Na hÉireannaigh a bheidh ag iarraidh aird Mick McCarthy a tharraingt orthu féin i bPríomhroinn Shasana

Séasúr tábhachtach atá rompu do na hÉireannaigh i bPhríomhroinn Shasana agus é ráite ag bainisteoir na hÉireann nach roghnóidh sé ach imreoirí a bhíonn ag imirt go rialta dá gcumainn

Na hÉireannaigh a bheidh ag iarraidh aird Mick McCarthy a tharraingt orthu féin i bPríomhroinn Shasana

James McCarthy, Seamus Coleman, Troy Parrott agus Michael Obafemi

Tá líon na nÉireannach a bhíonn ag imirt i bPríomhroinn Shasana tite go mór le roinnt blianta anuas agus an t-airgead anois ag na clubanna uile imreoirí mór le rá a thabhairt isteach ón mórthír.

Ní fheicfidh tú aon Éireannach ag imirt i mbliana do Chelsea ná do na seaimpíní, Manchester City. Is amhlaidh an scéal ag Arsenal agus Manchester United, dhá chlub a mbíodh nasc láidir acu le himreoirí as an tír seo.

É sin ráite, tá scata Éireannach fós ag imirt sa tsraith, idir imreoirí óga atá ag teacht chun aibíochta agus fir atá ag imirt sa Phríomhroinn le fada.

Séasúr thar a bheith tábhachtach é ceann na bliana seo do na hÉireannaigh agus foireann Mick McCarthy ag iarraidh áit a bhaint amach ag EURO 2020. Tá sé ráite ag an mbainisteoir nach roghnóidh sé don fhoireann idirnáisiúnta ach imreoirí a bhíonn ag imirt go rialta dá gcumainn, rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfeadh na fir thíos tús maith leis an séasúr.

Aston Villa – Conor Hourihane

Conor Hourihane. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Agus é fógartha an tseachtain seo go bhfuil an tosach Scott Hogan chun bliain a chaitheamh ag imirt do Stoke City sa dara roinn, is é Conor Hourihane an t-aon Éireannach a bheidh san iomaíocht d’áit ar fhoireann Aston Villa.

Bhí an Corcaíoch ar fheabhas i lár na páirce do Villa an séasúr seo caite agus é ag imirt taobh le John McGinn. Cé go bhfuil scata imreoirí nua tugtha isteach ag an gclub an samhradh seo, beidh Hourihane ag súil go dtabharfar seans ceart dó sa Phríomhroinn.

Bournemouth – Mark Travers

D’imir Travers a chéad chluiche do Bournemouth ag deireadh an tséasúir seo caite i gcoinne Tottenham agus chruthaigh an cúl báire chomh maith sin go bhfuil sé anois in iomaíocht le Asmir Begović d’áit ar an bhfoireann.

Rinne Éireannach eile, Gavin Kilkenny, go maith nuair a tugadh deis dó i gcluichí dúshláin i rith an tsamhraidh ach ní bheidh sé éasca ag an ógánach briseadh isteach sa scuad do chluichí na Príomhroinne.

Brighton & Hove Albion – Shane Duffy, Aaron Connolly

Imreoir tábhachtach é Shane Duffy do Brighton agus beidh sé i lár an aonaid chosanta arís acu i mbliana agus an fhoireann ag iarraidh ísliú céime a sheachaint. Scóráil sé cúig chúl do Brighton anuraidh agus beidh súil aige cúpla ceann a fháil arís i mbliana.

Fear eile a bheidh ag iarraidh an liathróid a chur san eangach do Brighton ná Aaron Connolly. Bhí séasúr den scoth ag fear na Gaillimhe anuraidh agus bhronn an cumann gradam Imreoir Óg na Bliana air.

Burnley – Robbie Brady, Jeff Hendrick, Kevin Long

Robbie Brady agus Jeff Hendrick. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Drochbhliain a bhí ag Robbie Brady anuraidh. Níor thosaigh sé ach sé chluiche do Burnley sa Phríomhroinn agus é fós ag teacht chuige féin i ndiaidh drochghortú a bhain dó, ach táthar ag súil go mbeidh sé ar ais ar a sheanléim i mbliana.

D’éirigh níos fearr le Jeff Hendrick a d’imir os cionn 30 cluiche do Burnley agus beidh sé ag súil le séasúr láidir eile. Shínigh Kevin Long conradh nua leis an gcumann bliain ó shin ach níor imir sé ach sé huaire dóibh sa tsraith anuraidh.

Crystal Palace – James McCarthy, Stephen Henderson

Bhí an mí-ádh dearg ar James McCarthy le beagnach dhá bhliain anuas. Níor imir sé ach cluiche amháin do Everton ó bhris sé a chos go luath in 2018. An séasúr seo tús nua a bheidh ann dó le Crystal Palace, a cheannaigh ó Everton é. Má éiríonn le McCarthy áit a bhaint amach ar fhoireann Palace, beidh sé ar ais i ngeansaí na hÉireann sula i bhfad.

Tá Éireannach eile, Stephen Henderson, tar éis conradh a shíniú le Palace i rith an tsamhraidh ach ní mór na cluichí a imreoidh an cúl báire.

