Na Gardaí den tuairim gur ‘duine amháin sa teach’ ba chúis le bás cúigir i dtragóid teaghlaigh

Cuireadh fios ar na Gardaí go dtí teach i gceantar Bhaile Shéamais Dhuibh ar maidin, áit ar thángthas ar choirp chúigear den teaghlach céanna

Ballyjamesduff
Pictiúr: RTÉ

Tá ráiteas eisithe ag an INTO tráthnóna faoin eachtra i gContae an Chabháin inar bhásaigh cúigear, múinteoir i Scoil Náisiúnta Chaisleán Raithin ina measc.

Tá na Gardaí ag glacadh leis gur féinmharú agus dúnmharú a bhí i gceist le bás an teaghlaigh i mBarconey, baile fearainn gar do Bhaile Shéamais Dhuibh.

Ainmníodh tráthnóna athair an teaghlaigh, Alan Hawe, múinteoir i Scoil Náisiúnta Chaisleán Raithin, a pháistí, Niall, Ryan agus Liam Hawe, agus a máthair Clodagh.

Ba mhúinteoir í Clodagh chomh maith agus í ag múineadh i Scoil Náisiúnta Bhaile Órthaí sa Mhí.

Dúirt Príomhoide Scoil Náisiúnta Chaisleán Raithin, Anne Foley, gur “tragóid uafásach” a bhí ann don scoil agus don phobal.

Ba bhall foirne a raibh an-mheas air é Alan Hawe, a dúirt an Príomhoide agus thug sí le fios gur daltaí sa scoil Niall agus Ryan agus gur iarscoláire Liam.

“B’iontach na páistí iad agus aireoidh a lucht aitheantais ar fad uathu go mór iad,” a dúirt Príomhoide Scoil Náisiúnta Chaisleán Raithin, Anne Foley.

Dúirt Ann O’Kelly Lynch, Príomhoide Scoil Náisiúnta Bhaile Órthaí, mar a raibh Clodagh ag múineadh, go rabhthas “faoi bhrat bróin” ag an “tragóid uafásach”.

“Ba mhór an meas agus cion a bhí ag daoine ar Chlodagh mar bhall foirne agus is cinnte go mbraithfidh a lucht aitheantais uathu go mór í,” a dúirt Príomhoide Scoil Náisiúnta Bhaile Órthaí.

Cuireadh fios ar na Gardaí go dtí teach i mbaile fearainn Bharconey ar maidin, áit ar thángthas ar choirp an chúigir. Fear sna daichidí ab ea Alan Hawe agus bhí Clodagh sna tríochaidí. Bhí an triúr mac 13, 11 agus sé bliana d’aois.

Tá an ceantar inar tharla an eachtra dúnta agus Biúró Teicniúil an Gharda Síochána agus Paiteolaí an Stáit i mbun fiosrúcháin.

Tá oibrithe de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ag cur comhairle ar fáil do na scoileanna.

Deir na Gardaí gur cuireadh fios ar dtús orthu ag 10.45am nuair a bhuail amhras cuairteoir chun an tí.

Le linn a gcuardaigh, tháinig na Gardaí ar thrí chorp thuas staighre agus dhá chorp thíos staighre. Níor thángthas ar aon airm sa teach agus níl amhras ar na Gardaí faoi éinne eile i dtaobh na heachtra.

Dúirt an Coimisinéir Cúnta John O’Driscoll tráthnóna na Gardaí gur dóigh go bhfuil “freagra na gceisteanna ar fad taobh istigh den teach féin”.

“Is é is dóichí ná gur duine amháin sa teach a thug bás na ndaoine eile. Fiosrófar gach gné den scéal,” a dúirt O’Driscoll.