Na himreoirí a thapaigh an deis le foireann na hÉireann

Caitheann Tuairisc.ie súil ar cheathrar ar éirigh go maith leo in aghaidh na hEilvéise agus na Slóvaice, chomh maith le ceathrar eile nár éirigh chomh maith céanna leo

Na himreoirí ar éirigh go maith leo

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Wes Hoolahan

nach raibh áit Hoolahan sa scuad i mbaol, léirigh sé sa dá chluiche is déanaí díreach cé chomh tábhachtach agus atá d’fhoireann na hÉireann. Bíonn fonn i gcónaí ar an imreoir le Norwich seilbh na liathróide a fháil agus, murab ionann is imreoirí eile, léirigh sé in aghaidh na Slóvaice go háirithe go bhfuil sé in ann spás a aimsiú dó féin i gcónaí. Caithfear áit ar an bhfoireann a thabhairt do Hoolahan sa Fhrainc an samhradh seo.

Eunan O’Kane

Agus a áit caillte aige ar fhoireann Bournemouth, caithfidh gur cheap Eunan O’Kane go raibh deireadh leis chomh maith fad is a bhain sé le craobh na hEorpa. Ach d’imir O’Kane sa dá chluiche agus taispeántais bhríomhara tugtha uaidh aige. Cé nach bhfuil dóthain déanta aige chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann é féin, tá seans i gcónaí aige ar áit a bhaint amach sa scuad. Mar a tharlaíonn, seans gurb é Harry Arter, a chomhghleacaí le Bournemouth, an té is mó a bheadh san iomaíocht leis don áit sin.

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Shane Duffy

Agus é ag imirt faoi cheannas Martin O’Neill den chéad uair, caithfidh go bhfuil Duffy thar a bheith sásta lena thaispeántas in aghaidh na hEilvéise. Ní raibh ach dhá nóiméad imeartha nuair a scóráil na hÉireannaigh sa chluiche Dé hAoine seo caite agus bhí baint mhór ag Duffy leis an gcúl sin.

Bhí Duffy chomh tábhachtach céanna agus é i mbun na cosanta i gcluiche ina raibh i bhfad níos mó seilbhe ag an Eilvéis. Bhí imreoir Blackburn agus Ciarán Clark thar barr i lár an aonaid chosanta agus a ghradam mar laoch na himeartha tuillte go maith ag Duffy.

Cyrus Christie

Ní baol d’áit Seamus Coleman mar lánchúlaí ar dheis ach chruthaigh Christie go mbeadh sé in ann ionadaíocht mhaith a dhéanamh air sa chás nach mbeadh fáil ar fhear Everton. Ach an oiread le Coleman, tá Christie go maith ar an ionsaí agus chuir sé cúpla liathróid den scoth trasna an chúil Dé Máirt. Thug Martin O’Neill leid an-láidir Dé Máirt go mbeadh Christie ag dul chun na Fraince agus an áit sin tuillte aige i bhfianaise a thaispeántais go nuige seo.

Na himreoirí nár éirigh leo…

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Rob Elliot

Chaithfeá trua a bheith agat don chúl báire agus an chuma air anois go gcaillfidh sé amach ar Euro 2016 de bharr an gortú a bhain dó Dé Máirt. Tar éis dó na blianta a chaitheamh ar imeall na foirne i Newcastle agus le hÉirinn, bhí deis anois ag Elliot áit a bhaint amach mar phríomhchúl báire na hÉireann sa Fhrainc. Beidh fanacht fada anois air agus an chuma ar an scéal go mbeidh sé ar an taobhlíne ar feadh sé mhí ar a laghad.

Kevin Doyle

Fear eile a gortaíodh. Nuair a d’fhág Doyle an imirt in aghaidh na hEilvéise, bhí an chuma air nach bhfeicfeadh muid arís é i ngeansaí na hÉireann. Ar an dea-uair, níor bhris Doyle aon chnámh agus cé go raibh sé breabhsach go maith sa 20 nóiméad a chaith sé ar an bpáirc, ní dhéanfaidh an seal a chaithfidh sé fanacht ar an taobhlíne aon mhaith dá chuid seansanna.

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Paul McShane

Drochsheachtain cheart do McShane. Ar an Aoine, thug Shane Duffy taispeántas údarásach uaidh i lár an aonaid chosanta agus Dé Máirt, ba ar McShane féin a bhí an locht faoin dá chúl a d’aimsigh an tSlóvaic. Maidir leis an gcéad chúl ba ró-éasca ar fad a bhí sé ag Erik Sabo dul thart ar McShane agus ag deireadh an chéad leatha chuir an cosantóir an liathróid isteach ina chúl féin tar éis dó a bheith ar an taobh mícheart den tosach, Robert Vittek.

David Forde

dhearna Forde aon bhotún ar an Aoine ná Dé Máirt ach is í an fhadhb ná nach bhfuair sé fiú deis botún a dhéanamh. Ní fhaca muid tada den Ghaillimheach in aghaidh na hEilvéise nó in aghaidh na Slóvaice, fiú nuair a gortaíodh Elliot. Cé go bhfágann an gortú sin go bhfuil Forde beagnach cinnte dá áit sa Fhrainc, is cinnte chomh maith nach bhfeicfidh muid ar an bpáirc é.

Fág freagra ar 'Na himreoirí a thapaigh an deis le foireann na hÉireann'