Everton – Seamus Coleman

Rinne Seamus Coleman go maith gan a áit ar fhoireann Everton a chailliúint i lár an tséasúir seo caite. Níl deireadh leis an mbrú ar fhear na gCealla Beaga mar tá fear a bhuaigh Corn an Domhain leis an bhFrainc, Djibril Sidibé, tugtha isteach anois ag Everton. Má fhágtar Coleman i measc na n-ionadaithe, d’fhéadfadh sé a áit ar fhoireann na hÉireann a chailliúint chomh maith, fiú agus é ina chaptaen.

Liverpool – Caoimhín Kelleher

Caomhin Kelleher. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Bhí fear Chorcaí i measc na n-ionadaithe nuair a bhuaigh Liverpool Sraith na gCuradh mí Bealtaine ach tá sé fós ag fanacht ar a chéad chluiche a imirt don chéad fhoireann. Nuair a d’fhág Simon Mignolet i rith an tsamhraidh, Adrian a thug Liverpool isteach, rud a fhágann gurb é Kelleher an tríú rogha in Anfield.

Newcastle United – Rob Elliot

Cúl báire eile nach n-imreoidh mórán cluichí i mbliana. Níor imir Elliot oiread agus cluiche amháin do Newcastle an séasúr seo caite agus seans nach bhfaighidh deis i mbliana ach amháin sa chás go mbeadh Martin Dubravka agus Karl Darlow beirt gortaithe.

Norwich City – Adam Idah

Fear óg a bhfuil daoine ag súil le go leor uaidh, thosaigh Idah ag traenáil leis an gcéad fhoireann i rith an tsamhraidh agus d’aimsigh roinnt cúl do Norwich i gcluichí dúshláin. Mura gcuirtear amach ar iasacht é as seo go ceann tamaill, d’fhéadfadh Idah deis a fháil i gcomórtais na gcorn.

Sheffield United – John Egan, Enda Stevens, Callum Robinson, David McGoldrick

Callum Robinson agus David McGoldrick. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Seans maith go mbeidh Mick McCarthy ag freastal ar chluichí Sheffield United go minic an séasúr seo agus ceathrar Éireannach ag imirt dóibh. D’imir John Egan, Enda Stevens agus David McGoldrick breis agus 40 cluiche an duine do Sheffield United an séasúr seo caite mar ar chríochnaigh siad sa dara háit sa dara roinn.

Thug Sheffield United roinnt tosaithe isteach i rith an tsamhraidh, rud a fhágann go bhfuil áit McGoldrick i mbaol. Ach tá Éireannach eile i measc na dtosaithe a tugadh isteach, Callum Robinson. Tá séasúr crua roimh Sheffield United ach tabharfaidh sé taithí iontach do na hÉireannaigh ar a bheith ag imirt ag an leibhéal is airde.

Wolverhampton Wanderers – Matt Doherty

Bhí bliain den scoth ag Doherty agus ag Wolves anuraidh. Ní hamháin gur imir sé dóibh i ngach cluiche sa tsraith, ach scóráil sé cúig chúl agus chruthaigh sé cúig cinn eile. Ní bheidh sé éasca aige a áit ar fhoireann na hÉireann a bhaint de Seamus Coleman ach má imríonn Doherty chomh maith céanna arís, beidh an-seans aige.

Tottenham Hotspur – Troy Parrott

Tá Troy Parrott á lua mar dhuine de na himreoirí óga is fearr a bhí ag Éirinn le fada an lá. Tosach beag sciliúil é a chruthaigh thar cionn le foirne faoi aois na hÉireann agus Spurs. D’imir sé i gcoinne Real Madrid i gcluiche dúshláin cúpla seachtain ó shin agus tá an-mheas ag bainisteoir Spurs, Mauricio Pochettino air. Ó theip ar Spurs Paulo Dybala a thabhairt isteach, d’fhéadfaí deis a thabhairt do Parrott ina áit.

Southampton – Shane Long, Michael Obafemi

D’imir Long 26 cluiche sraithe do Southampton anuraidh ach is mar ionadaí a tháinig sé isteach i níos mó ná leath acu sin. Chuaigh sé naoi mí gan cúl ar bith a scóráil go dtí gur scóráil sé in aghaidh Leicester mí Eanáir ach d’aimsigh sé ceithre chúl eile as sin go deireadh na sraithe. Dá mbeadh sé in ann deich gcinn a fháil an séasúr seo, gaisce a bheadh ann.

Bhí mí-ádh ar Michael Obafemi gur gortaíodh é díreach agus é ag briseadh isteach ar fhoireann Southampton. Scóráil sé a chéad chúl don fhoireann mí na Nollag ach gortaíodh é díreach ina dhiaidh sin. Bhain gortú eile dó tar éis dó teacht ar ais mí Feabhra, agus níor imir sé ó shin. Tá sé tagtha chuige féin anois agus beifear ag súil gur dul chun cinn a bheas i ndán dó feasta.

Fág freagra ar 'Na hÉireannaigh a bheidh ag iarraidh aird Mick McCarthy a tharraingt orthu féin i bPríomhroinn Shasana'