Bhí an freagra le cloisteáil ar fud an phub: ‘We’re from Connolly country!’

Fiú má thugann iománaithe na Gaillimhe craobh sinsear na hÉireann leo an deireadh seachtaine seo, ní dóigh go mbuailfear amach ceiliúradh 1980 go brách, a deir ár gcomhfhreagraí

Joe Connolly 3527-34a
Joe Connolly

Scata fir óga as Conamara a bhí ar an mbealach abhaile as Baile Átha Cliath – é ag teannadh amach go maith sa lá. Luan a bhí ann – an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1980. Bhuaileadar isteach i dteach tábhairne i mBaile Locha Riach. Ní raibh mórán dul as an uair sin ach a theacht thrí Bhaile Locha Riach. Ní raibh amharc ná trácht ar mhotarbhealach as Baile Átha Cliath go Gaillimh san am.  Cén áit arbh fearr a gcaithfeá uair tamall ach i dteach tábhairne i mBaile Locha Riach? Bheifí sách luath ag triall ar chathair na Gaillimhe níos deireanaí trathnóna san áit a mbeadh na mílte ag fáiltiú abhaile roimh fhoireann na Gaillimhe.

Seo isteach doras an bheáir an scata leaids as Conamara, iad sách tugtha th’éis an lae agus an oíche roimhe sin. Ach, má bhí féin, ní rabhadar ina gcodladh – duine acu ar aon chuma. Bhí sé ina chaithréim agus ina ghliondar ar fud an chontae. Bhí fear an bheáir fáilteach agus croíúil. “Where are ye from, lads?” a d’fhiafraigh sé díobh agus é ag líonadh pionta. Tháinig an freagra ó fhear amháin acu de léim, agus é le cloisteáil ar fud an phub: “We’re from Connolly country!”

Cuid mhaith den dream a thabharfaidh an motarbhealach orthu féin as Gaillimh go Baile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, ní rabhadar beirthe san am. Beidh cuid acu ann nach raibh i mBaile Locha Riach ariamh; ní gá taobhachtáil leis an mbaile mór sin anois ar an mbealach – agus seans go mbeidh cuid acu ann a d’fhiafródh díot cérbh iad na Connolly’s agus cén draíocht é seo a bhain le 1980. Sin é motarbhealach an tsaoil.

Ach fiú agus má thugann iománaithe na Gaillimhe craobh sinsear na hÉireann leo an deireadh seachtaine seo – agus bheadh ceiliúradh ann – ní dóigh go mbuailfear amach ceiliúradh agus sceitimíní 1980 go brách.

Seacht mbliain fichead go ham seo a bhuaigh Gaillimh Corn Mhic Cárthaigh go deireanach. Ach cuimhnigh go raibh sé 57 bliain ó bhuaigh Gaillimh an Chraobh an lá úd a ndeachaigh siad chun páirce in aghaidh Luimnigh i bPáirc an Chrochaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann ar an 1 Meán Fómhair, 1980. 

Bhí sé ráite go raibh mí-ádh éigin ag baint le hiománaíocht na Gaillimhe nach ligfeadh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan go deo arís; is beag nár creideadh é. Chuir 1980 deireadh leis sin uilig. Bhuaigh Gaillimh. D’imigh lucht tacaíochta an chontae as a gcrannaibh cumhachta i bPáirc an Chrócaigh agus ar fud an domhain. Ba é Joe Connolly an captaen. I nGaeilge a labhair sé ar Árdán Uí Ógáin. Is minic a chuimhnigh mé go mba chumasach an fear óg a bhí ann, ní hamháin mar iománaí ach mar phearsa phoiblí. 

