Ní haon ‘Super club’ é Na Gaeil Óga go fóill ach ní hin le rá nach bhfuil an cumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ag obair i dtreo na sprice sin.
Breis is dhá bhliain déag ó bunaíodh an cumann, tá thart ar 500 ball anois ag Na Gaeil Óga agus iad ag iarraidh é sin a dhúbailt laistigh de chúig bliana eile. Cé go bhfuil fás tagtha ar fhoirne fásta an chumainn le blianta beaga anuas agus foirne á gcur chun páirce sna ceithre chód, is iad na baill faoi aois is mó is cúis leis an mborradh.
Chuir Na Gaeil Óga tús le hacadamh d’imreoirí faoi aois in 2014 agus tá 300 gasúr ar fad, buachaillí agus cailíní, ag traenáil agus ag imirt le foirne an chumainn faoin tráth seo. Bliain stairiúil a bhí in 2022 agus a gcéad chomórtas buaite ag ceann d’fhoirne faoi aois Na nGael Óg nuair a bhuaigh an fhoireann camógaíochta faoi 13 an sciath. Ghlac an club céim mhór eile an mhí seo nuar a bhí foireann peile faoi 15 na mbuachaillí páirteach i bhFéile na nGael den chéad uair.
Céimeanna tábhachtacha iad seo ó thaobh rath an chumainn sa todhchaí. Is ag brath ar imreoirí fásta a mhealladh ó chlubanna eile nó daoine a spreagadh chun tabhairt faoi na cluichí gaelacha den chéad uair riamh a bhíonn Na Gaeil Óga chun imreoirí a fháil dá gcuid foirne fásta. Fágann sin nach féidir a bheith cinnte i gcónaí cén líon imreoirí a bheidh agat an bhliain seo chugainn ach laghdófar an brú sin faoi cheann cúpla bliain nuair a bheidh imreoirí óga an chumainn ag teacht in aois agus ag imirt leis na foirne fásta.
“Tá muid ag iarraidh an ceangal sin [idir na foirne faoi aois agus na foirne fásta] a dhéanamh agus tá na blianta seo thar a bheith tábhachtach ina thaobh sin,” a deir Ailbhe Ní Riain, Oifigeach Forbartha Cluichí leis Na Gaeil Óga.
Chun cuidiú leis an obair thábhachtach sin, tá an cumann anois ag iarraidh Oifigeach Forbartha Cluichí eile a earcú chun dul i mbun oibre le Ní Riain agus iad ag fáil réidh don ré nua. Baineann dúshláin ar leith le foirne do dhéagóirí a fhorbairt, a deir sí, agus iad a ullmhú d’fhoirne fásta.
Ní hé go bhfuil deireadh leis an obair imreoirí nua a fháil áfach, go háirithe faoi aois. Mar a deir Ní Riain, bíonn dhá fhoireann faoi 8 ag tosú chuile bhliain, idir chailíní agus bhuachaillí, agus obair thábhachtach dá cuid na himreoirí sin agus a dtuismitheoirí a mhealladh.
“Gach seachtain, téim timpeall ar na gaelscoileanna uile atá i Leamhcán agus Léim an Bhradáin. Bím ag obair leis na daltaí go léir ó na Naíonáin go dtí Rang a Sé ag díriú ar an pheil agus an iomáint agus ag iarraidh an nasc idir na scoileanna agus Na Gaeil Óga a dhéanamh níos láidre. Bíonn muid ag iarraidh go dtuigfeadh siad gur teanga bheo í an Ghaeilge agus gur pobal muid seachas foireann spóirt amháin.”
Tá Ní Riain i mbun céim mháistreachta sa tsíceolaíocht spóirt i láthair na huaire agus deir sí go bhfuil an nasc idir an teanga agus an spórt an-láidir sna gasúir.
“Bíonn go leor rudaí ag tarlú leis an teanga agus an spórt, go háirithe ag an aois sin, agus tá muid ag iarraidh go dtitfeadh siad i ngrá le CLG agus le haclaíocht ach, go dtuigfeadh siad ag an am céanna go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an nGaeilge agus an spórt go fadtéarmach seachas a bheith ag díriú amháin ar an Fhéile a bhuachan nó pé rud.”
Caitheann Ní Riain an-chuid ama freisin ag obair le tuismitheoirí na ngasúr, cuid acu nach bhfuil aon Ghaeilge nó aon taithí acu ar Chumann Lúthchleas Gael, chun iad a thabhairt isteach sa chumann agus tá sí ag réiteach plean straitéise faoi láthair do na chéad trí bliana eile ag Na Gaeil Óga.
“Roimhe seo, bhíodh deichniúr nó scór ag déanamh gach rud sa chumann agus bhí sé sin togha nuair a bhí 100 nó 200 ball againn ach is club mór muid anois. B’fhéidir nach ea i gcomhthéacs na gclubanna eile i mBaile Átha Cliath, ach cinnte i gcomparáid le go leor clubanna eile sa tír, agus tá muid ag iarraidh an pobal mór sin a thabhairt le chéile.”
Céim eile i dtreo ‘Na Gaeil Fhásta’ a fhorbairt.
Is féidir eolas a fháil anseo ar an bhfolúntas atá ag Na Gaeil Óga d’Oifigeach Forbartha Cluichí
Fág freagra ar 'Na Gaeil Óga ag fáil réidh chun an chéad chéim eile a thabhairt'