Na habair le haon duine é, ach tá mé le dealbh Edward Carson taobh amuigh de Stormont a bhaint anuas

Má dhéantar ionsaí ar dhealbh poblachtánach, ba cheart an rud céanna a dhéanamh ar dhealbh aontachtúil, nár cheart?

Na habair le haon duine é, ach tá mé le dealbh Edward Carson taobh amuigh de Stormont a bhaint anuas

An bhfuil sé rómhall agam le snas a chur ar mo dhintiúirí réabhlóideacha?

Arú, róchiallmhar ar fad a bhí mise riamh anall. Siosmaideach. Stuama. Ciallmhar. Cúramach. Sin na tréithe a bhaineann liomsa, buachaill de chuid Bhéal Feirste.

Sin an tobar as ar tharraing mé mo chuid uisce ar feadh i bhfad. Sin na cranna foirtil ar ar luigh mé le cúpla punt a shaothrú le post páirtaimseartha, le céim agus le slí bheatha a bhaint amach. Sea, is mise an sórt duine a amharcann ar dheis agus ar chlé sula dtrasnaíonn sé an bóthar. Dea-thraenáil don tsaol agus don iriseoireacht.

Mar sin féin, tá an t-am ag imeacht agus tá mise ag dul anonn in aois. Beidh orm rud inteacht radacach réabhlóideach a dhéanamh nó ní bheidh fiúntas ar bith le mo chuimhní cinn.

Ní raibh mé i m’fhágálach ar fad agus mé ag éirí aníos in iarthar Bhéal Feirste, is fíor. Scairt squadie de chuid arm na Breataine liom lá den tsaol, mé ag pilleadh as Páirc na bhFál i ndiaidh cluiche peile, mála mór spóirt faoi m’ascaill, scairt sé go magúil liom: “Hey, mate, do you have a bomb in that bag?”

Agus, gan smaointeamh, arsa an luchóg rua leis an tsaighdiúir ghreannmhar: “No, I left it at home today.”

Bhuel, is leor a rá nárbh fhada go raibh an saighdiúir greannmhar ag tarraingt mo chuid stuif as an mhála. Is é an t-iontas é nár thug mo chuid keeks radaighníomhacha a bhás ar an toirt. Tháinig an luchóg slán an lá sin ach luchóg a bhí ann mar sin féin.

Ach chan anois. Nope. Tá mo sháith agam den mheasarthacht, den chéill, den chaoinfhulaingt, den chlog, den riail, den luchógachas. Tá mé le buille a bhualadh in éadan an chórais, in éadan na cumhachta, in éadan na himpireachta, in éadan an Iarthair agus na staire. Tá mé le dealbh a bhaint anuas. Sea, dúirt mé é. Tá mé le dealbh a bhaint anuas.

Má tá cead ag daoine i mBaile Átha Cliath ionsaí a dhéanamh ar dhealbh Sheáin Russell, mothaím go bhfuil an ceart agam ionsaí a dhéanamh ar dhealbh de mo rogha féin i mBéal Feirste. Na habair le haon duine go fóill é, ach tá mé le dealbh Edward Carson taobh amuigh de Stormont a bhaint anuas. Cothrom na Féinne, a deirim, cur chuige uile-oileánda, thuaidh agus theas. Má dhéantar ionsaí ar dhealbh poblachtánach, ba cheart an rud céanna a dhéanamh ar dhealbh aontachtúil, nár cheart?

(Ní fiú é seo a fhágáil faoi Shinn Féin nó is breá leo Stormont; faigheann siad tuarasal ón áit. Beidh ar an luchóg neamhspleách seo tabhairt faoin obair.)

Sea, tuigim gur cheart go mbeadh meas agam ar thraidisiún eile polaitíochta. Tuigim go bhfuil neart fadhbanna againn mar shochaí cheana féin. Tuigim go mbíonn an stair casta. Tuigim go ngoillfeadh sé ar dhaoine áirithe dá ndéanfainn ionsaí ar dhealbh dá gcuid ach, sin an rud, is cuma leis an luchóg seo níos mó. Tá an luchóg seo ag iarraidh é féin a athchruthú mar leon.

Má tá Taoiseach na Teipthe, Leo Varadkar, den tuairim go bhfuil fadhb ann le dealbh Sheáin Russell, sílim gur cheart go dtuigfeadh sé go mbeadh fadhb ag daoine eile le Carson. Níl leithscéal ar bith aige gan an anailís chéanna a dhéanamh i gcás Carson de agus atá déanta aige i gcás Russell. Cad chuige nach mbeadh sé sásta dá mbíodh náisiúntóirí ag iarraidh dealbh Carson a bhaint anuas agus timpeallacht neodrach pholaitiúil a chothú agus siombail ghránna a scuabadh chun bealaigh?

Bhí Russell ag obair leis an Führer le gunnaí a thabhairt i dtír don IRA, a deir tú? Bhí comrádaithe Carson ag obair leis an Kaiser leis an rud chéanna a dhéanamh don UVF 30 bliain roimhe sin. D’fhoghlaim Russell an tseift ag Carson!

Chun na díge le Carson, a deirim, Saddam Hussein Uladh. Chun na díge leis. Bristear é. Baintear anuas é. Buailtear le bróga agus le camáin é. Há, bíodh agat, a Carson cháidhigh. Tá do chosa nite agus do dhealbh tite! Tiocfaidh ár luchóg!

Ar ndóigh, ó tharla gur luchóg shiosmaideach stuama mé, níl mé le ceap magaidh a dhéanamh díom féin. Dealbh an-mhór atá ann agus níor mhaith liom, tá a fhios agat, hames a dhéanamh den ghnó seo, mar a deir muid abhus in Ultais. Chan é. Ba mhaith liom jab deas Gaelach a dhéanamh de seo. Chuige sin, tá téad an-láidir faighte agam, súgán más mian leat, agus, slán beo a bheas muid, beidh rath ar chasadh an tsúgáin seo.

Faraor, tá mé sna 50idí anois agus níl mé chomh lúfar agus a bhí. Tá tarracóir de dhíth orm, Massey-Ferguson deas, má tá ceann le spáráil ag duine ar bith. Ó, an íoróin, Carson a bhaint anuas le Massey-Ferguson!

Fág freagra ar 'Na habair le haon duine é, ach tá mé le dealbh Edward Carson taobh amuigh de Stormont a bhaint anuas'

  • Paul Laughlin

    Ba mhaith liom é sin a fheiceáil. Leoga, íocfainnse as an radharc sin, Carson ar a chaomhnú!