Na Gardaí ag cuidiú le póilíní Londan le fiosrú faoi fheistí pléascacha a seoladh as Éirinn

Chuir rannóg frithsceimhlitheoreachta Phóilíní Chathair Londan tús le fiosrúchán nuair a thángthas ar bearta a raibh amhras fúthu

Na Gardaí ag cuidiú le póilíní Londan le fiosrú faoi fheistí pléascacha a seoladh as Éirinn

Tá an Garda Síochána ag cabhrú le póilíní Londan atá i mbun fiosraithe faoi thrí fheiste phléascach sheiftithe a aimsíodh sa chathair sin.

Tuairiscítear go raibh stampaí de chuid na hÉireann ar dhá cheann de na bearta.

Measann lucht Scotland Yard go bhfuil ceangal idir na trí eachtra.

Chuir rannóg frithsceimhlitheoreachta Phóilíní Chathair Londan tús le fiosrúchán nuair a thángthas ar na bearta, i seomra an phostais ag stáisiún Waterloo, ag ionad in aerfort City agus ar thailte aerfort Heathrow. 

Málaí poist bána A4 a bhí sna bearta ar fad agus málaí Jiffy thíos iontu. Thug na póilíní le fios go bhféadfadh na trí fheiste tine bheag a lasadh agus nach dócha go raibh sé i gceist ag lucht a seolta aon duine a mharú.

Níltear cinnte go fóill cén t-údar a bhí le seoladh na bpacáistí agus intinn oscailte atá ag na póilíní faoin scéal.

Fág freagra ar 'Na Gardaí ag cuidiú le póilíní Londan le fiosrú faoi fheistí pléascacha a seoladh as Éirinn'