Na Gaeil i gcoinne a chéile arís inniu sa Pro 14

Is é an deireadh seachtaine seo sa bPro 14 an t-aon deis atá ag foirne bainistíochta na gceithre chúige snas a chur ar imirt na bhfoirne roimh dhúshláin na hEorpa

Na Gaeil i gcoinne a chéile arís inniu sa Pro 14

Pictiúr: INPHO/Brian Little

Is cinnte gur thug na cúigí léargas dúinn ar cé chomh folláin agus atá an cluiche gairmiúil rugbaí sa tír seo agus iad ag imirt i gcoinne a chéile le coicís anuas. Bhí na cluichí a chonaic muid thar barr ar fad agus an toradh i gcuid acu fós gan socrú agus gan fágtha ach cúpla nóiméad imeartha. Sin díreach mar a tharla idir Cúige Mumhan agus na hUltaigh i mBéal Feirste ar Lá Chinn Bliana agus idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean san RDS ar an lá céanna.

Bhí an lá leis na hUltaigh agus na Laighnigh sna cluichí  sin ach ní raibh ach scór amháin idir na foirne. An tseachtain roimhe sin bhain fir na Gaillimhe croitheadh as na hUltaigh ar an mBóthar Beag, díreach mar a rinne na Laighnigh agus iadsan ag náiriú na Muimhneach i Luimneach.

Is i gcoinne a chéile a bheas na Gaeil ag imirt arís inniu. Is cinnte gurb iad na spriocanna céanna a bheidh i gceist arís sna cluichí seo: bród, mórtas, cúis cheiliúrtha agus dul chun cinn  ar thábla an Pro 14 chomh maith. Ach an Satharn seo, beidh sprioc amháin eile san áireamh, sin an choimhlint i mBabhta 5 de Chorn na gCuradh agus Corn an Dúshláin atá ag drannadh leis na cúigí faoi cheann seachtaine. Ciallaíonn sin gurb é an deireadh seachtaine seo sa bPro 14 an t-aon deis atá ag foirne bainistíochta na gceithre chúige snas a chur ar imirt na bhfoirne roimh an dúshlán ollmhór sin.

Is iad na Laighnigh agus iad ag cur fáilte roimh na hUltaigh go dtí an RDS, an dá fhoireann is túisce chun páirce an Satharn seo, agus iadsan ag súil le tógáil ar an tsár-imirt a chonaic muid uathu le cúpla seachtain anuas. Beidh na Laighnigh ag iarraidh na deacrachtaí a bhí acu sa gcosaint, ach go háirithe, a cheartú. Maidir leis na hUltaigh, beidh siadsan ag iarraidh leanacht leis an imirt a chonaic muid uathu sa dara leath i gcoinne na Mumhan  ar an Luan. Ach is cinnte go mbeidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh an imirt i gcoinne Chúige Chonnacht agus sa gcéad leath i gcoinne na Mumhan a chur glan as a gcuimhne. Seans go mbeidh sé an-deacair acu an sprioc sin a bhaint amach sa gcluiche seo, seans go bhfuil Cúige Laighean róláidir, ní hamháin do Chúige Uladh ach do bheagnach chuile fhoireann atá ag imirt sa bPro 14 faoi láthair.

Sa mbaile a bheas Cúige Mumhan sa dara cluiche an Satharn seo agus iad i gcoinne na gConnachtach,  foireann a fuair an lámh in uachtar orthu i mBabhta 7. Bhí mí-ádh ar Chúige  Chonnacht nár éirigh leo Cúige Laighean a chloí san RDS an Luan seo caite. Tá de mhí-ádh orthu arís an Satharn seo go bhfuil orthu dul chun páirce i gcoinne foireann atá faoi bhrú damanta de bhrí gur chaill siad an dá chluiche deiridh a d’imir siad i gcoinne Chúigí Laighean agus Uladh. Ní bheidh glacadh ar bith ag foireann bainistíochta, imreoirí ná ag  lucht leanta na Mumhan leis an tríú cailliúint i gcoinne chúige eile. Ná bíodh aon dul amú ort, ní bheidh ach leathshúil ag na Muimhnigh ar Chorn na gCuradh atá fós le teacht. Bua, díoltas agus maithiúnas a bheas uathu. Mar a dúirt mé seans gur mór an mí-ádh atá ar Chúige Chonnacht gurb iadsan na céilí comhraic i bPáirc Thuamhan an Satharn seo.

Fág freagra ar 'Na Gaeil i gcoinne a chéile arís inniu sa Pro 14'