile a shéideadh in aer. Bhí 3,400 mac léinn dlí ar tí tabhairt faoi scrúdú feidearálach a cháileodh mar dhlíodóirí iad san fhoirgneamh sin ag an am.

Fuarthas amach, tar éis idirbheartaíochta a mhair ceithre huaire an chloig, nach pléascáin a bhí ceangailte dá chorp ag an bhfear, a ainmníodh sna meáin áitiúla mar Frank Oliveira da Costa, ach milseáin a dhéantar as sinséar.

‘Ní tharlódh a leithéid ach in Salvador,’ a dúirt muintir na cathrach, a mbítear ag magadh fúthu sa Bhrasaíl mar a bhítear ag magadh in Éirinn faoi mhuintir Chiarraí.

Scéal grinn a bheadh ann, go deimhin, murach gur gortaíodh roinnt daoine sa táinrith a tharla, agus murach an comhthéacs idirnáisiúnta.

Mar a scríobh mé ar na leathanaigh seo cheana tá go leor fadhbanna ag an mBrasaíl ach, go dtí seo, níl an sceimhlitheoireacht ar cheann acu.

Ábhar suntais eile i dtír a bhfuil fáil éasca ar ghunnaí inti ná a laghad ráigeanna lámhaigh a tharlaíonn ann. Sa bhliain 2011 go deireanach a tharla eachtra den chineál sin, nuair a mharaigh fear óg dáréag daltaí meánscoile i bhfobhaile de chuid Rio de Janeiro sular chuir sé é féin den saol.

Léiriú é eachtra na ‘bpléascán’ in Salvador, áfach, go bhfuil coincheap na sceimhlitheoireachta tógálach. Tá aithris á déanamh anois, is léir, fiú i gcúinní den domhan nach bhfuil baint ar bith acu le coimhlintí an Mheánoirthir ar straitéis fhéinmharfach shaighdiúirí ISIS agus grúpaí nach iad.

Ní raibh baint ná páirt ag fear na ‘bpléascán’ in Salvador le grúpa sceimhlitheoireachta ar bith. Fear a bhí ann, de réir na meán áitiúil, ar theip air aon uair déag cheana sa scrúdú a bhí ar siúl san fhoirgneamh ollscoile a bhagair sé a shéideadh in aer. Ach is deacair a shamhlú nach iad ráig na sceimhlitheoireachta agus plá na n-eachtraí lámhaigh san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh a spreag é.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Ali Sonboly, an fear óg ocht mbliana déag d’aois a dhúnmharaigh naonúr agus a leon nach mór scór go leith duine eile sular chuir sé é féin den saol in München na Gearmáine an tseachtain seo caite. 

Cá mhéad fear nó bean óg eile atá míshásta leo féin nó leis an saol i gcoitinne a dhéanfaidh aithris fós ar na heachtraí sceimhlitheoireachta agus lámhaigh a fheiceann siad ar a ngutháin phóca?

Tarraingíonn an cheist sin anuas ceist eile. Ar cheart rialacha a chur i bhfeidhm maidir leis an tuairisciú a dhéantar ar eachtraí den chineál seo, cosúil leis na rialacha dochta atá i bhfeidhm, in Éirinn, maidir le tuairisciú eachtraí ina gcuireann duine lámh ina bhás féin nó i mbás a theaghlaigh?

Tabharfaidh mé freagra na ceiste sin ar an bpointe boise: ní féidir. Sa chéad dul síos, ní bheadh sé ceart gan tuairisciú a dhéanamh ar dhúnmharú. Sa dara dul síos, lena bhfuil de ghutháin phóca sa saol, ní féidir scéal ar bith a choinneáil ciúin a thuilleadh. Is beag an smacht atá ag na meáin thraidisiúnta – agus ag pé féinchinsireacht a chuirfeadh siad sin i bhfeidhm – ar Facebook, ar Twitter, ar ghrúpaí WhatsApp.

Sa lá atá inniu ann, déantar ionsaí sceimhlitheoireachta a bheochraoladh ar na meáin shóisialta; go deimhin measaim féin go mbíonn tionchar ar-líne an ionsaí chomh tábhachtach céanna, i súile an sceimhlitheora, le líon na marbh. 

Agus seans go bhfuil croílár na faidhbe ansin. Murach na meáin shóisialta, ní bheadh sé chomh furasta do dhuine – ná ní thabharfaí oiread spreagtha dó – léim i lár an stáitse dhomhanda chun cúig nóiméad déag de chlú agus de cháil a éileamh dó féin le gunna, buama, leoraí nó go deimhin le milseáin sinséir.

Fág freagra ar 'Na meáin shóisialta: ardán don ár'

  • Eoin Ó Cróinín

    Ni rud nua é seo – is feinimeán a théann i bhfad siar é an féínmharú aithrise (copycat suicide). Nuair a foilsíodh ‘Crá croí Werther Óg’ san ochtú haois déag spreag sé sin na céadta fear óg chun aithris a dhéanamh ar an bpríomhcharachtar agus lámh a chur ina mbás féin. Ní pictiúir is cúis leis an bhfeiniméan seo, dá bhrí sin – is leor go scaipfear eolas faoin sceon chun daoine eile a spreagadh i mbun gnímh. Agus i ré an idirlín, gheobhaidh daoine amach faoi na sonraí ar fad luath nó mall ar aon chaoi