Na máistrí agus na núíosaigh le dul i mbun coimhlinte do Chraobh Laighean

Tabharfaidh Portlaoise agus Baile Buadáin aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Craobh Peile Chúige Laighean inniu agus cé go bhfuil an chraobh buaite seacht n-uaire ag fir Laois, meastar gur ag an bhfreasúra a bheidh an bua inniu

Foireann peile Bhaile Buadáin. INPHO/Ryan Byrne
Foireann peile Bhaile Buadáin. INPHO/Ryan Byrne

Baile Buadáin (Baile Átha Cliath) v Portlaoise (Laois), Páirc Uí Chonchúir, 2i.n.

Tabharfaidh an cumann is rathúla i gCúige Laighean aghaidh ar fhoireann atá ag iarraidh craobh an chúige a bhuachan den chéad uair inniu i gcluiche ceannais peile Laighean.

Seacht n-uaire atá Craobh Laighean buaite ag Portlaoise, an bua is deireanaí acu i 2009. Bíódh gurb  é seo an chéad uair do Bhaile Buadáin áit a bhaint amach sa chluiche ceannais fiú, is iad rogha na cointiantachta iad do chluiche an lae inniu.

Ar nós Chraobh Iomána na Gaillimhe, meastar Craobh Peile Bhaile Átha Cliath a bheith ar cheann de na comórtais is deacra atá sa tír agus tugtar ómós ar leith d’fhoireann a n-éiríonn leo é a bhuachan. Cé go raibh níos mó ratha ar Bhaile Buadáin mar chumann iomána le roinnt blianta anuas, agus Craobh Bhaile Átha Cliath buaite acu sé huaire ó 2007, tháinig siad aniar aduaidh ar Naomh Uinsionn sa chraobh peile ag tús mhí na Samhna chun é a bhuachan don tríú huair.

Coimhlintí géire a bhí in dhá chluiche Bhaile Buadáin i gCraobh Laighean go dtí seo, agus buanna faighte acu i gcoinne Naomh Pádraig (An Lú) agus Naomh Lómáin (An Iarmhí). Cé go mbraitheann siad go leor ar aclaíocht iar-Pheileadóir na Bliana, Michael Darragh Macauley, tá dea-imreoirí acu ar fud na páirce, ó fhear Dhún na nGall, Paul Durcan sa chúl, suas go dtí Conall Keaney sa líne lántosach.

Portlaoise atá leo inniu, foireann a bhfuil forlámhas iomlán bainte amach acu ina gcontae féin agus Craobh Laoise buaite acu den naoú huair as a chéile i mbliana. Cé gur gaisce den scoth é sin, beidh díomá orthu nach raibh an rath céanna orthu i gCraobh Laighean le linn na tréimhse sin.

Ba é an bua i gcoinne Charraig an Chaisleáin i 2009 an t-aon uair a bhuaigh siad Craobh Laighean sa tréimhse sin, iad ag cailleadh in aghaidh Bhaile Munna agus Naomh Uinsionn i 2012 agus 2013 faoi seach. Agus an cluiche ceannais caillte faoi dhó acu in aghaidh foirne Bhaile Átha Cliath, beidh Portlaoise ag iarraidh déanamh cinnte gur leosan a bheidh an lá an uair seo.

bóthar fada curtha díobh acu  chun an cluiche seo a shroicheadh. Bhí athimirt ag teastáil uathu chun Ioma a shárú i gcluiche ceannais Laoise agus, díreach an lá dar gcionn, bhí orthu na Cnoic Arda (Ceatharlach) a shárú i gcluiche cáilithe Laighean. D’éirigh leo é sin a dhéanamh agus i ndiaidh bua a fháil ar Na Sáirséalaigh (Cill Dara), rinne siad scrios ar Chill Eo (an Longfort) sa chluiche leathcheannais.

Paul Cahillane, a d’imir sacar faoi aois do Celtic, an príomhscórálaí atá acu agus 4-14 faighte aige sa cheithre chluiche i gCraobh Laighean go dtí seo. Cé go bhfuil ceannas iomlán acu ar Chraobh Laoise, níl mórán imreoirí ag Portlaoise atá fós ag imirt le foireann an chontae. Beidh taispeántas maith ag teastáil ó Cahir Healy sa líne lánchúil, fear a d’imir le foireann peile an chontae ach ata anois ag imirt leis na hiománaithe.

chuirfidh páirc throm isteach go mór ar cheachtar den dá fhoireann seo ach fágann fuinneamh Macauley ag , agus cruinneas Keaney gur ag Baile Buadáin atá an buntáiste an géabh seo.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Buadáin

Fág freagra ar 'Na máistrí agus na núíosaigh le dul i mbun coimhlinte do Chraobh Laighean'