Ná ligimis i ndearmad mná Mhaighdiléana

Fuair 35 cailin óg agus duine fásta amháin bás i dtragóid an Chabháin agus táthar fós ag caint ar leacht cuimhneacháin ar an mbaile, 80 bliain níos déanaí

Ná ligimis i ndearmad mná Mhaighdiléana

Tháinig scéal as an gCabhán le gairid – tá leacht le tógáil más fíor, i gcuimhne orthu siúd a maraíodh sa dóiteán mór ansin ochtó bliain ó shin. An 23 Feabhra, 1943 (i lár an Dara Cogadh Domhanda), chuaigh dílleachtlann Naomh Iosaef trí thine i lár na hoíche.

Nach spéisiúil an rud é nach bhfuil aon leacht cuimhneacháin ann ar chor ar bith – tar éis an méid sin ama?

Meas’ sibh cé mhéad leacht eile a tógadh i rith na mblianta sin agus a nochtadh agus pearsana mór le rá na tíre i láthair chun ócáid éigin a chomóradh? Tragóidí bóthair, tragóidí farraige, ionaid luíochán, cathanna stairiúla, comóradh ar scríbhneoirí, ar dhrámadóirí, ar ealaíontóirí… liosta le háireamh, d’fhéadfá a rá cinnte.

Ach meabhraíodh dúinn le gairid go bhfuair 35 cailin óg agus duine fásta amháin bás i dtragóid an Chabháin agus táthar fós ag caint ar leacht cuimhneacháin ar an mbaile, 80 bliain tar éis na tragóide.

D’fhéach mé siar ar chuntais nuachtán faoinar tharla agus cé nach féidir na fíricí ar fad a chinntiú sa lá inniu, chuirfeadh sé alltacht ort fós agus tú ag léamh faoi.

Cé gur cuireadh fios ar an mbriogáid dóiteáin, níor tháinig slán as an loisceadh ach naonúr. Léim a bhformhór anuas as fuinneoga arda.

Chuirfeadh sin iontas ort anois, nach gcuirfeadh? Bhí sé ina ráfla, agus ní raibh ann ach ráfla, go ndúradh leis na cailíní gan a theacht anuas ón seomra ina rabhadar, toisc go raibh siad gléasta i gcultacha oíche agus nár mhian leis na mná rialta go bhfeicfeadh na fir dhóiteán iad.

Ráfla eile a luadh an tseachtain seo caite ná gur chualathas glór ag béicíl orthu a dhul siar – ar ais sa seomra. Ní raibh a fhios cé mba leis an glór. Ar ndóigh bhí teach níocháin mar chuid den dílleachtlann. Cuireadh cailíní ann ar chúiseanna éagsúla – mar shampla, dá mba rud é go bhfuair an mháthair bás, measadh nach raibh sé ceart iad a fhágáil faoi chúram a n-athar.

Agus ag breathnú siar ar chuntais éagsúla faoi ócáidí cuimhneacháin na tragóide sin, thug mé faoi deara nach inniu ná inné a tosaíodh ag caint ar leacht cuimhneacháin.

Ach mar a dúradh i mbliana – agus daoine lándáiríre faoi seo – ‘Caithfimid é a dhéanamh i gceart. Caithfimid a bheith tuisceanach leis na daoine a bhfuil gaol acu leo siúd a bhásaigh sa tubaiste.’

Bhí mé fós ag smaoineamh ar an tragóid agus ar an leacht nár tógadh fós, nuair a thug mé cuairt ar chathair na Gaillimhe cúpla lá ina dhiaidh sin.

Agus mé ag spaisteoireacht trí Shráid Forster, chuimhnigh mé go mbíodh an teach níocháin ‘Magdalene’ ar choirnéal sa tsráid sin, gar go maith don Fhaiche Mhór. Bhíodh an t-ainm in airde ar bhinn tí ansin ar feadh i bhfad – fiú amháin le linn domsa a bheith ag freastal ar an ollscoil sna seachtóidí, bhí an teach níocháin ann.