Trí bliana fichead a bhí Joe an lá sin agus ba chumasach mar a labhair sé.  Ar chéimeanna Árdán Uí Ógáin bhí a dheartháireacha John agus Michael a d’imir leis an lá sin – triúr deartháir de bhunadh Thír an Fhia i nGaeltacht Chonamara.  Ní raibh mórán iománaíochta i gConamara agus cé gur sa gCaisleán Gearr a d’fhoghlaim siad ceird an chamáin, ba linne iad na Connolly’s.

 John Connolly. Pictiúr:  ©INPHO/Billy Stickland
John Connolly. Pictiúr: ©INPHO/Billy Stickland

Ansin, rug Joe McDonagh ar an micrafón agus chas sé amach ‘The West’s Awake’. Bhí Joe ina fhear ionaid an lá sin – bhí sé ina chaptaen ar Ghaillimh an bhliain roimhe sin sa gcluiche ceannais. Bhí an mí-ádh air. Theagmhaigh drochbhabhta tinnis dó an bhliain sin ach d’éirigh leis a bhealach a dhéanamh ar ais ar an bpainéal. Ar ndóigh, ba as Carna é athair Joe – Maitiais Joe Phaitsín – agus chaith Joe píosaí móra ar an Aird Thiar ag éirí aníos dó. 

Bhí pictiúir sa gCuradh Chonnachtach an tseachtain sin de Johnny Joe Phaitsín, uncail do Joe, agus é éirithe dhá throigh den talamh ag dul trasna Pháirc an Chrochaigh díreach th’éis an chluiche.

Bhí chuile chontae in Éirinn – seachas Luimneach – ag ceiliúradh in éineacht leis na Gaillimhigh. Bhí scéalta thar cuimse sna páipéir.  ‘A romantic victory’ a thug ceannlíne amháin ar. Ugach dóibh siúd a bhíodh i gcónaí caillteach, a dúradh. Ní raibh Gaillimh ceaptha an chraobh seo a bhuachan go deo ach tháinig siad i dtír sa deireadh. Agus na leaids as ‘Connolly Country’ sa teach tábhairne i mBaile Locha Riach, tháinig siadsan i dtír i gcathair na Gaillimhe san oíche Dé Luain – más ar éigean féin é.

‘Romantic victory’ ceart go leor ach sílim gur maith a thángthas as nár gortaíodh aon duine go dona ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh an oíche sin. 

Thosaigh an ceiliúradh i mbailte i lár na tíre féin agus bhí na sluaithe ag chuile chrosbhóthar in oirthear na Gaillimhe; bhí moill an-fhada ar an bhfoireann ag teacht go Gaillimh.

Bhí ól á dhéanamh as éadan agus bhí cuid mhaith daoine súgach agus an slua ag luascadh anonn agus anall – na mílte acu in éindí. Ba mhaith a chruthaigh Easbag na Gaillimhe san am, an Dr Éamon Ó Cathasaigh, ar an stáitse agus é ag dá gcoinneáil ag gabháil fhoinn agus é seasta ag fógairt “easy…easy now…easy..dont spoil it by having somebody hurt”. 

Go deimhin, nuair a tháinig an fhoireann, chuaigh Joe Connolly chuig an micrafón agus d’iarr ar an slua a bheith cúramach ar eagla na timpiste. Oíche go maidin a bhí inti, bhí gach a raibh ann sábháilte sa deireadh. Bhí Corn Mhic Cárthaigh ar an bhFaiche Mhór… agus tháinig na leaids as ‘Connolly country’ abhaile ag tráth eicínt.

Tharla sé go díreach cúig bliana déag agus fiche ó shin an tseachtain seo.  Tá an lánchúlaí, Niall McInerney, imithe ar shlí na fírinne ó shin; go mba fada buan iad a chomhghleacaithe. Agus go mba fada buan é an fear óg a d’fhógair cé mba as é féin agus a chomhluadar sa teach tábhairne sin i mBaile Locha Riach ar an 2 Meán Fómhair, 1980.

Fág freagra ar 'Bhí an freagra le cloisteáil ar fud an phub: ‘We’re from Connolly country!’'