‘Cá bhfuil Mohamed?’ a bhéic siad sular loisceadh a shiopa. B’in ar an gcéad lá de chíréibeacha ciníocha i mBéal Feirste. Ionsaíodh gnólachtaí beaga ‘eitneacha’ eile chomh maith le hóstáin ar dúradh, in earráid, go raibh inimircigh ina gcónaí iontu
Níl baint dá laghad ag an gcineál sin iompair le himní faoi conas a láimhseálann na húdaráis inimirce. Caithfear an fhírinne a aithint. Ciníochas is ea é, fuath do dhaoine le cneas neamhgheal, Moslamaigh go speisialta.
Cancar seanbhunaithe i dTuaisceart Éireann is ea fuath don eile agus tá an seicteachas fós róchoitianta. Bhí gort méith le forbairt acu siúd ar mian leo a theacht i dtír ar dheartháir an tseicteachais – an ciníochas. Is minic le scór bliain anuas a rinneadh ionsaithe agus imeaglú ar inimircigh i gceantair dhílseacha, a bparaimíleataigh ag suirí le leithéidí an National Front ó am go chéile.
An geábh seo is léir go bhfuil na círéibeacha á n-eagrú ar líne faoi thionchar antoiscigh na heite deise. Scéal thairis é ach comhartha sóirt ar ghné idirnáisiúnta na faidhbe é daoine le bratach ‘Coolock Says No’ a bheith ag léirsiú in éineacht le dílseoirí Dé Sathairn seo caite i mBéal Feirste. Murab ionann agus ionsaí aonair nó imeaglú a tharla i gcomharsanacht anseo is ansiúd roimhe seo, táthar ag iarraidh anois léirsithe a rith i gceantair éagsúla ag an am céanna, cleas a chinntíonn nach dtig leis an PSNI a dhul i ngleic leo go léir.
Tá an ‘narrative of hate’, mar a thug easpag Anglacánach Learphoill air, á scaipeadh go rí-éifeachtach beag beann ar an bhfírinne. Shílfeá ón gcaint ag lucht agóide go raibh na mílte míle inimirceach ‘mídhleathach’ i dTuaisceart Éireann. Níl, ach maíonn roinnt daoine go bhfuil agus an buiséad poiblí á ídiú acu nó orthu.
“Tír gheal í seo, mar sin a bhí ariamh agus a bheidh, tá súil agam,” arsa fear i Sandy Row, ceantar dílseach. Bhí sé ina sheasamh os comhair an tsiopa a loisceadh, an gnó a bhunaigh teifeach ón tSiria a airíonn anois nach mbeidh sé sábháilte abhus feasta. ‘Níl mise ciníoch,’ arsa fear Sandy Row agus é faoi agallamh raidió ar BBC, ‘ach ní féidir glacadh leis na daoine sin inár dtír.’ Ní bheadh móramh an phobail ag teacht leis gan dabht ach ní raibh scáth na eagla air faoina thuairimí barbartha a nochtadh.
Bhí sé sásta gur scriosadh an siopa, é den bharúil go raibh tithe agus airgead leasa shóisialaigh á gceilt ar mhuintir na háite ar mhaithe leis na strainséirí isteach. Níorbh iontas é go raibh ‘stop the boats’ mar mhana aige.
Ach oiread leis an deisceart tá ganntanas tithíochta abhus. Ní hiad teifigh ná inimircigh a chruthaigh an fhadhb sin. Níor tógadh tithe. Is gá a dhul i ngleic leis an easpa sin go práinneach. Beart praiticiúil é. Shocraigh Comhairle na Cathrach ag cruinniú Dé Luain go gcuirfí tacaíocht airgid ar fáil dóibh sin gur loit na lucht círéibe a slí bheatha.
Beidh cruinniú den Tionól in Stormont Déardaoin chun an ghéarchéim a phlé. Déanfaidh uafáis na seachtaine seo tástáil orthu. An mbeidh siad in ann ag an dúshlán?
Chomh maith le céimeanna nithiúla tá gá leis an dioscúrsa poiblí a athrú. Is fíor go bhfuil údar imní ag daoine faoi bhrú ar sheirbhísí agus faoi easpa acmhainní nuair a dhéantar méadú mór ar an daonra i gceantar. Níl sé thar chumas státchórais déileáil leis na ceisteanna sin agus ba cheart sin a dhéanamh mar ghnáthchleachtas. Siad na teachtaireachtaí nimhiúla faoi chontúirt ón ‘Eile’ an fhadhb is mó. Tá an doicheall agus an diúltú mar chuid bhunúsach de pholasaithe iomarca tíortha le tamall de bhlianta- cur chuige an fhuatha. Tá sé éirithe chomh coitianta go bhfuil normalú déanta ar an eiteachas, é measúil cé gur náire shaolta é.
WTF
‘Cancar seanbhunaithe i dTuaisceart Éireann is ea fuath don eile.’
Ní ansiúd amháin atá sé ‘seanbhunaithe’ ach i gcroí an duine.