Na himreoirí ab fhearr agus sárfhoirne Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023

Seo iad rogha Tuairisc de na himreoirí ab fhearr ag Comórtas na bliana seo sna Méilte

Na himreoirí ab fhearr agus sárfhoirne Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023

Geraldine McLaughlin, Tearmann, ar ruathar arís trí chosantóírí Micheál Breathnach

Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Geraldine McLaughlin (An Tearmann)

Ní hamháin gurbh í Geraldine McLaughlin an t-imreoir ab fhearr i gCraobh Shinsir na mBan deireadh seachtaine na Cincíse, ba í an t-imreoir is fearr ar fad a d’imir sa Chomórtas Peile i mbliana agus ba phribhléid a bhí ann a bheith ag breathnú uirthi, go háirithe agus gan í le feiceáil i ngeansaí an chontae i mbliana.

Líonfaí leabhar cheana féin faoi ghaiscí scórála McLaughlin ach chuir sí cúpla leathanach eile lena scéal iontach sna Méilte agus scrios iomlán déanta aici ar na foirne a bhí ina coinne.

Níor thóg sé ach 30 soicind uirthi a céad scór an deireadh seachtaine seo a fháil, in aghaidh Chill Chomáin sna babhtaí leathcheannais, agus bhí 3-5 aimsithe aici faoin am ar séideadh an fheadóg ag leath ama. Chuaigh sí ceann níos fearr sa chluiche ceannais, 4-3 faighte aici roimh an mbriseadh agus cúil scóráilte aici sa 13ú, 14ú, 15ú agus 24ú nóiméid.

Léiriú é ar dhiongbháilteacht McLaughlin nach raibh sí ag iarraidh an pháirc a fhágáil in aghaidh Mhaigh Cuilinn cé go raibh an cluiche buaite le fada agus ba é an scéal céanna é sa chluiche eile in aghaidh Chill Chomáin. Dhírigh sí ar dheiseanna a chruthú dóibh siúd ina timpeall sa dara leath den chluiche ceannais, áfach, agus bhí an pas a thug sí leataobh a coise don chúl a scóráil Róisín McCafferty gar don deireadh chomh maith le haon rud atá feicthe againn ó Chora Staunton, Colm Cooper, Diarmuid Connolly ná aon imreoir eile.

 

Tá sé ina rás idir Daniel Barrett agus Séamus Howard ó Bhéal a’Mhuirthead, ar chlé, agus Eoghan McGettigan, Naomh Conaill sa chluiche leathcheannais sinsear Comórtas Peile na Gaeltachta. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Eoghan McGettigan (Naomh Conaill)

Níor éirigh le Naomh Conaill Corn an Aire a thabhairt leo ach ní fhéadfaí aon locht a chur ar lántosach na foirne, Eoghan McGettigan, as an teip sin. Bhí mí-ádh ceart ar McGettigan le gortuithe le blianta beaga anuas ach léirigh sé sna Méilte an cumas a d’fhág go raibh sé tamall ar phainéal Dhún na nGall. Gach seans go mbeidh sé istigh le foireann an chontae arís gan mhoill.

Chuir McGettigan tús iontach leis an deireadh seachtaine nuair a fuair sé seacht bpointe – sé cinn ón imirt – sa bhua a bhí ag Naomh Conaill ar churaidh na bliana seo caite, Béal Átha an Ghaorthaidh. Ní raibh Seán Óg de Paor, a bhí mbun na hanailíse do TG4 ar an gcluiche leathcheannais idir Naomh Conaill agus Béal an Mhuirthead, róthógtha le stíl réchúiseach McGettigan agus é i mbun na gciceanna saora ach shlánaigh sé sé cinn sa gcluiche sin, chomh maith le trí phointe ón imirt. Fuair sé ceithre phointe eile sa chluiche ceannais, rud a d’fhág gur scóráil sé 0-19 i dtrí chluiche. Ba chuma cé acu ciotóg nó deasóg a d’úsáid McGettigan, bhí sé breá ábalta an sprioc a aimsiú agus dá gcruthófaí deis nó dhó eile dó sa chluiche ceannais, b’fhéidir go mbeadh scéal eile ag Naomh Conaill.

Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Derek Moran (Cill Chomáin)

Dhá bhliain faoi bhun an dá scór atá Derek Moran – trí bliana níos óige ná a dheartháir Brendan a bhí ag imirt freisin – ach bhí cuma na hóige air uaireanta agus é ag spreagadh Chill Chomáin chun gaisce a dhéanamh i gComórtas na bliana seo.

Nuair a bhí ar Justin Healy, fear a bhfuil geansaí Mhaigh Eo caite aige, an pháirc a fhágáil agus gan ach nóiméad imeartha sa bhabhta leathcheannais in aghaidh Naomh Muire, bhreathnaigh sé go raibh Cill Chomáin i dtrioblóid ach sheas Moran an fód d’fhir Mhaigh Eo. Bhí coimhlint iontach siar agus aniar idir é féin agus Harry Harden ón bhfoireann baile agus fuair siad ocht bpointe an duine le linn an chluiche. Cill Chomáin a chríochnaigh chun tosaigh.

Bhí Moran ciúin sa chéad chuid den chluiche ceannais ach tháinig sé chun cinn nuair ba ghá agus trí cinn de phointí a fuair sé sa cheathrú dheireanach in aghaidh Ghaoth Dobhair.

 

Saskia Boyle, An Clochán Liath ag casadh ar Aghna Nic Dhonncha, Micheál Breathnach

Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Saskia Boyle (An Clochán Liath)

Tá sé sa dúchas ag Saskia Boyle, gan amhras. Iníon le Tony Boyle, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Dún na nGall agus a bhí i gceannas ar fhoireann an Chlocháin Léith, bhí Saskia agus a deirfiúr Ulitah lárnach i mbua na foirne ag an deireadh seachtaine, bua a chuir leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcumann le blianta anuas.

Rinne Boyle beagnach chuile rud i gceart sna cluichí a bhí ag an gClochán Liath agus rinne sí ruathair láidre chliste ó thús go deireadh. In aghaidh Mhicheál Breathnach sa chluiche ceannais, d’aimsigh sí cúl théis dhá nóiméad agus bhí sí fós lán fuadair tar éis uair an chloig, tráth a bhfuair sí cúl eile tar éis di pas a fháil ó Ulitah. D’fhéadfaí an gradam seo a bhronnadh ar Ulitah nó ar Rhianna McCready agus a  leithéidí chomh héasca céanna, ach rud amháin nach bhfuil aon amhras ina thaobh ná ceannas iomlán an Chlocháin Léith an deireadh seachtaine ar fad.

Foireann na bhFear

  1. Aaron Carey (Béal an Mhuirthead)
  2. Conor Sheppard (Bhulf Tón)
  3. Seán Glynn (Bhulf Tón)
  4. Eoin McGrath (Cill Chomáin)
  5. Adam O’Neill (Bhulf Tón)
  6. Keelan McGill (Naomh Conaill)
  7. Kevin McGettigan (Naomh Conaill)
  8. Joe Mason (Cill Chomáin)
  9. Ethan O’Donnell (Naomh Conaill)
  10. John O’Malley (Naomh Conaill)
  11. Derek Moran (Cill Chomáin)
  12. Harry Harden (Naomh Muire)
  13. Eoghan McGettigan (Naomh Conaill)
  14. Fiachra Ward (Bhulf Tón)
  15. Kevin Cassidy (Gaoth Dobhair)

Foireann na mBan

  1. Tara Geoghegan (An Clochán Liath)
  2. Siobhán Cameron (An Tearmann)
  3. Ellie Ward (An Clochán Liath)
  4. Laura Corcoran (Maigh Cuilinn)
  5. Nicole McLaughlin (An Tearmann)
  6. Sara Boyle (An Clochán Liath)
  7. Ellen Power (Maigh Cuilinn)
  8. Saskia Boyle (An Clochán Liath)
  9. Shannon McLaughlin (An Tearmann)
  10. Katie Wallace (An Clochán Liath)
  11. Róisín McCafferty (An Tearmann)
  12. Ulitah Boyle (An Clochán Liath)
  13. Ciara McGarvey (An Tearmann)
  14. Geraldine McLaughlin (An Tearmann)
  15. Rhianna McCready (An Clochán Liath)

 

Fág freagra ar 'Na himreoirí ab fhearr agus sárfhoirne Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023'

  • Seán

    Gan oiread agus sloinne amháin i nGaeilge ? An labhartar aon Ghaeilge ag an gComórtas níos mó ?