Níl aon dabht ann ach gur chuir na Leoin tús maith leis an tástáil trí chluiche i gcoinne na hAfraice Theas. Bua maith 22 – 17, a bhuíochas do chruinneas Dan Bigger agus Owen Farrell leis an mbróg. Níor éirigh leis na Leoin ach an t-aon úd amháin a aimsiú i gcluiche a bhí fíorfhisiciúil.
Cé go raibh an cluiche idir dhá cheann na meá go dtí a dheireadh ní taispeántas iontach rugbaí a bhí ann. Tháinig neart deacrachtaí chun solais do na Leoin sa gclibirt, sa síneadh amach agus i gcosaint na liathróide sa gcliseadh.
Níor éirigh leo na deacrachtaí sin a shárú go dtí leath bealaigh tríd an dara leath agus bhí an t-ádh glan orthu nach raibh níos mó ná dhá úd aimsithe ag curaidh an domhain faoin tráth sin. Thug imreoirí na tíre seo taispeántas maith uathu. Bhí Henshaw an-láidir sa gcosaint agus bhí an mí-ádh air nár éirigh leis líne an úid a thrasnú. Bhí Conan, a d’iompair go leor liathróide, chomh maith le Furlong an-fheiceálach ar fad i measc na dtosaithe. Ní haon iontas ar bith é go bhfuil an tríúr acu ag tosú arís inniu.
Is cinnte gur díoltas agus bua an chloch is mó ar phaidrín na Springboks inniu. Beidh deireadh leis an gcomórtas má theipeann orthu arís. Seans nach bhfuil siad leo féin maidir leis sin, tá saol mór an rugbaí, agus go leor sa limistéar seo ina measc, ag súil le bua don Afraic Theas, rud a d’fhágfadh bunsraith iontach againne don tríú tástáil, an ceann deireanach faoi cheann seachtaine.
Is cinnte gur port eile ar fad a bheas ag na Leoin. Tá trí athrú déanta ag Gatland ón gcéad tástáil agus Conor Murray na tíre seo istigh ón tús. Is léir go bhfuil sé ag iarraidh na deacrachtaí a tháinig chun cinn a chur ina gceart agus gan ligean don chomórtas leanacht seachtain eile. Bí ag súil le foireann an bhaile tréan-iarracht a dhéanamh cur lena bhfisiciúlacht. Cuimhnigh go raibh easpa deiseanna cleachtadh lena céile ag cur as dóibh sa gcéad chluiche ach tá sé sin sáraithe anois.
Sárchoimhlint romhainn.
Fág freagra ar 'Na Leoin ag súil leis an jab a chríochnú'