Na Gaeil a d’imigh ar shlí na Fírinne in 2018…

Bhí Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, agus duine de ríthe litríocht na Gaeilge, Liam Ó Muirthile, i measc na nGael ar fhág a n-imeacht uainn pobal na teanga faoi bhrón in 2018

Na Gaeil a d’imigh ar shlí na Fírinne in 2018…

Is iomaí Gael mór a d’imigh ar shlí na fírinne in 2018, ina measc Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, agus duine de ríthe litríocht na Gaeilge, Liam Ó Muirthile.

Mí Dheireadh Fómhair a cailleadh Rí Thoraí, a bhí ar dhuine de mhórphearsana shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar ealaíontóir, mar cheoltóir, mar fheachtasóir agus mar ambasadóir don oileán Gaeltachta amach ó chósta Dhún nan Gall.

I mí na Bealtaine a fuarthas an drochscéala go raibh Liam Ó Muirthile, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann, tar éis bháis.

Scríbhneoir ildánach ab ea an Muirthealach, a rugadh i gcathair Chorcaí i 1950, a bhain aitheantas amach as feabhas a chuid saothair mar fhile, mar dhrámadóir, mar úrscéalaí agus mar iriseoir. 

I measc na scríbhneoirí eile a cailleadh in 2018 bhí an drámadóir ildánach Aodh Ó Domhnaill a bhásaigh go tobann i mí Eanáir agus é i mbun na hoibre ab ansa leis ag a dheasc scríbhneoireachta.

Cé gur mar aisteoir agus drámadóir cumasach ba mhó a bhí aithne air le blianta fada, file ba ea é leis agus ba mar chumadóir amhrán a chuir sé tús lena shaol mar scríbhneoir.

Mí an Mhárta a bhásaigh Nioclás Mac Craith ó Rinn Ua gCuanach, duine de mhórGhaeil na Gaeltachta agus na hÉireann. Áiríodh an Craitheach, a bhí 94 bliain d’aois, ar an saineolaí is mó a bhí ann ar stair, ar sheanchas, ar chraobhacha ginealaigh, ar litríocht agus ar Ghaodhluinn Ghaeltacht na nDéise.

Bhí bás Gaeil eile, Emma Mhic Mhathúna a raibh cónaí uirthi i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, i measc mhórscéalta nuachta 2019. Bhí cás na máthar óige, duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck, go mór i mbéal an phobail ó cuireadh faoi agallamh ar dtús í ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí Emma Mhic Mhathúna 37 bliain d’aois agus cúigear clainne uirthi agus moladh go hard í as a chróga is a labhair sí amach faoin gconspóid.

Bhásaigh duine de mhór-amhránaithe sean-nóis na hÉireann Nan Ghriallais mí na Samhna i ndiaidh tamall fada easláinte.

Duine ab ea Nan Ghriallais, nó Áine Uí Fhátharta, de mhuintir Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile i gConamara, clann mhór le ceol agus amhráin a bhfuil a gcáil i bhfad agus i ngearr mar gheall ar a máistreacht mar fhonnadóirí sean-nóis.

Ba í Nan Ghriallais an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada nuair a thug sí an corn sin léi ag Oireachtas na Gaeilge i 1973. 

Ba bhoichte go mór saol an cheoil chomh maith nuair a d’éag Mícheál Ó Súilleabháin, ceoltóir, cumadóir agus oideachasóir ar leith a rinne athrú chun feabhais ar cheol na hÉireann.

I measc na gceoltóirí mór le rá eile a d’imigh uainn in 2018 bhí Liam Ó Floinn, máistir críochnaithe ar cheird na píobaireachta, agus Alec Finn, a raibh aithne i bhfad agus i ngearr air mar gheall ar an stíl cheoil ar leith a bhí aige ar an mbasúcaí.

D’imigh uainn in 2018 freisin cuid mhaith ceannairí pobail agus pearsana móra Gaeltachta, ina measc Séamus Ó Flaithearta, an fear pobail agus gníomhaí ar son na n-oileán as Fearann an Choirce, Inis Mór a bhásaigh mí Lúnasa.