Mheas muidne an t-am sin go raibh na mná ar fad imithe as an áit – go dtí go bhfuaireamar amach blianta ina dhiaidh sin agus cláracha teilifíse déanta faoi, go raibh cuid acu fós ag fanacht ann. Cén áit eile a ngabhfaidís? Bhí a saol caite acu ag ‘sclábhaíocht’ sa teach níocháin.

Thosaigh mé ag póirseáil thart ar an bplásóg, áit a dtagann na sráideanna le chéile sula dtagann tú chomh fada leis an bhFaiche Mhór.

Thóg se píosa maith orm é a aimsiú. Tá dealbh cuimhneacháin ann ceart go leor agus píosa filíochta leis an scríbhneoir Patricia Burke Brogan, (a bhí tamall ina bean rialta san áit), greanta ar chloch ann.

Ach nílim cinnte cé a bheadh in ann ceart a bhaint as na píosaí scríbhneoireachta ann. ‘Magdalene Women’ – cé hiad sin? An mbeadh a fhios ag cuairteoirí? Céard faoi dhaoine óga – an mbeadh a fhios acu siúd?

Tá an dealbh féin iompaithe isteach sa chaoi is nach féidir é a fheiceáil ar chor ar bith ón mbóthar. An d’aon turas a rinneadh é sin?

Agus tú ag iarraidh an dealbh nó an leacht cuimhneacháin a aimsiú tá radharc gránna agat ar bhailiúcháin seastán agus boscaí miotail, nach bhfuil bun ná barr leo. ‘Troscáin sráide’ a thugtar ar an gcineál seo stuif.

Sheas mé ansin, gar go maith don Fhaiche Mhór, mar a deirim, agus shamhlaigh mé gur turasóir nó cuairteoir mé a chuala faoin gcáil a bhain an chathair amach le blianta beaga anuas i ngeall ar chúrsaí ealaíne.

An amhlaidh go bhfuil bunús chomh láidir sin faoin bpoiblíocht maidir le cathair an chultúir, go gceaptar go bhfuil sé iomlán fíor?

An tseachtain cheana léigh mé in ait éicint –ar na meáin shóisialta b’fhéidir, gur thosaigh slua turasóirí ag gáirí amach os ard nuair a thángadar fad leis an bPóirse Caoch.

An raibh duine ar bith agaibh i ngar don Phóirse Caoch le deireanas?

Ceapaim féin go bhfuil cleachtadh chomh mór againn ar an radharc ba cheart a bheith os comhair ár súl, nach bhfeiceann muid aon rud as bealach nuair a athraítear é.

Is cinnte go raibh pictiúr den Phóirse Caoch feicthe ag na turasóirí i mbróisiúr éigin de chuid Bhord Fáilte. Ansin nuair a leaindeáil siad thíos ag ceann Shráid na Cé bhí radharc millteanach os a gcomhair – seans gur shíl siad gur láthair thimpiste nó oibreacha móra poiblí a bhí rompu. Ar bhealach, ba ea. Ach is cosúil go bhfuil glactha go coitianta leis anois, gur gnáthradharc é agus nár cheart d’éinne a bheith ag déanamh iontais, nó ag magadh faoi.

Baineann roinnt mhaith daoine – gnólachtaí, óstáin, comhlachtaí turasóireachta srl brabach as an gcáil atá bainte amach ag Gaillimh agus an méid a rinneadh ar son na n-ealaíon i rith na mblianta. Ach ní shílim gur shaothraigh na healaíontóirí mórán brabaigh as an gcáil sin.

Molaim do na comhairleoirí cathrach siúl thart ar an mbaile agus breathnú go géar ar na sráideanna, na plásóga, na spásanna poiblí. An mbeadh aon duine ag maíomh gur cathair chultúrtha í seo?

An mbeidís cinnte de nach bhfuil siad ag ligean a stair shóisialta i ndearmad? Tá sé ceart go leor a ligean ort gur sheas Columbus anseo agus gur dhúirt sé paidir in Eaglais San Nioclás. Ach táimid i bhfad níos siúráilte faoin méid a tharla do na mná sa teach níocháin i Sráid Forster. Ná ligimis i ndearmad iad.

Fág freagra ar 'Ná ligimis i ndearmad mná Mhaighdiléana'