Na Gardaí fós ag lorg eolais faoi dhá dhrochthimpiste i nGaeltacht Chonamara a d’fhág ceathrar san ospidéal

Ba as an gceantar ceathrar fear a gortaíodh in dhá thimpiste bhóthair a tharla i gConamara ag an deireadh seachtaine

Na Gardaí fós ag lorg eolais faoi dhá dhrochthimpiste i nGaeltacht Chonamara a d’fhág ceathrar san ospidéal

Tá na Gardaí i mBóthar na Trá sa Ghaillimh fós ag lorg eolais ó aon duine a mbeadh a leithéid acu faoi dhá thimpiste bhóthair a tharla i nGaeltacht Chonamara le linn an deireadh seachtaine saoire bainc.

Oíche Dé Domhnaigh ar an Tulach i gConamara thit fear óg sna fichidí de chúl mionbhus ar bhóthar na Ceathrún Rua idir 10.50pm -11.15pm. 

Gortaíodh an fear óg, arb as an gceantar dó, go dona san eachtra. Tógadh é chuig Ospidéal Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in otharcharr agus aistríodh é chuig ospidéal i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. 

Bhain an timpiste eile le heachtra inar bhuail dhá charr in éadan a chéile sa Pháirc Thoir ar an mbóthar idir na Forbacha agus an Spidéal thart ar 8.15pm oíche Dé Sathairn. Tugadh triúr go dtí Ospidéal Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an bheirt fhear a bhí i gceann de na carranna agus an fear a bhí sa charr eile.

Tuigtear gur daoine ón áit an triúr. 

Bhí an bóthar dúnta thar oíche tar éis na timpiste le go bhféadfadh na Gardaí imscrúdú teicniúil a dhéanamh ar an láthair.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a mbeadh eolas acu faoi cheachtar timpiste teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i mBóthar na Trá ag 091 514720, nó glaoch a chur ar líne rúnda na nGardaí ag 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Na Gardaí fós ag lorg eolais faoi dhá dhrochthimpiste i nGaeltacht Chonamara a d’fhág ceathrar san ospidéal'