D’fhág bás Aingeal Ní Chonghaola, múinteoir scoile agus gníomhaí teanga as Cill Bhriocáin, Ros Muc, ó dhúchas méala mór ar phobal Chonamara i mí Eanáir. Baineadh croitheadh eile as an bpobal sin mí Aibreáin nuair a bhásaigh Shane Cuffe, Garda 39 bliain d’aois, go tobann agus é ar dualgas i gConamara.

I mí Eanáir a bhásaigh Bríd Uí Loideáin i mBostún, bean a mhúnlaigh áit ar leith, agus stádas ar leith, do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus mí na Samhna cailleadh Edna Ní Chinnéide, iarmhúinteoir a bhí ina crann taca ag pobal Chorca Dhuibhne agus ag oidhreacht an Bhlascaoid.

Bhí an t-oideachasóir agus léachtóir as Sráid na Cathrach Úna Uí Rócháin, a fuair bás mí Feabhra, ar dhuine de na Gaeil ab aitheanta i gContae an Chláir.

Oideachasóir eile den scoth ab ea an tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin, oibrí díograiseach pobail agus carthanachta a bhí dílis don Ghaeilge agus a bhásaigh mí an Mhárta.

Buille mór do shaol an léinn ab bás an scoláire Gaeilge agus údar Logainmneacha Mhaigh Eo Fiachra MacGabhann mí Eanáir. 

Ba as na Creagacha Dubha i gContae Lú Fiachra Mac Gabhann, ach bhí cónaí air i bPartraí i Maigh Eo, mar a raibh sé ag teagasc i gColáiste Breisoideachais Chaisleán an Bharraigh.

I mí Aibreáin bhásaigh Liam Devally, oideachasóir, amhránaí, craoltóir, dlíodóir agus breitheamh a bhain cáil mhór amach le linn na seachtóidí agus é ina láithreoir raidió le RTÉ.

I mí na Bealtaine a cailleadh an t-iriseoir aitheanta agus Gaeilgeoir líofa as Dún na nGall Tony O’Callaghan agus bhásaigh an t-iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ceoltóir aitheanta as Baile Bhúirne Seán Ó Loingsigh i mí an Mheithimh.

Bhí Gaeil Bhéal Feirste faoi scamall bróin ag tús na bliana nuair a bhásaigh Seán Mac Aindreasa as Íochtar Bhóthar na bhFál. Duine de mhórghníomhaithe teanga Bhéal Feirste ab ea é agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Bhunscoil Phobal Feirste agus ‘Gaeltacht uirbeach’ Bhóthar Seoighe.

Briseadh nasc tábhachtach i scéal na Gaeilge i gcathair Ard Mhacha le bás Mháire Bean Uí Ádhmaill i mí Mheán Fómhair. Bhí sí ar an duine deireanach den ghlúin a choinnigh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach beo sa chathair ar feadh na mblianta sa chéad seo caite.

Bhí muintir chontae Dhoire faoi bhrón mí Eanáir chomh maith nuair a cuireadh Shauna Nic Somhairle, cúntóir ranga i nGaelscoil Léim an Mhadaidh agus Gaeilgeoir óg díograiseach, faoin bhfód.

Tháinig tinneas tobann ar Shauna Nic Somhairle agus cé go raibh sí in otharlann Alt na nGealbhán ar feadh seachtaine agus na céadta tástálacha fola déanta uirthi, fuair sí bás agus gan í ach 20 bliain d’aois.

I measc na nGael aitheanta eile a cailleadh in 2018 bhí an Dr Eithne Conway Magee, Gael agus Gaeilgeoir dílis a thóg a clann le Gaeilge sa Ghaillimh agus a chabhraigh ar feadh a saoil le cuid de na daoine is leochailí sa chathair sin.

I mí Mheán Fómhair a tháinig an drochscéala go raibh Seosamh Ó Conchúir ar lár. Bhí aithne mhór ag Gaeil na hardchathrach ar an gConchúrach a thug blianta fada ina bhainisteoir ar Chlub Chonradh na Gaeilge.

I mí Dheireadh Fómhair bhásaigh Paddy Duffy, iarphríomhoide scoile agus iarchomhairleoir leis an iarThaoiseach Bertie Ahern a bhíodh le cloisteáil go minic ag plé cúrsaí polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Na Gaeil a d’imigh ar shlí na Fírinne in 2018…'