Ní hiontas gur giortach go maith atá an liosta de pheileadóirí agus d’iománaithe ar éirigh leo bonn Chraobh na hÉireann (sinsir) a thabhairt leo as Páirc an Chrócaigh an chéad lá riamh a bhfuaireadar deis imeartha lena gcontaetha – ach tá a leithéid ann.
Feictear dom gurb iad muintir Chill Chainnigh is líonmhaire ar an liosta.
Ocht mbliana ó shin agus iad faoi réir le tabhairt faoi Ghaillimh in athimirt 2012 bhailigh Brian Cody a chuid imreoirí le chéile ar Pháirc an Nuallánaigh. Trí seachtaine roimhe sin d’fhág cúilín de chuid Joe Canning na foirne ar comhscór agus bainisteoir Chill Chainnigh ag imeacht as a chranna cumhachta mar gur mheas sé nach raibh aon fheall déanta ar Davy Glennon.
Cody níos ciúine a thug faoin gcruinniú deireanach a bheadh idir é agus a chuid iománaithe an bhliain sin sa dún daingean inar leagadh amach na scórtha nó fiú na céadta fogha faoi choimhlintí móra. Fós is é is dócha go raibh roic ar mhalaí go leor nuair a tugadh le fios go mba ógánach scór bliain nach raibh oiread agus nóiméad amháin d’iománaíocht chraoibhe shinsearaí imeartha aige a chaithfeadh geansaí uimhir 14 ar an Domhnach.
Chuir sé i bhfad níos mó iontais ar an gcuid eile againn, ach ansin ní raibh a fhios againne go raibh Walter Walsh beagnach dhá mhéadar ar airde agus go raibh sé féin agus Jackie Tyrrell ag baint aithinníocha as a chéile le linn na traenála a bhí déanta lá an chomhscóir.
Agus deich nóiméad caite san athimirt scóráil Walter cúilín. Díreach ina dhiaidh sin chruthaigh sé ceann do Henry Shefflin agus faoin 24ú nóiméad chúitigh an ‘Ri’ a fhlaithiúlacht. Isteach sa dara leath bhain Walter croitheadh as an eangach agus faoin am ar shocraigh a bhainisteoir go raibh a dhóthain déanta aige agus 10 nóiméad fanta, fuair sé bualadh bos agus na gártha molta ó lucht leanta Chill Chainnigh nach minic leo a thabhairt.
Tá Walter Walsh ag imirt i gcónaí dar ndóigh, ach tá scéal ag baint freisin leis an gcaoi ar bhuaigh Ned Kavanagh as Áth na nUrlainn a bhonn féin i 1947 – roimhe ná ina dhiaidh níor imir sé siúd ar fhoireann an chontae.
Ábhar sagairt a bhí ann ag an am agus níor imir sé i gCraobh Laighean 1947 ná sa gcluiche a bhuaigh siad ar Ghaillimh i gCluiche Leathcheannais na hÉireann. In aghaidh Chorcaí sa gcluiche ceannais gortaíodh an leathchúlaí láir Peter Prendergast agus fuair Ned Kavanagh deis a dhul chun páirce agus bhuaigh said le cúilín amháin.
Bhí sé oirnithe ina shagart agus réidh le tabhairt faoi na Stáit Aontaithe an bhliain dár gcionn. Bhásaigh sé in Sacramento cúpla bliain ó shin, an té ab fhaide dá fhoireann a mhair, trócaire air.
Ba gan choinne freisin a roghnaíodh Tom McCormack ar fhoireann Chill Chainnigh a bhuaigh ar Luimneach i gCluiche Ceannais 1974 – níor imir seisean ach an oiread sna cluichí a bhuaigh siad i gCraobh Laighean ar Uíbh Fhailí agus ar Loch Garman, ná sa gcluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe.
Fearacht Walter Walsh, ní raibh McCormack ach scór bliain d’aois nuair a thug sé bonn Chraobh na hÉireann leis sa gcluiche ba thúisce aige dá chontae. Bhuaigh sé ceann eile an bhliain dár gcionn agus choinnigh air ag iománaíocht do Chill Chainnigh go dtáinig 1983 nuair a chuir sé faoi i nGaillimh, áit ar imir sé leis an gCaisleán Gearr.
Corcaíoch as Cill na Mallach ab ea Tom O’Sullivan a bhuaigh bonn sinsir craoibhe i 1953, an chéad uair ar leag seisean é féin cos ar Pháirc an Chrócaigh. B’in i gceann de na cluichí ceannais ba chancraí a imríodh riamh – an Súilleabhánach a scóráil an cúl deireanach i mbua Chorcaí ar Ghaillimh 3-3, 0-8 i gcoimhlint a dtáinig lasair arís fúithi in óstán an tráthnóna céanna agus maidin lá arna mhárach.
Bhí trí Chraobh Faoi 21 as a chéile sa bpeil buaite ag Corcaíoch eile, Teddy McCarthy, faoin am a dtáinig 1986. Thug seisean tús áite don chluiche sin cé go raibh sé ar fhoireann iomána Faoi 21 i 1985 agus gur lean sé ar aghaidh ag lascadh na fuinseoige lena chlub.
De bharr feabhas a chuid iomána leo siúd a tugadh isteach ar phainéal na sinsear é i 1986, ach nuair nár cuireadh chun páirce é nuair a bhuaigh Corcaigh ar an gClár i gCluiche Ceannais na Mumhan mheas an Cárthach gur bheag é a sheans áit a bhaint amach ar fhoireann a raibh 5 Chraobh as a chéile buaite ansiúd acu. Ba ar na hOileáin Chanáracha ar saoire a bhí sé nuair a fuaireadar an ceann ab fhearr ar Aontroim i gCluiche Leathcheannais na hÉireann, go deimhin bhíothas i bhfoisceacht coicíse den chluiche ceannais nuair a d’fhill sé.
Gaillimh a bhí i gcoinne Chorcaí sa gceann sin freisin agus an-cheapadh dóibhsean siocair go raibh buaite acu ar Chill Chainnigh. Foireann thar a bheith meáite a bhí ag Corcaigh – Ger Cunningham, Jimmy Barry Murphy, John Crowley agus Tom Cashman páirteach i dtrí cinn de na ceithre chluiche ceannais a imríodh roimhe sin agus bunáite na n-imreoirí eile i bpéire acu.
Ach ainneoin nach raibh imeartha d’iománaíocht ag Teddy ach cluiche dúshláin in aghaidh Chiarraí, thug na roghnóirí áit dó ar dheis sa líne leath-thosaigh ar an lá mór agus tháinig siad aniar aduaidh ar Ghaillimh 4-13, 2-15.
D’imir McCarthy i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann na ceithre bliana a lean – bhuaigh an Mhí ar Chorcaigh faoi dhó (’87 & ’88), sular éirigh leo an ceann ab fhearr a fháil ar Mhaigh Eo agus díoltas a bhaint amach ar an gContae Ríoga.
Fág freagra ar 'Na gaiscígh arbh é cluiche ceannais na hÉireann a gcéad chluiche craoibhe dá gcontae…'