Na healaíona Gaeilge ‘faoi bhagairt ag an bhForas’ a mhaíonn Aisling Ghéar

Agus an compántas ag ceiliúradh 20 bliain a bhunaithe, maíonn Aisling Ghéar nach mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh níos faide ná Feabhra 2018 gan maoiniú breise

Na healaíona Gaeilge ‘faoi bhagairt ag an bhForas’ a mhaíonn Aisling Ghéar

Tá “ealaíona na Gaeilge faoi bhagairt ag Foras na Gaeilge” dar le compántas aisteoireachta i mBéal Feirste. Maíonn Aisling Ghéar go bhfuil an compántas i mbaol mar gheall ar chiorruithe atá déanta ag Foras na Gaeilge ar a bhuiséad le 10 mbliana anuas agus nach mbeidh an compántas ann ar chor ar bith i ndiaidh Feabhra 2018 ceal maoinithe.

Tá an compántas ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana agus deir lucht a stiúrtha go bhfuil “clár uaillmhianach, nuálach” curtha i dtoll a chéile don bhliain cheiliúrtha, ach nach féidir leo an clár sin a chur i bhfeidhm gan maoiniú breise ó Fhoras na Gaeilge.

“Ag cruinniú le Foras na Gaeilge i mí na Samhna, rinne muid cur i láthair maidir leis na pleananna seo, ag míniú dóibh nach dtiocfadh linn seo uilig a bhaint amach leis an maoiniú a bhí á chur ar fáil dúinn le dornán blianta anuas.

“Dúirt baill den eagraíocht linn ag an gcruinniú gur chinnte go mbeadh ‘rud éigin’ sa bhreis d’Aisling Ghéar, ach seachas sin gearradh ár ndeontas arís eile,” a dúradh i ráiteas a eisíodh le deireanas.

Mhaígh Aisling Ghéar gur gearradh a mbuiséad 70% ó bhí 2007 ann agus nach féidir leo clár na bliana seo a chur i gcrích agus nach mbeidh an compántas in ann leanúint ar aghaidh mar atá i ndiaidh mhí Feabhra 2018.

“Leis na ciorruithe fíochmhara atá an Foras ag bagairt ar an dá Chultúrlann, caithfear an cheist a chur, an bhfuil Foras na Gaeilge, a bunaíodh leis an Ghaeilge a chur chun cinn go huile-oileánda, ag iarraidh deireadh a chur leis na healaíona Gaeilge?” a fiafraíodh sa ráiteas.

Tá freagra iarrtha ag Tuairisc.ie ar líomhaintí Aisling Ghéar i leith an Fhorais.

Fág freagra ar 'Na healaíona Gaeilge ‘faoi bhagairt ag an bhForas’ a mhaíonn Aisling Ghéar'

  • Concubhar

    Ag éisteacht ansan le diospóireacht idir Bríd Ó Gallchóir, Compántas Amharclainne Aisling Ghéar, agus Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge, agus chuala mé an sean phort chéanna ó Sheán faoin laghdú maoinithe bheith ag goilliúint ar an Fhoras agus go bhfuil ardú costaisí ann agus, anuas ar sin arís, go bhfuil méadú ar líon na gcompántais atá ag cur isteach ar mhaoiniú ón bhForas. Sin iad na leithscéalta atá á thabhairt ag Seán as ucht ciorrú eile arís bheith déanta ag an bhForas ar mhaoiniú Aisling Ghéar. Tá sé thíos ó £85,000 sa bhliain i 2008 go dtí £25,000 i mbliana is cosúil agus bhí laghdú 15% nó £4,500 ar an maoiniú ó anuraidh. I mbliana tá Aisling Ghéar ag ceiliúradh 20 bliain ar an ardán – sár obair déanta thar na mblianta agus an deireadh seachtaine seo tá siad ag cur féile amharclainne ar bun sa Chultúrlann – institiúid eile atá tua an Fhorais ag bagairt orainn – le compántais ar nós Mouth On Fire, Branar, Diarmuid de Faoite (Compántas aon fhir, d’fhéadfá a rá). Is iontach an rud an misneach ach an rud atá ann ná seo – más suim leatsa dramaíocht na Gaeilge nó na h-ealaíne trí Ghaeilge i gcoitinne, freastalóidh tú ar an bhféile ag an deireadh seachtaine. Is dualgas é – ach bainfidh tú sár thaithneamh as nó bainfidh tú taithneamh as tacóidh tú le ceann de na crainn taca atá ag an nGaeilge ní amháin ó thuaidh ach mar theanga. Gan dramaíocht ghairmiúil trí Ghaeilge mar a chuireann Aisling Ghéar ar fáil, is beag an dul chun cinn a dhéanfaidh an dramaíocht trí Ghaeilge. Gan an dramaíocht trí Ghaeilge, cén todhchaí atá i ndán don teanga? Tá sé cosúil leis na beacha agus an gcinneadh daonna, is é sin an ról atá ag dramaíocht na Gaeilge, ag cur na meala ar fáil dúinn. Méala, ar an drochuair, atá i ndán dúinn ón bhForas. Manna nua an Fhorais – Foras na Gaeilge, ag cur an tua ins an Tuaisceart.
    Is féidir éisteacht leis an méid a bhí le rá ag Bríd Ó Gallchóir agus Seán Ó Coinn anseo – https://www.bbc.co.uk/programmes/b08sph9h#play – nó bhí an beirt ag plé na ceiste ar Blas ar BBC Raidió Uladh aréir.

  • Feardorcha

    Sin é, mar tá na compántais ghairmiúla agus na lárionaid lánmhaoinithe ar fad ó dheas ar mhuin na muice … Fan nóiméad, níl compántais ghairmiúla ná lárionaid chultúrtha le fáil ó dheas mar go bhfuil an t-airgead poiblí go léir á tál ar Bhéal Feirste ar chúiseanna polaitiúla. An tua? An bhfuil tú gan náire – tá i bhfad bhfad Éireann níos mó de sciar ag dul ó thuaidh ná mar atá féaráilte, fiú agus an athdháileadh sin déanta ar deireadh.