Na hUltaigh chun tosaigh ar fhir an iarthair

Is 'Cúige Chonnacht v Cúige Uladh' a bheidh againn sa dá chluiche i mBabhta 4 den chraobh inniu agus Tír Eoghain ag tabhairt aghaidhe ar Shligeach agus Dún na nGall á fhéachaint le Gaillimh

Mark Breheny (Sligeach) agus Brian Robinson (Tír Eoghain) i 2002. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger
Mark Breheny (Sligeach) agus Brian Robinson (Tír Eoghain) i 2002. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

Craobh Peile na hÉireann, Babhta 4 – Sligeach v Tír Eoghain, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Ar na ceithre chluiche i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo, is faoin gceann seo idir Tír Eoghain agus Sligeach is lú atá daoine ag caint.

Níl Sligeach feicthe againn ach faoi dhó i gcraobh na bliana seo. Tháinig siad aniar aduaidh ar Ros Comáin ina gcéad chluiche agus ansin chlis orthu ar fad in aghaidh Mhaigh Eo. Ar an taobh eile den scéal, tá ceithre chluiche imeartha ag buachaillí Mickey Harte an samhradh seo cé nár tharraing na buanna a bhí acu i gcoinne Luimnigh, na Mí agus Thiobraid Árann mórán airde orthu.

Níl ach cluiche craoibhe amháin imeartha idir na foirne seo – 13 bliana ó shin.

Is ag an staid chéanna den chomórtas a chas na foirne ar a chéile i 2002 agus bhí an bua an lá sin ag Sligeach – 1-14 in aghaidh 0-12. Ar na himreoirí a d’imir an lá sin, níl ach beirt    Mark Breheny (Sligeach) agus Seán Cavanagh (Tír Eoghain) – atá fós ag imirt.

Cluiche a bhí ann freisin a raibh an-tionchar aige ar chúrsaí peile i dTír Eoghain mar is ina dhiaidh a tugadh isteach Mickey Harte mar bhainisteoir ar an gcontae. Bhuaigh Harte agus Tír Eoghain Corn Mhic Uidhir an bhliain dár gcionn i 2003.

Ó tháinig Harte isteach, tá cúig chluiche imeartha ag Tír Eoghain i mBabhta 4 (’04, ’05, ’08, ’11 agus ’13) agus gach ceann buaite acu agus tá an chuma ar an scéal gurab amhlaidh a bheidh inniu i gcoinne foireann a bhfuarthas an scór is mó i gcraobh na bliana seo ina n-aghaidh – 6-25 i gcluiche ceannais Chonnacht. Tá sé admhaithe ag a mbainisteoir Niall Carew gur theip orthu go hiomlán sa chluiche sin coicís ó shin agus is é an cúram is mó atá anois air ná na himreoirí a spreagadh an athuair agus an chailliúint sin a fhágail ina ndiaidh.

Fuair Aidan O’Shea 3-4 i gcluiche ceannais Chonnacht agus níor chúis iontais é dá mbainfeadh Mickey Harte triail as an gcur chuige céanna agus Seán Cavanagh a chur ar imeall na cearnóige. Mura bhfuil tada foghlamtha ag na Connachtaigh, d’fhéadfadh fear an Mhaí a bheith chomh héifeachtach céanna.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Bainisteoir na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Craobh Peile na hÉireann, Babhta 4 – Gaillimh v Dún na nGall, Páirc an Chrócaigh, 6i.n.

Seans maith gur ar éigean a chreideannn lucht leanúna CLG na Gaillimhe go bhfuil a gcuid foirne fós san iomaíocht sa chraobh agus féile rásaí na Gaillimhe beagnach críochnaithe. Seo é an chéad uair le deich mbliana anuas nach raibh iománaithe nó peileadóirí an chontae le feiceáil i mBaile an Bhriotaigh agus iad dímhaoin.

Is é seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil Páirc an Chrócaigh sroichte ag peileadóirí na Gaillimhe ach, creid é nó ná creid, tá siad fós sa tóir ar a gcéad bhua sa staid ó chluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 2001, nuair a bhuaigh siad ar an Mí le 11 phointe.

Ó shin i leith, níl aon cheann den seacht gcluiche craoibhe agus dhá chluiche sraithe atá imeartha acu i bPáirc an Chrócaigh buaite ag na Gaillimhigh. Ní bheidh sé éasca ach an oiread acu an scéal sin a chur ina cheart an deireadh seachtaine seo.

Cé go bhfuil gortuithe ag cur as d’fhoireann Rory Gallagher, bheifeá fós ag ceapadh go mbeadh siad sách láidir le teacht slán ón gcoimhlint seo. Is cinnte nach mbeidh Karl Lacey, atá gortaithe, ar fáil agus, cé gur cailliúint mhór a bheadh ann roimhe seo, níl fear na gCeithre Mháistrí ag imirt chomh maith sin faoi láthair. Seans go mbeidh sé buíoch as an sos.

Bhí gortuithe ag cur as do Mhichael Murphy agus Patrick McBrearty i gcluiche ceannais Uladh chomh maith ach breathnaíonn sé go bhfuil a ndóthain de bhiseach tagtha orthu. Má bhíonn siad 100% tráthnóna, ba dheacair a shamhlú nach mbeadh tionchar mór acu ar chúrsaí.

Tá sé deacair a shamhlú freisin cén áit arbh fhéidir leis na Gaillimhigh dul chun cinn a dhéanamh.

Dúirt Ryan McHugh i rith na seachtaine go bhfuil cuid de na tosaithe is fearr sa tír ag Gaillimh agus cé go raibh sárbhliain ag Damien Comer sa líne lántosach go dtí seo, níor chas sé ar lánchúlaí chomh chumasach le Neil McGee fós.

Beidh Danny Cummins agus Adrian Varley taobh le Comer agus cé go bhfuil siad go maith ag buachan na liathróide, bheadh amhras ort an mbeidh siad in ann a ndóthain scóranna a aimsiú.

Chomh maith leis sin, is cinnte go dtabharfaidh cosantóirí na gConallach go leor le déanamh do thosaithe na Gaillimhe. Toisc go bhfuil Frank McGlynn, Mark agus Ryan McHugh, agus fiú Michael Murphy, ag imirt thart ar a líne daichead slat féin, beidh go leor le déanamh ag leithéidí Gary Sice, Mícheál Lundy agus Paul Conroy.

Má thugann Dún na nGall taispeántas uathu cosúil leis an gceann a thug siad sa chéad leath i gcluiche ceannais Uladh, b’fhéidir go mbeadh deis ag fir an iarthair, ach beidh tine ar chraiceann Rory Gallagher agus a chuid imreoirí ag iarraidh a chruthú go bhfuil siad fós inchurtha leis na foirne i gcraobh na bliana seo.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Na hUltaigh chun tosaigh ar fhir an iarthair'